Bronnadh Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga agus BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in OÉG

Ba chúis cheiliúrtha do go leor de mhuintir na Gaeltachta nuair a bronnadh Dioplóma sa Phleanáil agus sa Bhuanú Teanga ar an gcéad ghrúpa a rinne an cúrsa sin. Rinneadh bronnadh freisin ar an gcéad dream riamh a bhain BA sa Ghaeilge Fheidhmeach amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Céimithe an Acadaimh… cuid de na mic léinn ar bronnadh BA sa Chumarsáid orthu in OÉ Gaillimh aréir in éineacht le Riarthóir Léann na Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Uinsionn Mac Dubhghaill. Ó chlé: Emma Ní Chonaill, Tara Cannon, Shauna Nic Réamoinn, Bríd Ní Néill, Uinsionn Mac Dubhghaill, Orla Ní Chatháin, Fionnuala Uí Neachtain, John Mac Donnacha, Josephine de Búrca, Aisling Ferry, Ann Marie McDermott.

Bronnadh os cionn 200 céim, dioplóma agus teastas ar mhic léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Déardaoin seo caite ag ócáid in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Caroline Ní Fhlatharta, Cúntóir Riaracháin in Aonad Léann na Cumarsáide san Acadamh, ar bronnadh an chéim BA sa Ghaeilge Fheidhmeach uirthi
Caroline Ní Fhlatharta, Cúntóir Riaracháin in Aonad Léann na Cumarsáide san Acadamh, ar bronnadh an chéim BA sa Ghaeilge Fheidhmeach uirthi

Ar na gradaim a bronnadh bhí an BA sa Chumarsáid, an Dioplóma sa Ghaeilge, an Dioplóma i Léann an Traidisiúin agus an Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin.

Ócáid ar leith a bhí ann, sa mhéid is gur bronnadh an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach agus an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga den chéad uair i stair na hollscoile.

“Cé gur ceiliúradh mór a bhíonn ann gach bliain – agus bíonn muid an-bhródúil i gcónaí as an méid a bhaineann ár gcuid mac léinn amach – bíonn sé ábhairín brónach freisin.

“Cuireann muid an-aithne ar mhic léinn na Cumarsáide an fhad is a bhíonn siad linn. Cé gur iontach an rud é iad a fheiceáil ag dul amach sa saol mór agus ag déanamh dul chun cinn dóibh féin, ní hiontas ar bith é freisin go mbíonn beagáinín cumha orainn ina ndiaidh,” a dúirt Riarthóir Léann na Cumarsáide, Uinsionn Mac Dubhghaill.

Fág freagra ar 'Bronnadh Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga agus BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in OÉG'