Brú damanta ar Leo Cullen, bainisteoir nua na Laighneach

Cé go bhfuil scíth de chineál ag an imreoir is tríocha atá ar phainéal an Choirn Dhomhanda, ní hionann an cás acu siúd atá fós sa mbaile agus atá dírithe go huile is go hiomlán ar an bPro 12 faoi láthair

Leo Cullen. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is ag Cúige Laighean amháin atá buntáiste an bhaile an deireadh seachtaine seo agus iad san RDS ar thóir rudaí a chur ina gceart ón mbualadh cúig phointe (16 – 9) a fuair siad i nDún Éideann i mBabhta a hAon. Caerdydd a bheas sa mbearna i gcoinne Chúige Laighean an Satharn seo agus borradh fúthu siúd an bua (61 – 13) a bhí acu ar Zebre Dé Domhnaigh seo caite, toradh agus tús iontach ón bhfoireann a bhí sa naoú háit ag deireadh an tséasúir seo caite, gar do Zebre a bhí ar bhun an tábla chéanna.

Fágann seo brú damanta ar Leo Cullen, bainisteoir nua na Laighneach ina chéad chluiche baile san RDS. Ní dóigh gur róshásta a bheas lucht leanta Chúige Laighean má theipeann air arís in imeacht seacht lá.

Ach roimhe sin, Dé Aoine, beidh triall na gConnachtach ar Scotstun i nGlaschú, le tabhairt faoi na Warriors, curaidh an chomórtais. Níor cheart go mbeadh fir na Gaillimhe gan misneach ná dóchas. Bhí bua cuimsitheach acu ar na Dragons i mBathta a hAon in ainneoin gur ar an mBóthar Beag a bhí siad ag imirt, ach níos tábhachtaí ná sin, theip ar na curaidh sa mbabhta céanna, agus fuair na Scarlets bua (16 – 10) orthu sa mbaile i Scotstoun. Seans maith go mbeidh na Warriors ar thóir díoltais ar an Aoine seo. Ní mór d’fhir Phat Lam a bheith ar a n-aire!

Sa mBreatain Bheag i bParc y Scarlets a bheas na hUltaigh an Satharn seo agus iad i gcoinne na Scarlets. Seo dhá fhoireann a fuair an lámh in uachtar ar a bhfreasúra (Ospreys agus na Warriors faoi seach) an deireadh seachtaine seo caite. Ní bheidh mórán idir na foirne seo ach seans go mbeidh tionchar ag imirt sa mbaile ar thoradh an chluiche seo. Seo dhá fhoireann atá lagaithe go mór de bharr imreoirí a bheith ar dualgas an Choirn Dhomhanda. Mar sin féin ba cheart go mbeadh sár-choimhlint sa gcluiche seo.

Dhá fhoireann a raibh an bua acu i mBabhta a hAon, na Muimhnigh agus na hOspreys, a bheas i gcoinne a chéile i Liberty Stadium na Breataine Bige an Domhnach seo. Foirne iad seo freisin atá gan imreoirí idirnáisiúnta de bharr dualgais eile. Arís, seans gur ag fir an bhaile, na hOspreys, atá an buntáiste.  Beidh siad ar a míle dícheall cur leis an gcáil atá orthu anois curaidh a chloí – féach a ndearna siad leis na Warriors.

Cé gur fada an lá ó bhí na Muimhnigh i gcampa na gcuradh, is cinnte go gcreideann foirne na Breataine Bige go bhfuil stádas ar leith acu agus gur fiú tréaniarracht a dhéanamh uair ar bith a bhíonn siad sa mbaile.

Fág freagra ar 'Brú damanta ar Leo Cullen, bainisteoir nua na Laighneach'