BREXIT: Oileán san Eoraip í an Bhreatain – ní éireoidh le reifreann ar bith í a chur go lár an Atlantaigh

Beidh cinniúint na Breataine agus cinniúint na hEorpa fite fuaite lena chéile go brách agus is mór an trua gur cuireadh ina luí ar mhuintir na Breataine agus Thuaisceart Éireann go bhfuil rogha acu sa cheist ar chor ar bith, a scríobhann ár gcolúnaí

europe map Brexit copy

An reifreann faoin mBreatimeacht. Le míonna anuas tá mé ag cur na ceiste seo orm féin: cén fáth nach bhfuil spéis ar bith agam sa scéal?

Rith an freagra liom an lá faoi dheireadh: toisc gur neamhscéal é. Is cuma sa tsioc faoi thoradh an reifrinn a eagrófar sa Bhreatain amárach; ní athróidh tada.

Céard!? a deir tú. Tá todhchaí na Breataine idir dhá cheann na meá, agus leis sin todhchaí na hÉireann agus na hEorpa!

Tá an iomarca ama caite agat ag éisteacht le polaiteoirí agus leis na meáin, a deirimse leatsa. Oileán san Eoraip í an Bhreatain agus ní éireoidh le tuga ar bith í a tharraingt amach go lár an Atlantaigh, fiú tuga a mbaistfí Nigel Farage air.

Seans go bhfuil bos do láimhe á bualadh ar do bhaithis anois le teann cantail. Cén chaoi faoin spéir ar tháinig colúnaí Tuairisc.ie aníos le hargóint chomh seafóideach? Nach dtuigeann sé go bhfuil todhchaí na Breataine, na hÉireann agus na hEorpa idir dhá cheann na meá!?

Is ea, dúirt tú sin cheana.

Agus deirimse leat gur oileán san Eoraip í an Bhreatain agus go bhfuil siar is aniar idir an t-oileán sin agus an chuid eile den Eoraip le cuimhne na ndaoine. Siar is aniar. Anonn is anall. Trácht. Trádáil. Eisimirce agus inimirce. Ó ionradh na dtreibheanna Ceilteacha a ghlac seilbh ar an mBreatain roimh thús na staire scríofa go ‘ionradh inimirceach’ cheannlínte tablóideacha an lae inniu. Cuma cé a bhí i gceannas: taoisigh na dtreibheanna Ceilteacha, impirí Rómhánacha, Æthelred the Unready, Oilibhéar Cromail nó Banríon Eilís II.

Oileán san Eoraip a bhí sa Bhreatain riamh agus oileán san Eoraip a bheas inti go brách. Cuir ceist ar na clocha ina cuid sléibhte, ar ghaineamh a cuid machairí trá, ar chrainn a cuid coillte. Is acu atá a fhios.

Ach ní orthusan a bheas ceist sheafóideach á cur amárach. 

Nithe iad teorainneacha, tíortha agus neamhspleáchas nach ann dóibh ach in aigne an duine. De réir mar a éiríonn an domhan níos lú, is lú a dtábhacht. 

Thuig bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh an méid sin. Ní togra foirfe é an tAontas Eorpach ach is céim mhór chun cinn é ar a raibh ann roimhe, scata impireachtaí agus náisiúin a bhí de shíor i mbun cogaíochta lena chéile. Cinnte, tá géarghá le comhrá mór millteach chun todhchaí choiteann na hEorpa a phlé, ach ní hé seo – reifreann i dtír amháin – an bealach le tús a chur leis an gcomhrá sin.

Táthar siúd atá i bhfabhar na Breatimeachta ag iarraidh céim a thabhairt ar gcúl agus náisiúnstát a dhéanamh den Bhreatain agus de chúinne thoir thuaidh na hÉireann. 

Ach tá ré an náisiúnstáit caite.

Ní bheidh an Bhreatain (ná aon tír eile) in ann dul i ngleic le ceisteanna móra an lae inniu – inimirce, sceimhlitheoireacht, athrú aeráide – ina haonar.

Tá cinniúint na Breataine fite fuaite le cinniúint na hEorpa agus beidh go brách – mar chuid den Aontas Eorpach nó lasmuigh de. 

Is é an trua gur chuir David Cameron ina luí ar phobal na Breataine agus Thuaisceart Éireann go bhfuil rogha acu sa cheist seo ar chor ar bith; is measa fós gur fhág an feachtas scoilt ghránna i sochaí na Breataine agus tugadh ardán dóibh siúd atá i gcoinne na hinimirce tuilleadh fuatha a spreagadh.