BREXIT: Tá an fhianaise soiléir – ó Ros an Mhíl go Ríge…

Freagraítear níos mó ceisteanna ná a chuirtear i ngach reifreann, a deir ár gcolúnaí agus súil aige chomh maith ar dhrochmheas mhuintir na hEorpa ar an AE

Brexit pic

‘Vótáil mé  i bhfabhar imeachta,’ a dúirt fear meánaosta le Tuairisc.ie i Londain an tseachtain seo, ‘toisc gur dúnadh dhá ospidéal sa cheantar seo le cúig bliana anuas’.

Thuig sé go maith nach n-athosclófaí na hospidéil mar gheall ar a vóta agus nach bhfeabhsófaí an tseirbhís sláinte dá bharr.  Fearg agus míshásamh leis an rialtas is mó a theastaigh uaidh a chur in iúl.

‘Níl cosc ar imircigh uaim, tharla gur as an India mo thuismitheoirí féin, ach teastaíonn breis ospidéal, breis tithe, breis scoileanna agus go leor eile sa tír seo chun fóirithint ar an daonra méadaithe. Ní feabhsú atá feicthe againn, ach síorlaghdú ar gach cineál seirbhís phoiblí.

‘Cé mar a fhéadfainn a rá leis an rialtas go bhfuilim tinn tuirseach den ealaín seo? Neosfaidh mé duit. Le vóta ina gcoinne, nó i bhfocail eile, le vóta imeachta.’

Tógfaidh sé cúpla bliain ar a laghad sula mbeidh an díobháil a rinne vótóirí Shasana agus na Breataine Bige soiléir. Ní foláir an abairt sin a leath-athscríobh agus dhá aguisín a chur leis, mar seo:

  1. Tógfaidh sé cúpla bliain ar a laghad sula mbeidh tuairim againn cé mar a rachaidh toradh an reifrinn i bhfeidhm ar shaol polaitiúil agus ar struchtúir pholaitiúla in Éirinn, sa Bhreatain agus san Aontas Eorpach.
  2. Tógfaidh sé cúpla bliain ar a laghad chomh maith sula mbeidh tuairim againn an athrófar córas agus cur chuige lochtach an AE.

Léirigh an reifreann míshásamh forleathan le dhá pholasaí de chuid na Breataine go háirithe, dhá pholasaí a bhfuil dlúthbhaint acu le polasaithe Eorpacha: saorchead taistil, oibre agus cónaí ar fud an Aontais, agus an polasaí déine airgeadais, atá á bhrú ar thíortha eile an Aontais ag an nGearmáin go háirithe.

Is dóichí ná a mhalairt nach bhfeicfear athrú suntasach ar na polasaithe seo – faoi láthair, ar a laghad. Ach cé mhéad duine a shíl dhá bhliain ó shin go vótálfadh an Ríocht Aontaithe i bhfabhar imeachta?

Amhras Eorpach

Tá an fhianaise soiléir. Ó Ros an Mhíl go Ríge, tá drochmheas mhuintir na hEorpa ar an AE soiléir.

Fiafraíonn Eurobarometer foras suirbhéireachta an AE de vótóirí i ngach ballstát go rialta cén dearcadh atá acu ar an Aontas. Sa suirbhé is deireanaí, a rinneadh i mí na Samhna, bhí Éire chun cinn beagnach ar gach ballstát eile.

Na ballstáit inar léiríodh na céatadáin is mó a raibh dearcadh dearfach acu ar an AE: an Rómáin (57%), an Pholainn (55%) agus Éire (58%).

Na céatadáin is lú a bhí fabhrach don AE:  an Ghréig agus an Chipir (22% araon), agus an Ostair (23%). Léirigh tríocha faoin gcéad de na vótóirí a ceistíodh sa Ríocht Aontaithe dearcadh diúltach. 

Ní haon iontas é drochmheas mhuintir na Gréige agus na Cipire ar an Aontas Eorpach, má chuimhnítear ar an gcabhair chrua a thairg an tAontas do na tíortha sin aimsir na géarchéime. Ach tá fianaise agus ábhar imní níos soiléire sa mheánfhigiúr Eorpach. Ar an meán, níl dearcadh dearfach ar an AE ach ag 37% de mhuintir na hEorpa.

Nod don eolach an méid seo, más mian le Merkel, Hollande, Renzi agus iarchomrádaithe eile David Cameron aird a thabhairt air.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'BREXIT: Tá an fhianaise soiléir – ó Ros an Mhíl go Ríge…'

  • Eoin Ó Murchú

    Alt stuama. Caithfidh muid dímheas an phobail ar an AE a thuiscint – is rud éicínt a dhéanamh le cúrsaí a chur ina gceart.

  • padraig

    Droch-mheas tuillte acu as tus aite a thabhairt i gconai do ilchorpraidi/bainceireachta agus tosaiocht a thabhairt da mianta sin in ainneoin na n-iarmhairti a bhionn acu ar shaol an ghnathdhuine. Ni diomhaoin a bhionn an 30000 brustocaire ata lonnaithe sa Bhruiseil gach uile la ach ag bru go siorai seasta ar na feisiri agus na feidhmeannaigh uile a mbeartas siad san a chur i bhfeidhm. Ta labhartha ag Emily O Reilly (Ombudsman) mar gheall air seo go minic ach is beag sasamh a fuair si go dti seo o lucht an Choimisiuin. Cuid mhaith de na daoine a bhfuil ardphost acu sna hinstitiuidi teann siad ag obair do na hilchorparaidi ceanna t’reis fagaint doibh, feach Peter Sutherland mar shampla (Goldman Sachs anois). Tugtar an ‘revolving door policy’ air seo agus ta se naireach. Is iad na brustocairi agus na ‘saoithe’ a leagann amach cuid mhaith de bheartas an AE go hairithe beartais a bhaineann le nithe teicniula agus eolaiocha agus cois acu sa champa priobhaideach ag an am ceanna. Ni ga ach feachaint ar an ndeileail scannalach ata deanta ag an AE maidir le Monsanto. Ni feidir an tAE seo a athchoiriu, ni doigh liom, ta morfhorsai caipitleacha an domhain ag gniomhu anseo go fioch ach mar mhaithe leis an coiteann dar ndoigh. Titfidh se as a cheile uaidh fein luath no mall, mar saraionn an tsainnt i fein i gconai.