Bronntanais d’Fhéile Vailintín: seachain seodra a thiocfadh i mbosca beag deas!

Ba cheart d’fhir seodra a thiocfadh i mbosca beag deas de chuid an tseodóra a sheachaint mar bhronntanas do Lá Fhéile Vailintín ar eagla go gceapfaí gur fáinne ar leith atá ann, a deir ár gcomhfhreagraí

VALENTINES

Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh, is tar éis na féile Bríde….ní fada uainn Lá Fhéile Vailintín! Tá roinnt daoine, fir ar fad, tar éis ceist a chur orm le gairid céard a mholfainn mar bhronntanas dá ngrá gheal don lá speisialta sin. Is cosúil nach mbíonn oiread deacrachtaí ag na mná bronntanais a roghnú; caithfidh go bhfuil an tsamhlaíocht níos fearr againn nó go bhfuil sé níos éasca rogha a dhéanamh do na fir – léine dheas, lóis iarbhearrtha, ticéid don chluiche, etc.

Maidir le bronntanas a roghnú do bhean, bíonn an scéal beagán níos casta go háirithe más mian leat a bheith níos cruthaithí ná seacláidí, seaimpéin nó bláthanna a mbeidh an praghas dúbailte orthu don lá sin!

Ar ndóigh braitheann cuid mhaith ar an méid aithne atá agat ar an gcailín atá i gceist agus ar an méid airgid is mian leat nó is acmhainn duit a chaitheamh. Bheadh moladh láidir amháin agam: ná ceannaigh aon bhall éadaigh mura bhfuil tú iomlán cinnte faoi na tomhasanna cruinne agus faoin stíl a thaithníonn léi. Ina áit sin, seo chugaibh, mar sin, a bhuachaillí, cúpla smaoineamh don té a chaithfidh dul ag roghnú anois ag an nóiméad deireanach, bronntanais a mheasfainn a bheadh inghlactha ag aon bhean agus nach bhfuil ró-chostasach amach ‘s amach.

Mála Láimhe

Níl bean ar bith nach dthaithneodh mála nua léi ach an rogha cheart a bheith déanta agus tá iliomad stíleanna ar fáil ar phraghsanna éagsúla. Tá réimse an-deas ar fad ar tairiscint faoi láthair ag River Island, ina measc malaí láimhe, málaí smididh agus cinn don deireadh seachtaine as baile. Tá siad ar fáil ar phraghsanna idir €20 agus €95 agus is maith an margadh iad. Bíonn cinn dheasa i gcónaí freisin ag H&M agus Topshop ach más mian leat beagán breise airgid a chaitheamh ní dócha go bhfaigheadh aon duine locht ar sparán nó mala deas de chuid an dearthóra Michael Kors. Tá tuilleadh eolais faoi mhalaí deasa le fáil anseo.

Smideadh

Tá neart fear ann a sheachnódh smideadh a cheannach do bhean mar go gceapfaidís gur beag tuisceana atá acu ar na cúrsaí sin. Ach tá leigheas maith curtha ar fáil ag na comhlachtaí móra smididh a bhfuil pacáistiú déanta acu ar roghanna deas smididh ar a dtugtar ‘kits’. Déarfainn go dtaitheodh táirgí ón dearthóir Charlotte Tilbury le formhór na mban agus iad curtha ar fáil faoi na teidil Trinkets (faoi €50), Treats (€65 – €118) agus Treasures (€185). Tá costas €210 ar an mbosca a bhfuil gach phíosa smideadh dá cuid ann, sách daor ach an-rogha don té atá flaithiúil agus flúirse airgid aige.

Cumhrán

Is smaoineamh deas i gcónaí é buidéal cumhráin a fháil di, go háirithe má tá a fhios agat go bhfuil a rogha ceann speisialta beagnach caite aici. Tá sé an-deacair cumhrán nua ar fad a roghnú do dhuine eile ach ní féidir dul amú le lipéid maith ar nós Jo Malone nó Chanel, atá ar fáil i siopaí ar nós Brown Thomas nó ar líne. Tá rogha leathan ar fáil ag brath ar an méid a bheas tú ag caitheamh. Is féidir súil a chaitheamh ar alt faoi chumhráin a bhí anseo ar Tuairisc.ie tamall ó shin.

Lá ag an spá

Ní hiondúil go molfadh duine dearbhán do Lá Fhéile Vailintín ach is eisceacht a bheadh ann más lá ag an spá atá i gceist. Níl duine ar bith nach dtaitheodh leo luí siar ar a gcompord le seisiún suathaireachta nó cóireáil éadain a fháil. Roghnaigh ionad deas a bhfuil aithne agus dea-cháil air agus beidh sí an-bhuíoch.

Uaireadóir

Is rogha maith é uaireadóir mar bhronntanas agus tá gach cineál cruth agus dath ar fáil a oireann do phearsantachtaí ar leith. Mura bhfuil fonn siopadóireachta ort sa mbaile mór tá suímh ar líne a ghealann a gcuid earraí a bheith chugat sa bpost nó le heachlach ar an bpointe boise. Tá rogha leathan ar tairiscint ag www.asos.com faoina mbranda féin agus ó dhearthóirí cáiliúla; taithíonn an ceann ar a dtugtar Nixon Kensington liom féin le stropa leathair dúghorm ar chostas €169.01. Tá tuilleadh roghanna le feiceáil san alt seo.

Seodra

Agus comhairle bheag speisialta amháin ar deireadh: seachain seodra a cheannach do Lá Fhéile Vailintín, go háirithe aon rud ar nós fáinní cluaise a bheadh i mbosca beag deas de chuid an tseodóra….ar eagla gur taom a bhfaighidh sí agus í ag ceapadh gur rud éigin eile ar fad atá ann!

Fág freagra ar 'Bronntanais d’Fhéile Vailintín: seachain seodra a thiocfadh i mbosca beag deas!'