Bronntanais don ‘anorac teanga’

FRIOTAL: Molann ár gcolúnaí dornán leabhar ‘don anorac teanga’ .

Maura-Lynskey
Pictiúr: charliebyrne.com

I ngearróga dubha seo na Nollag, agus cling na gclog agus na scipéad inár gcluasa, shíl mé go mba fhóinteach dom dornán leabhar a lua libh a dhéanfadh bronntanas deas don anorac teanga nó don niurd Gaeilge sa teaghlach. Saincheisteanna teangeolaíochta atá faoi chaibidil iontu agus is baolach nach ndéanfaí iad a léirmheas sna gnáthfhoilseacháin Ghaeilge.

Ó tharla mé ag trácht ar léirmheasanna, cad é a déarfá leis an bhreithiúnas bhinbeach a thug Pádraig Ó Duinnín ar fhoclóir Béarla–Gaeilge a d’fhoilsigh Timothy O’Neill Lane thiar in 1904. ‘Ó, níl aon mhaith ann,’ a d’fhógair saoi Shliabh Luachra.

Cáineadh róthrom ar fad, déarfá, i ndiaidh duit leabhar taighde Sheaghain Mhic an tSionnaigh a léamh, is é sin ‘Focail agus Foclóireacht T. O’Neill Lane’ (Coiscéim). Anuas ar an phlé ar cheird na foclóireachta, tá iarracht den scéal laochais sa chuntas ar shaol an údair – scoláire amaitéarach ag taisteal Éireann ag bailiú focal agus, faraor, ag cruinniú fiach.

Ba shuarach le rá an méid a bhí scríofa i dtaobh shaothrú na téarmaíochta i nGaeilge go dtí gur tháinig dhá leabhar chugainn ó Cois Life: ‘Ár dTéarmaí Féin’ le Fidelma Ní Ghallchobhair agus ‘Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana’ le Conchúr Mag Eacháin.

Ní thig a cheart a thabhairt do shaothar ar bith acu san alt gairid seo. Is leor dom a rá go bhfuil an léitheoir seo buíoch de Chonchúr as dul a thochailt sna seanirisí agus an saibhreas a bhí i bhfolach iontu a chur i gcomhthéacs.

Leabhar léannta atá in ‘Ár dTéarmaí Féin’ ach ní hionann ‘léannta’ agus ‘leamh.’ Turas treoraithe trí chéimeanna fáis na Gaeilge atá ann, a thugann spléachadh dúinn ar chúinní agus póirsí den teanga a bhíonn ceilte orainn de ghnáth. An raibh a fhios agat, cuir i gcás, gur trí mhíthuiscint a ceapadh na focail ‘dialann’ agus ‘cigire’? Nó nár tháinig an focal ‘béarlachas’ isteach sa Ghaeilge go dtí aimsir Chonradh na Gaeilge? Níl a fhios agam cad é mar a lochtaíodh na Gaeil cuid cainte a chéile roimhe sin?

‘Ná cáin gan mholadh,’ a deir an seanfhocal, mana a oireann do shaothar taighde Maura Lynskey, ‘An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit’ (Coiscéim). Má thagann riastradh ort agus tú ag amharc ar uafáis den chineál a bhíonn le feiceáil ar an leathanach Facebook ‘Droch-chomharthaí Gaeilge’, b’fhéidir go mba shólás duit tuairimí tomhaiste Lynskey a léamh. Ní le mírún a dhéantar praiseach de logainmneacha ná de chomharthaí eolais, a deir sí, ach le míchúram.

Idir an Roinn Iompair, na húdaráis áitiúla agus an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta, ní léir go bhfuil ‘aon dream ar leith freagrach as na dualgais reachtúla’ maidir le comharthaí Gaeilge. B’fhurasta don Rialtas an scéal a chur ina cheart ach moltaí an taighdeora a chur i bhfeidhm.

Siúd agaibh, mar sin, lón léitheoireachta is machnaimh. Athbhliain faoi mhaise agus faoi thaighde daoibh go léir.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

 

Fág freagra ar 'Bronntanais don ‘anorac teanga’'