Brexit – rogha idir oscailteacht agus an tseanaimsir aonteangach aonchultúrtha

Tá scéal chailleach an uafáis ag an dá thaobh faoi Brexit ach b’ionann do dhuine droim láimhe a thabhairt leis an AE agus a bheith ag cúbadh chuige féin

Brexit

Postanna custaim agus seicphointí ar an teorainn arís, gá le pas chun a dhul ón Iúr go Dún Dealgan, contúirt mhór don deisceart, feirmeoirí an tuaiscirt ar an bhfaraor géar, deireadh leis an saoroideachas ollscoile i Maastricht agus baol go gcuirfear ar ceal cuid de na hathruithe sóisialta a shaibhrigh ár saol le daichead bliain…….
Nó…
Saibhreas ollmhór le dáileadh ag Whitehall ar gach saoránach, feirmeoirí an tuaiscirt go háirithe, margadh maith d’onnmhairí le fáil ar fud na cruinne, deireadh as éadan leis an rómhaorlathas, flaitheas na Breataine athnuaite agus ardcheannas ar ghnóthaí uile na Ríochta Aontaithe ag an rialtas agus an Pharlaimint is fearr ar domhan…

Agus ar aghaidh linn, scéal chailleach an uafáis ag an dá thaobh. Tá an feachtas ag bailiú nirt agus nimhe is sinn ag druidim leis an vótáil faoi cheann trí seachtaine féachaint an imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach nó an bhfanfaidh sí ina ball. Sa Bhreatain tá na hargóintí pearsanta agus gránna amanta. Faoin tráth seo is cosúil go bhfuil inmharthanacht David Cameron mar Phríomh-Aire, agus cé a thiocfaidh i gcomharbacht air, ina gcuid lárnach d’fheachtas lucht an Bhreatimeachta nó Brexit.

Tá sé fíordheacair eolas beacht a fháil agus é soiléir nach fios d’éinne cén toradh a bheadh ar imeacht. Díol suntais é crosáid an rialtais ó dheas chuig na deoraithe sa Bhreatain Mhór ag tathant orthu vótáil chun fanacht san AE. I bhfianaise a neamhshuim i vótaí na ndeoraithe i dtoghcháin ag baile, comhartha sóirt is ea an feachtas chun na Breataine ar cé chomh buartha is atá siad faoi chiallachais an Brexit d’Éirinn. Ó chuaigh an dá thír isteach sa Chómhargadh ag an am céanna níl aon taithí ar na deacrachtaí a bhainfeadh leis na comharsana a bheith amuigh.

D’ainneoin lucht imeachta, Theresa Villiers ina measc, a bheith ag maíomh go seasta nach mbeadh athrú ar bith ar an gcaidreamh trasteorann, is dócha go mbeadh rialacha an AE le cur i bhfeidhm. Is léir go gcreideann an Taoiseach agus airí go mbeadh deacrachtaí agus costas mór ag dul leis a lagódh an tír.

Neartófaí an Ríocht Aontaithe, a deir na daoine a dteastaíonn uathu éirí as ballraíocht, ach is údar imní dóibh na foláirimh ó pháirtí náisiúnach na hAlban go n-éileoidís reifreann eile faoi neamhspleáchas d’Albain. Tógáil chroí do phoblachtánaithe abhus agus sa Bhreatain is ea é sin agus cuid acu á thuar go gcinnteodh sé sin go mbeadh deireadh leis an Ríocht Aontaithe. Paradacsa é gurb iad na daoine is mó ar mian leo fanacht san AE na daoine céanna ar mhaith leo imeacht as an Ríocht Aontaithe.

De réir pobalbhreith a rinne Ipsos MORI don Belfast Telegraph le déanaí tá móramh de vótóirí Thuaisceart Éireann i bhfabhar fanacht san AE agus Caitlicigh níos aontaithe faoin gceist ná Protastúnaigh. Go bunúsach, tá móramh mór den bharúil gurb é a leas fanacht san AE, go mbeidís níos boichte dá uireasa agus go mbeadh an Ríocht Aontaithe trí chéile níos laige tar éis imeachta.
Bhí lucht leanúna an SDLP báúil leis an AE riamh agus i bhfianaise a n-éilimh ar Éire aontaithe ní haon iontas é dílseoirí Shinn Féin a bheith níos tugtha don AE ná don Ríocht Aontaithe. Fearacht Shinn Féin a bhí Eorasceipteach go dtí seo, tá an UUP i bhfabhar fanacht san Eoraip an geábh seo.

