Briseadh croí do Ghaoth Dobhair ach údar misnigh fós ag Oileáin Árann

Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar mhórchluichí na bhfoirne CLG Gaeltachta an deireadh seachtaine seo i nDún na nGall, i nGaillimh agus i gCorcaigh

Briseadh croí do Ghaoth Dobhair ach údar misnigh fós ag Oileáin Árann

Gaoth Dobhair cloíte ag Naomh Conaill ar éigean

Na foirne céanna a bheidh in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais Dhún na nGall 2017 agus a bhí i gcluiche ceannais na bliana seo caite agus áit bainte amach arís ag Naomh Conaill agus Cill Charthaigh sa bhabhta ceannais.

Rinne foireann na nGleannta teacht aniar iontach chun Gaoth Dobhair a shárú ina gcluiche leathcheannais oíche Dé Sathairn.

Bhí Naomh Conaill sé phointe chun deiridh ag leath ama, 1-8 in aghaidh 0-5, agus cuma na maitheasa ar Ghaoth Dobhair. Bhí Odhrán Mac Niallais i mbarr a mhaitheasa agus ceithre phointe aimsithe aige sula raibh 30 nóiméad caite. Anuas air sin, fuair Micheál Carroll cúl den scoth tar éis 20 nóiméad.

Ach ba mhór an spreagadh do Naomh Conaill cúl Kieran Gallagher deich nóiméad isteach sa dara leath, agus chuir Eoghan McGettigan chun cinn iad den chéad uair sa chluiche le cic saor agus 55 nóiméad imeartha.

D’aimsigh McGettigan agus Ciarán Thompson cúilíní eile do Naomh Conaill ach níorbh é sin deireadh an scéil.

A bhuíochas le cúilíní ó Gavin McBride agus Micheál Carroll ní raibh ach pointe amháin idir na foirne agus an t-am nach mór thart. Bhí deis ag McBride scór na cothroime a aimsiú nuair a bronnadh cic 45m ar Ghaoth Dobhair ceithre nóiméad isteach in am cúitimh. D’imigh an liathróid ar dheis agus ar fóraoil ar éigean agus bhí a ndeis caillte ag Gaoth Dobhair.

Oileáin Árann fós san iomaíocht d’ardú céime

Beidh ar Oileáin Árann agus Baile Liam aghaidh a thabhairt ar a chéile arís i gCraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe tar éis dóibh críochnú ar comhscór, 0-12 an taobh, sa bhabhta leathcheannais. Ba é Eoghan Póil a chinntigh go mbeadh athimirt ag teastáil nuair a shlánaigh sé cic saor do mhuintir na n-oileán agus gan ach 30 soicind d’am cúitimh fágtha.

Agus an-obair déanta ag Tyler Ó Flaithearta, a d’aimsigh cúig phointe i Staid an Phiarsaigh inné, bhí Oileáin Árann 0-10 in aghaidh 0-7 chun cinn gan ach ceathrú uaire fágtha. Mar sin féin ceathrú uaire ina dhiaidh bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh an lá leo tar éis do Bhaile Liam an-teacht aniar a dhéanamh. Cúig phointe as a chéile a d’aimsigh foireann thuaisceart na Gaillimhe chun iad a chur chun cinn agus gan ach cúpla nóiméad fágtha. Níor chaill na hoileánaigh a misneach áfach agus choinnigh siad leo.

Shlánaigh Stiofán Ó hIarnáin cic 45m agus 60 nóiméad imeartha. Ansin rinneadh calaois ar Sheán Ó Maoilchiaráin 35m amach ón gcúl. Cé go raibh sé ag tógáil an chic saor in aghaidh na gaoithe, rinne Eoghan Póil an beart a chinntigh go bhfuil deis fós ag Oileáin Árann grád na sinsear a bhaint amach den chéad uair riamh.

Beidh an athimirt ar siúl Dé Domhnaigh seo chugainn, an 8 Deireadh Fómhair, i Staid an Phiarsaigh ag 2.45i.n..

Sa Chraobh Shinsir, tabharfaidh Micheál Breathnach aghaidh ar an gCealtrach i gcluiche leathcheannais dícháilithe  toisc go bhfuair Naomh Micheál an ceann is fearr ar chumann Chois Fharraige inné. Trí phointe d’fharasbarr a bhí ag fir na cathrach, 0-13 in aghaidh 0-10, agus ní bhfuair Micheál Breathnach ach cúilín amháin agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe sa dara leath.

Bhí údar ceiliúrtha ag an Fhairche i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir an Iarthair Dé Domhnaigh. Bua dhá phointe, 0-14 in aghaidh 2-6, a bhí acu i gcoinne Rinn Mhaoile agus beidh cumann Naomh Pádraig in aghaidh Naomh Gabriel i gcluiche ceannais an chontae.

Rás Chill na Martra rite i gCorcaigh

I gCorcaigh, tháinig Baile Mhistéala aniar aduaidh ar Chill na Martra i gcluiche leathcheannais Idirmheánach an chontae. Níor chaill Cill na Martra aon chluiche, sa tsraith nó sa chraobh, go dtí seo in 2017 ach Dé Sathairn seo caite ach tháinig deireadh i mBántír lena rás.

Is sa chéad leath is mó a chuaigh cúrsaí chun donais d’fhoireann na Gaeltachta. Le linn an chéad leatha sin scaoil siad dhá chúl isteach agus cuireadh fear leo den pháirc. Agus naoi nóiméad imeartha, d’aimsigh Dave Dineen an chéad chúl do Bhaile Mhistéala de bharr botún a rinne Cill na Martra agus iad i mbun cosanta.

Tháinig Cill na Martra ar ais ach buaileadh buille mór orthu nuair a taispeánadh cárta dearg do laoch lár na páirce, Micheál Ó Deasúna. Mar bharr ar an donas, d’aimsigh Baile Mhistéala 1-3 as a chéile roimh dheireadh an chéad leatha rud a d’fhág go raibh seacht bpointe idir na foirne ag leath ama, 2-6 in aghaidh 0-5.

Méadaíodh an bhearna sin go dtí naoi bpointe go luath sa dara leath. Cé gur chuir Cill na Martra slacht beag ar chlár na scór nuair a d’aimsigh Dan Ó Duinnín cúl agus an t-am beagnach caite, bhí an dochar déanta faoin tráth sin.

Fág freagra ar 'Briseadh croí do Ghaoth Dobhair ach údar misnigh fós ag Oileáin Árann'