Bróga deasa Jimmy Choo… ach an lotto a bhaint!

Díoladh an comhlacht cáiliúil deartha bróg le Michael Kors i rith na seachtaine ar €1 bhilliún

Bróga deasa Jimmy Choo… ach an lotto a bhaint!

Déarfainn gur iomaí bean gur bhreá léi péire bróg de chuid Jimmy Choo ach gur gá bua mór sa chrannchur náisiúnta ar dtús sula mbeifí in acmhainn iad a cheannach. Idir €495 agus €3,495 an réimse praghsanna ar an mbailiúchán reatha atá ar an margadh ag an dearthóir cáiliúil.

Bhí comhlacht Jimmy Choo go mór sa nuacht le linn na seachtaine nuair a fógraíodh é a bheith díolta leis an mbranda Meiriceánach Michael Kors ar bhreis agus billiún euro.

Tháinig cáil Jimmy Choo chun cinn go mór ó dheireadh na n-ochtóidí nuair a thug an iris faisin Vogue suntas don stíl bróige a bhí á cruthú ag an dearthóir ón Mhalaeisia ó dhúchas a raibh cónaí air sa Bhreatain.

Bhí Banphrionsa Diana na Breataine Bige ar dhuine acu sin a chabhraigh lena ainm a chur i mbéal an phobail agus is liosta le háireamh iad na réalta mór a chaith na bróga céanna ó shin.

Ina measc bhí Beyoncé agus Kate Middleton ach is dócha gur carachtair fhicsin a chuir go leor de mhná an domhain ag santú na mbróg seo – Carrie Bradshaw sa tsraith teilifíse ‘Sex in the City’.

Gréasaí bróg a bhí in athair Jimmy Choo in Penang na Malaeisia agus mhúin sé ceird déanta na mbróg dá mhac. Deirtear nach raibh Jimmy, a rugadh sa bhliain 1948, ach 11 bliain nuair a rinne sé a chéad phéire bróg. Bhog an teaghlach go hoirthear Londan agus d’oscail sé a chéad siopa bróg sa bhliain 1986. Bhunaigh sé an comhlacht Jimmy Choo Limited sa bhliain 1996 ach dhíol sé a chuid scaireanna ann tar éis chúig bhliana ar £10 milliún.

Tá thart ar 150 siopa ag an gcomhlacht anois ar fud an domhain chomh maith le 60 ionad díolacháin i siopaí sraithe agus dóchas ag stiúrthóirí Michael Kors a cheannaigh an gnó ar fad go rachaidh sé ó neart go neart.  Dúirt urlabhraí ón gcomhlacht Meiriceánach gurbh é an seasamh atá ag Jimmy Choo mar “a leader in setting fashion trends” a mheall an comhlacht Meiriceánach lena cheannach.

Cúis bheag amháin imní do na ceannaitheoirí go bhfuil roinnt amhrais ann go gcreideann cuid de shaineolaithe margaíochta faisin an domhain go bhfuil sé le tabhairt faoi deara go bhfuil cuid áirithe den phobal ag tréigean brandaí mór le rá a mheastar a bheith rófheiceálach agus róchostasach.

Faraor, tá bróga Jimmy Choo ródhaor le go mbeidís rófheiceálach ag an gcuid is mó againn – sin mura dtagann ár n-uimhreacha amach sa chéad lató eile!

Idir an dhá linn is féidir linn a bheith ag brionglóidí faoi na roghanna a dhéanfadh muid. Seo cuid de na roghanna a bheadh agamsa ón mbailiúchán ó Jimmy Choo:


ROMY 100 ar €495.00

 

LUCY 85 ar €575.00

 

BILLIE 100 ar €525.00

 

DREYA ar €495.00

 

LOUELLA 85 ar €795.00

Flynn 85 ar €650.00 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Bróga deasa Jimmy Choo… ach an lotto a bhaint!'