15 bronntanas Nollag ag an nóiméad deireanach…

Tá féiríní deasa ar phraghsanna éagsúla idir €5 agus €80 roghnaithe ag ár gcomhfhreagraí don té atá ar thóir inspioráide agus an Nollaig buailte linn

15 bronntanas Nollag ag an nóiméad deireanach…

Ba cheart faoin am seo go mbeadh formhór na mbronntanas ceannaithe againn ar fad ach má tá sibh cosúil liomsa seans maith go bhfuil neart siopadóireachta le déanamh fós. Bíonn an baol ann i gcónaí go rachaidh daoine ag piocadh táirgí faisin, áilleachta agus cúram cnis d’fhir agus do mhná ag an tráth seo bliana agus gur airgead amú a bheidh i gceist agus gur fágtha ar sheilf sa seomra folctha nó sa seomra codlata a bheidh siad.

Tá neart táirgí gan tairbhe ar an margadh go cinnte agus ní hionann pacáistiú gleoite agus fiúntas.

Measaim gur cheart ar a laghad roinnt iarrachta a dhéanamh agus na bronntanais seo a roghnú le go mbeadh fáilte rompu agus maitheas éigin iontu.

Seo rogha atá curtha le chéile agam do dhaoine a bheadh ar thóir inspioráide ag an nóiméad deireanach. Bheadh fáilte roimh chuid acu seo mar phríomhbhronntanas nó mar fhéiriní beaga don stoca.

1. Jouer Cosmetics Long-Wear Lip Crème Liquid Lipstick

Jouer Cosmetics Long-Wear Lip Crème Liquid Lipstick

Seo an béaldath i bhfoirm leachta is fearr ar fad atá ar an margadh i mo thuairim féin  – fanann sé ort an lá ar fad agus tá rogha dathanna áille ar fáil. Taitníonn an dath Cabernet ó Cult Beauty (€17), atá an-oiriúnach mar dhath don Nollaig, go mór liom féin.

 

2. Sally Hansen Complete Salon Manicure Nail Colour

Sally Hansen Complete Salon Manicure Nail Colour

Tá seo ar fáil i Boots ar €8.99 agus is é an dath Enchanté a thaitníonn liom féin. Aon uair a chaithim an vearnais iongan seo cuireann duine éigin ceist orm faoi! Tá an dath áirithe seo sách neodrach gur féidir é a chaitheamh le haon chulaith. Ní theastaíonn ach dhá chóta éadroma agus mairfidh sé ar feadh na seachtaine ar fad.

 

3. Pitseámaí le smutmhadra orthu ó Topshop ar €38.00.

Snug Pug

Seo pitseámaí áille cosa fada a choinneoidh deas te teolaí tú. Tá pictiúr de smutmhadra gleoite orthu. Ó tharla nár cheart madra a cheannach d’aon duine faoi Nollaig, seo plean B, pictiúr de smutmhadra!

 

4. Cluasáin ó H&M ar €29.99.

Bailiúchán nua de chuid H&M ar a dtugtar ‘Happy Plugs x H&M’ – an teicneolaíocht agus an faisean. Tá 10 ndath éagsúla ar fáil.

 

5. Mála ‘Crossbody’ ó Zara ar €15.95.

Seo mála iontach a bheadh feiliúnach don oíche nó don lá. Dath dubh atá roghnaithe agam féin mar gur féidir é a mheaitseáil le héadaí ar go leor dathanna. Margadh maith é ar an bpraghas sin.

 

6. Pestle & Mortar Superstar ar €76

Retinol-Night-Oil-Superstar-Seeds

 Tá seo ar fáil i gcuid mhaith cógaslann ar fud na tíre ach tá sé ar fáil freisin ó shuíomh gréasáin an chomhlachta agus seachadadh saor in aisce á thairiscint acu. Ola oíche í seo atá déanta as meascán den abhacád, jojoba agus ola shíol na gcaor fíniúna ann atá thar cionn le déileáil le roic, aicne, agus méid na bpóireanna sa chraiceann.

 

7. Beautyblender ar €22 i Boots.

Beautyblender ar €22 i Boots

An spúinse smididh is fearr ar fad, i bhfad níos fearr ná aon scuab. Ceannaigh é seo d’aon duine a bhfuil suim acu sa smideadh agus beidh siad thar a bheith sásta – ní fhéadfá do dhóthain acu seo a bheith agat.

 

8. Looped Bangle ó COS ar €25

Looped Bangle ó COS

Do dhaoine gur maith leo seodra, seo bráisléad galánta a bhfuil dearadh snasta air agus é ar dhath órga an róis. Bheadh seo go deas le cur le huaireadóir nó le cúpla bráisléad eile.

 

9. Escentric Molecules ‘Escentric 01’

 

Caithfidh tú dul chomh fada le Brown Thomas chun an cumhrán a fháil agus tá €38.00 air. Cumhrán neamhghnách é seo atá déanta as comhábhar ar a dtugtar ‘Iso E Super’ – meascann sé le boladh do chraicinn féin agus cruthaíonn sé cumhrán atá go hálainn ach a bheidh difriúil ar gach duine.

 

10. Invisibobble Traceless Hair Ring

Invisibobble Power Review

 Tá seo ar fáil ó Boots ar €4.99 agus iontach mar bhronntanas beag in íochtar an stoca Nollag don té a bhfuil gruaig fhada uirthi. Ní ghortaíonn siad thú agus do ghruaig á cur in airde agat leis an bhfáinne seo agus ní fhágann sé aon mharc ná rian ar do ghruaig tar éis duit é a bhaint díot arís. An-úsáideach agus an-simplí.

 

11.  COS Card Holder

Seo bronntanas beag do na fir ar €19. Leathar bog mín agus COS greanta air lena chuid cártaí bainc agus cártaí aitheantais eile a choinneáil go néata. Tá áit anseo do chúig chárta sa vallait bheag  seo atá simplí ach faiseanta.

 

12. Khaki Beanie ó Topshop ar €9.00.

Ní bhíonn an iomarca caipíní ná hataí riamh ag duine an tráth seo bliana. Ceann deas bog é seo ar dhath álainn don am seo den bhliain.

 

13. Scairf theolaí ó H&M

Ceann eile do na fir, ar €14.99, ó chomhlacht a bhfuil neart siopaí aige ar fud na tíre. Dath liath dorcha atá ar an scairf dheas seo a choinneodh aon duine te agus iad amuigh faoin aer an séasúr seo. Praiticiúil agus an-fhaiseanta go deo.

 

14. Kreafunk aHEAD Headphones ó Urban Outfitters ar £80.

Kreafunk aHEAD

Cluasáin iad seo don té gur suim leis nó léi an teicneolaíocht. Tá Bluetooth iontu agus micreafón le cnaipe ar an gcluais le glaonna fóin a fhreagairt nó ceol a chasadh!  Tá cábla USB leis le cumhacht a chuir ann! Cá mbeifeá gan ceann acu!

 

15.‘Shoe Polish’ ó Topshop ar €20

Snas bróga don fhear a bhfuil go leor bróg aige agus gur maith leis iad a choinneáil néata agus glan. Tá seo an-úsáideach le gach rud a choinneáil san aon áit amháin le go mbeidh sé éasca teacht orthu nuair a theastóidh siad uait.

Fág freagra ar '15 bronntanas Nollag ag an nóiméad deireanach…'