BREXIT: Níor thit an spéir agus an talamh ar a chéile, tapaítear an deis iontach seo…

Is é is cóir dúinn a phlé anois ná cén chaoi le cumhacht a thabhairt ar ais do pharlaimintí is rialtais na mballstát…

Brexit Mapa

Bhuel, alea jacta est, mar a déarfadh Colm Keaveney (tá na díslí caite). Tá an Bhreatain le himeacht ón Aontas Eorpach, is tá uaisle na tíre seo in aimhréidh agus gan tuairim acu céard is cóir a dhéanamh anois.

Is léir nár chreid an bhunaíocht (Fine Gael, Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre) go vótálfadh na Sasanaigh mar a vótáil, agus tá siad anois idir dhá chomhairle: an cóir sampla Shasana a leanúint, nó an cóir cloí leis an Eoraip sin a bhrúigh isteach in anró na déine muid.

Ach níl sa vóta seo ach tús an scéil, tús le troid i gcoinne institiúid a bhfuil prionsabail an nua-liobrálachais mar bhunreacht aige. Tá dlúthcheangal ag an scéal seo le toradh an reifrinn faoi Chonradh Lisbon, conradh ar dhiúltaigh muid dó an chéad uair ach ar ghéill muid dó nuair a cuireadh iachall orainn vótáil arís.

Cé go mba mhaith le huaisle na tíre seo go gcuirfí an t-iachall céanna ar na Sasanaigh faoin vóta seo, ní tharlóidh sé sin.

Anois, níl an spéir agus an talamh tite ar a chéile ná ní bheidh bacanna is lucht custaim ar an teorainn. Is é atá romhainn ná tréimhse idirbheartaíochta, a mhairfidh dhá bhliain ar a laghad, sula bhfágfaidh Sasana an tAontas.

(Táim ag rá ‘Sasana’, mar bhí vóta láidir ar son fanacht san AE in Albain – de bharr mhian an phobail neamhspleáchas a bhaint amach  ó Shasana – agus i dTuaisceart na hÉireann).

Maidir leis an Tuaisceart, dá seasfadh Sinn Féin lena ndearcadh traidisiúnta i gcoinne an AE bheadh móramh mór ann i gcoinne na hinstitiúide sin.

Is é is cóir dúinn a phlé anois – mar chuid den idirbheartaíocht idir Aontas na hEorpa agus an Bhreatain, agus idir Éirinn agus an Bhreatain – ná cén chaoi le cumhacht a thabhairt ar ais do pharlaimintí is rialtais na mballstát. Ní foláir plé a dhéanamh freisin ar cheist mhór eile. Cén chaoi leis an Aontas a atógáil mar cheantar ina mbíonn comhoibriú eacnamaíochta is trádála ann agus, ag an am céanna, stop a chur leis an mbaothchaint seo faoi ‘aontas níos dlúithe’, aontas polaitiúil, ollstát is eile?

Ní féidir é a shéanadh ach d’fhulaing muid beartais déine nach raibh riachtanach toisc go raibh orainn cloí le rialacha an AE agus tús áite a thabhairt do chosaint chóras airgeadais an Aontais.

Beidh fórsaí an Aontais, faoi cheannaireacht na Gearmáine, ar ndóigh, ag iarraidh dul ar aghaidh go pras le dlúthú an Aontais.  Ach léiríonn an vóta seo sa mBreatain rud amháin: ’sé sin go bhfuil bearna mhór ann idir pobail na mballstát is an dream ata i gceannas ar na stáit chéanna.

Agus tá seans láidir ann go leanfaidh an Ísiltír is an Danmhairg sampla na Breataine, gan trácht ar an bhFrainc, tír ina bhfuil na mílte oibrí ag agóid i gcoinne chúngú chearta na n-oibrithe de bharr rialacha an Aontais.

Caithfidh muid féachaint chuige go bhfanfaidh ceannairí na hÉireann glan amach ó iarrachtaí den sórt seo.

Agus céard faoin aontas eile: an Bhreatain féin?  Gan dabht, tá muintir na hAlban ag iarraidh reifreann eile faoi neamhspleáchas, ar an ábhar nach ceart gur faoi Shasana a bheadh sé stádas bunreachtúil na hAlban a shocrú. Is cóir dúinn fáilte mhór a chur roimh a leithéid mar chabhródh sé linn maidir le hathaontú ár dtíre féin.

