‘Brón ar an mbás sé a dhubh mo chroí-se’ – Tomás Ó Ceannabháin agus a cheol binn imithe uainn

Tá an ceoltóir Tommy Ó Ceannabháin imithe uainn agus poll mór eile fágtha aige i saol cultúrtha Iorras Aithneach agus i saol na hÉireann, a deir ár gcolúnaí

JR and Tommy Canavan - Ardmore

Tamall gearr roimh an Nollaig d’éag Tomás Ó Ceannabháin, Tommy Phat Photch. Tá poll mór eile fágtha aige i saol cultúrtha Iorras Aithneach agus i saol na hÉireann go deimhin.

Tá Pádhraic Tom Phatch, Joe John Mac an Iomaire agus Tommy imithe uainn go gairid i ndiaidh a chéile.

‘Brón ar an mbás sé a dhubh mo chroí-se’, mar a dúirt an Piarsach.

Bhí Tommy ar dhuine de na píobairí ab fhearr in Éirinn. Thairis sin ar fad, duine uasal a bhí ann.

B’fhurasta a dhul ar cuairt chuige féin agus chuig a dheartháir Pádhraic, ceoltóir cumasach eile, ina dteach teolaí ar an Aird Mhóir. Dá dtarraingeofá anuas ceol ar chor ar bith, bhí agat. Gheofá neart eolais agus seanchais ansin go dtí go dtogrófá a dhul abhaile.

Dá mba dhuine thú a bhí ag iarraidh ceol a fhoghlaim, nó barr slachta a chur ar an méid den cheol a bhí agat, chuideodh Tommy agus Pádhraic leat ar chuile bhealach ab fhéidir leo.

Bhí an oiread fáilte roimh an strainséir acu is a bhí roimh an gcomharsa.

Anuraidh, tháinig bean as Boston darbh ainm Joanne Riley ar thuairisc  eolais faoina sin-seanathair, Patrick Finlay, a bhí ag múineadh scoile ar an Aird Mhóir beagnach céad go leith bliain ó shin. B’as oirthear na Gaillimhe Patrick Finlay agus phós sé bean de mhuintir Dhonnchú as an Aird Mhóir.

Ag obair sa leabharlann in Ollscoil Bhoston a bhíonn Joanne. Bhí a compánach, Celeste, in éineacht léi.

Thug mé féin suas ag Tommy agus ag Pádhraic iad. Ní fhéadfadh siad a dhul in áit ní b’fhearr.

Shílfeá gur inné a bhí Patrick Finlay ag siúl suas bóithrín na hAirde Móire ón scoil lena raibh d’eolas acu faoi.

Nuair a labhraíodh ar cheol, mhínigh mise dóibh gur ceoltóir a bhí i mbean seo Bhoston freisin ach gur sa jazz is mó a bhí suim aici. Tharraing Tommy anuas ar an bpointe píosa ceoil jazz dar teideal ‘The Entertainer’ agus thosaigh sé ag caint ar Scott Joplin.

Dúirt bean Bhoston ar an mbealach anuas dúinn gur bhraith sí nach raibh tóir an-mhór ag Tommy ar an ‘jazz’ ach bhí an fear chomh séimh, chomh mánla agus chomh macánta nach ndéarfadh sé é sin glan amach léi.

Sular fhág muid an teach, chas Tommy port binn ar an bhfeadóg stáin do Joanne agus do Celeste.

Nuair a scríobh Joanne anall ina dhiaidh sin, ag glacadh buíochais, dúirt sí an méid seo: “Tommy played a lovely tune on tin whistle for us and I have to admit that tears came to my eyes on hearing that sweet music, in that warm company, in the townland where my grandmother grew up, as had generations of our family before her.”

Mar is dual don stáisiún, chaith Raidió na Gaeltachta ómós le Tommy an lá ar cuireadh é i reilig Chill Chiaráin. Ar Iris Aniar a rinneadh é. Ba mhaith agus ba chuí gur beirt phíobairí a bhí ag caint faoi – Seán McKiernan agus Mattie Joe Shéamais Ó Fátharta. Dlúthchara le Tommy a bhí in Seán ó chuir sé aithne air tar éis do Sheán a theacht abhaile as Meiriceá. Bhí aithne mhaith ag Mattie air freisin agus meas aige dá réir ar a chuid ceoil agus ar an bhfear féin.

Dúirt Seán gur ‘píobaire áirthid’ a bhí ann agus rinne sé tagairt ar leith don dlúthcheirnín a d’eisigh sé féin agus Josie Mhichael Mháire an Ghabha, Ó Aird go hAird. Dúirt Seán gur mór an feall nach bhfuil an dlúthcheirnín sin ar an margadh anois ar chor ar bith. Mheabhraigh Seán freisin go raibh tuairimí láidre ag Tommy faoin gceol.

Chuir Mattie béim ar a fhaid siar sa traidisiún is a bhí píobaireacht Tommy, ‘chomh fada siar agus atá an bia sa bhfaocha,’ a dúirt sé. Níor thaitnigh ‘ceol básaithe’ leis, a dúirt Mattie. Chaithfeadh brí agus fuinneamh a bheith sa gceol, ceol a d’fheilfeadh don damhsa.

Tá ceoltóirí óga cumasacha ag teacht chun cinn in Iorras Aithneach i gcónaí. Faraor, ní bheidh Tommy ann anois le treoir agus cúnamh a thabhairt dóibh. Sin é an saol.

Fág freagra ar '‘Brón ar an mbás sé a dhubh mo chroí-se’ – Tomás Ó Ceannabháin agus a cheol binn imithe uainn'

  • Mícheál

    ‘chomh fada siar agus atá an bia sa bhfaocha’..an-chaint go léir! Cuimhneoidh mé ar an gceann sin. Is maith liom ‘ceol básaithe’ freisin, mar tá a leithéid coitianta is baolach

  • padraig

    An-chainteoir e Mattie agus fonnadoir agus ceoltoir den scoth, braithim uaim a chlar ceoil ar RnG, cheart athchraoladh a dheanamh ar an uile cheann acu!