Toisc gur páirtithe atá báúil leis an AE iad Alliance agus an Comhaontas Glas fágann sin nach bhfuil ar thaobh Brexit ach an DUP agus TUV. Tá na páirtithe sin meáite de go mbeadh an Bhreatain ‘mór’ arís gan na srianta a chuireann ballraíocht san Aontas Eorpach uirthi. Níl a fhios acu go bhfuil ré na himpireachta caite, a deir an taobh eile.

Bhí duine as gach triúr éiginnte nuair a rinneadh an phobalbhreith seachtain ó shin. Cén seans go bhfaighidh siad eolas cruinn idir seo agus an 23 Meitheamh? Tá an eite chlé i bhfabhar imeachta mar nach ar leas na mbochtán atá an AE, dar leo ach is mionlach an-bheag iad Daoine Roimh Bhrabús abhus. Cheal eolas údarásach ní mór do dhuine a rogha a dhéanamh bunaithe ar a mhian – a bheith oscailte nó cúbadh chuige féin.

Choinneodh an chéad rogha é i dteagmháil le cultúir dhifriúla agus le ciníocha eile, ní áirím na margaí, cúirteanna cearta agus tacaíocht don eacnamaíocht agus do scéimeanna pobail. Más é rogha duine droim láimhe a thabhairt leis an AE, beidh sé ag cúbadh chuige féin, ag cúlú isteach san aonchultúr – dá fheabhas é –agus san aonteangachas. Beidh sé ag dul i muinín todhchaí nach eol dúinn faoi ach é a bheith bunaithe ar chaitheamh i ndiaidh na seanaimsire.

Fág freagra ar 'Brexit – rogha idir oscailteacht agus an tseanaimsir aonteangach aonchultúrtha'

  • Eoin Ó Murchú

    Alt stuama. Is trua nach féidir an rud céanna a rá faoin gceannteideal. Ní rogha idir ‘oscailteacht agus an tseanaimsir aonteangach aonchultúrtha’, ach rogha idir cloí le prionsabail an nua-liobrálachais (a chothaíonn easpa cearta do oibrithe) agus seans chun Eoraip a athtógáil faoi thionchar an Bhreatimeachta. Ag deire thiar ní haon mhaith é éaló ó phríosun amháin le dul isteach I bpríosún eile, sé sin éaló ón mBreatain le bheith spleách ar an nGearmain. Ní rí ná Kaiser ach Éirinn, mar a dúirt an Conghaíleach.

  • AnRógaire

    Ar a laghad tá rogha á thabhairt don phobal cinneadh a dhéanamh ar an gceist.

  • Colmán

    Tugtar an Breatimeacht nó Brexit (British Exit) ar an reifreann seo cé go bhfuil cuid d’Éirinn i gceist. Má scartar muid ón AE ba cheart go mbeadh vóta ann láithreach ina dhiaidh faoi sinn a scarúint ón Ríocht Aontaithe. Tá an tAire Sasannach atá againn anseo fiú Theresa Villiers ag dul i gcoinne toil an phobail ar an cheist seo. Má tá Breatimeacht ceadaithe do Shasana, agus reifreann neamhspleáchais ceadaithe d’Albain ba cheart go mbeadh T-Éir-Imeacht ceadaithe anseo.

    • Breathnóir

      Tá an ceart ar fad agat, ar ndóigh. Ach cuireann an coincheap d’fhíorú fhís athaontú na hÉireann an oiread sin eagla ar mheáin chumarsáide na hÉireann, thuaidh agus theas, nach bhfuil siad sásta an réiteach seo ar an scéal a lua, fiú amháin.

  • Colmán

    Is fíor duit a Bhreathnóir. Níl Aontacht na hÉireann ag fóirstean do na páirtithe polaitiúla gar-radharcacha atá againn sa tír seo i láthair na huaire.