Ióga moch maidine? Traenáil tríatlain? Mionléamh ar ghearrscéalta an Chadhnaigh? Níl a fhios agam…

Cheap ár gcolúnaí scaitheamh gur sórt neach draíochta ón mbéaloideas a bhí sa ‘mochóir’, cosúil leis an gcapall aonadharcach nó an t-uachtar reoite gan saill ann, ach is ann do na mochóirí.

Ióga moch maidine? Traenáil tríatlain? Mionléamh ar ghearrscéalta an Chadhnaigh? Níl a fhios agam…

Deirtear go bhfuil trí chineál duine ann fad is a bhaineann sé le cúrsaí codlata. Tá an t-airneánach ann, an té a dtaitníonn leis fanacht ina shuí deireanach san oíche ag … ag airneán, is dócha… agus é á chodladh amach ar maidin.

Sa lá atá inniu ann, b’fhéidir go mbeadh sé níos fearr ‘An Boscrach’ a thabhairt ar an gcineál sin duine. Seo’d é an té a fhanann ina shuí ag breathnú ar bhoscra teilifíse (Game of Thrones, mar shampla) nó go dtiteann siad ina gcnap leath bealaigh idir an tolg agus doras an tseomra suite, mar a mbíonn siad ag brionglóidí faoin dragan agus a mháthair go maidin.

An dara dream ó thaobh an chodlata de ná na mochóirí. Seo iad na daoine a dtaitníonn leo éirí go moch ar maidin ag… ag mochóireacht, is dócha? Tá sé de chiall ag na daoine seo a ghabháil a chodladh ag am réasúnta tráthnóna, a ndóthain codlata a dhéanamh agus éirí go moch ar maidin dá ndeoin féin, as a stuaim féin is gan éinne ag bagairt orthu.

Cheap mé scaitheamh gur sórt neach draíochta ón mbéaloideas a bhí sa ‘mochóir’, cosúil leis an gcapall aonadharcach nó an t-uachtar reoite gan saill ann. Ach anois, tuigim nach piseog ar bith iad. Is ann do na mochóirí.

Ní hamháin gur ann dóibh ach is cosúil gur leo an lá. Agus, má tá fírinne ar bith sna seanfhocail, is leo na criocháin freisin mar go mbíonn siad á mbaint an fhad is atá na leadaithe eile sínte sa leaba. Na diabhail.

Cén leagan comhaimseartha a bheadh ann don ‘ag baint na gcriochán’? Ióga moch maidine? Traenáil tríatlain? Mionléamh ar ghearrscéalta an Chadhnaigh? Níl a fhios agam.

Is é an tríú cineál duine ó thaobh na codlata de ná an neamhchodlatach, an té nach bhfuil in ann codladh. An chéad leid a fuair mé go raibh a leithéid de dhuine ann ná nuair a bhí mé ag súil le mo chéad pháiste is gur éalaigh an codladh uaim ar feadh roinnt míonna. Chaithfinn na hoícheanta ag imeacht ó sheomra go seomra ar nós taibhse is mé ag fanacht ar an lá.

Ní hiontas ar bith é gur modh céasta é an díth codlata. Buaileann sórt craiceáil thú i lár na hoíche mura mbíonn tú in ann titim i do chodladh.

Feiceann tú rudaí aisteacha. 

D’fhéadfadh go gceapfá go bhfaca tú púca as corr do shúile agus é suite in airde sa gcrann taobh amuigh d’fhuinneog na cistine ag stánadh isteach ort. Ag fanacht.

D’fhéadfadh go mbeadh a fhios agat i do chroí istigh gur dóigh gur ag rámhaillí a bhí tú. Ach seans go ngabhfá anonn go dtí an doras cúil, ar nós cuma liom, is go ndéanfá cinnte go raibh glas air.

B’fhéidir nach mbreathnófá amach an fhuinneog arís ar fhaitíos na bhfaitíos. Céard a tharlódh dá mbreathnófá isteach sa tsúil ar an bpúca trí thimpiste agus chuile dhuine eile sa saol ina gcodladh?

Níl mé ag rá gur tharla a leithéid domsa. Ach d’fhéadfadh sé tarlú do dhuine, sin a bhfuil mé a rá.

Nuair a d’fheicinn an ghrian ag éirí, thart ar a sé a chlog ar maidin, théinn amach ag siúl ar an bprom. Cheap mé an chéad lá nach mbeadh amuigh romham ach na faoileáin.

B’in í an uair ar casadh na mochóirí orm den chéad uair riamh. Bhí na sluaite acu ann i gcaitheamh mo shaoil i ngan fhios dom. Siúd leo le fáinne geal an lae ag siúl, ag rith, ag snámh sa bhfarraige agus iad lán le háthas an tsaoil.

Dúirt scríbhneoir, a bhfuil ardmheas agam air, liom uair amháin dá mbeadh duine dháiríre faoin scríbhneoireacht go gcaithfeá éirí an-mhoch ar maidin agus bualadh fúithi sula mbeadh aon duine eile sa teach ina suí.

‘Más mar sin an scéal,’ a smaoinigh mé, ‘níl hope a’m.’