Tá eagraíocht láidir ag an lucht oibre in Albain, agus seans maith go ndiúltóidís dul isteach san AE dá mbeadh neamhspleáchas bainte amach acu. Saor ó Shasana agus saor ón Eoraip agus an rachmas ag an am céanna! Iontach an smaoineamh é.

Agus maidir leis an Tuaisceart, tá Sinn Féin ag rá freisin nach cóir gurb í Sasana a chinnteodh athrú ar stádas polaitiúil is trádála na Sé Chontae. Tá siad ag iarraidh reifreann faoin teorainn féin.

Ceapaim féin go bhfuil sé róluath dó sin.  Ag an bpointe seo ní thiocfadh as ach dearbhú gur aontachtóirí iad na hAontachtóirí.  Tá obair mhór le déanamh ar an talamh roimhe sin le taispeáint gur féidir cúrsaí eacnamaíochta a riaradh ar bhealach eile, bealach a bheadh chun leas an lucht oibre Phrotastúnaigh is na bhfeirmeoirí Protastúnacha chomh maith lena gcomharsana Caitliceacha.

Sa gcomhthéacs sin, is trua nach ndearna Sinn Féin comhchúis leis an DUP, ag iarraidh leagan amach nua, bunaithe ar a bheith i ndlúthchomhar le chéile, a chur chun cinn mar rogha don Bhreatain is don Eoraip araon.

Botún ab ea é ag Sinn Féin seasamh le hAontas na hEorpa, ó dheas agus ó thuaidh, ach is féidir an scéal a chur ina cheart má admhaítear gur botún a bhí ann.

Agus, go praiticiúil, caithfear agóid a dhéanamh, ó thuaidh agus ó dheas, lena chinntiú nach mbeidh aon teorainn ‘chrua’ ann, agus go nglacfaidh na Sasanaigh leis gur chóir aonad eacnamaíochta a dhéanamh den oileán ar fad.

Níl Fine Gael, Fianna Fáil nó Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go mbeadh a leithéid ar an gclár plé. Is léir mar sin an freagra ba cheart do Shinn Féin a thabhairt ar an scéala vótála iontach seo ó Shasana.

Fág freagra ar 'BREXIT: Níor thit an spéir agus an talamh ar a chéile, tapaítear an deis iontach seo…'

  • padraig

    Raineodh go ndeanfai reifreann eile a ghairm, ni chuirfinn as an aireamh ar fad e. Maidir le Sinn Fein agus a gcuid beartas ‘lupadail lapadail’ o thus deireadh a bhionn ar siul acu sin, nil aon cheannaire a bhfuil ardmhianach intliochta ceanrodaiochta aige/aici sa Phairti sin, i gcas ina bhfaighidis greim ar an gcumhacht bheadh miniu eile ar fad ag teastail don bhfocal ‘cior-thuathail’. Ta creathadh mor bainte as an AE anois agus is mar gheall ar a bheartas imirce is mo a votail na Sasanaigh ina choinne. Feach an staidreamh a bhaineann le cionnroinnt na votai fein o thaobh aoisghrupai is limistear. Cic sa toin a bhi ag teastail go doite o bhullaithe an Bhainc Cheannais go hairithe arb e a bpriomhchuram leas agus buntaisti na gcorparaidi mora ilnaisunta gus na mbainceirei a dheanamh. Na cuirimis in eagcuimhne bagairt Trichet faoin ‘mbuama’ a bhi se chun a phleascadh i mBAC mura n-iocfaimis na seallbhoiri bannai (a bhfuil an Bhanrion i fein ar cheann acu), b’in bagairt o appartchik neamhthofa ar mhuintir na hEireann. Scuigh piardai na cumhachta a starrfhiacla an uair sin agus rug an chreach leo, is ag bailiu nirt o shin i leith ata siad. Feach ‘Corporate Europe Observatory’ no l’OBS i bhFraincis.

  • Conor Ó Briain

    Bua iontach ? Ní bhuaitear ar nua-liobrálachas an AE le feachtas frith-inimirce faoi cheannas BJ agus na Kippers.