BREXIT: ‘Níl a fhios againn céard atá uathu toisc nach bhfuil a fhios acu féin’

Tá vótóirí sa Ríocht Aontaithe ag freagairt ceiste i reifreann inniu, cé nach ionann í agus a cheist a chuir an rialtas i Londain, áit a bhfuil ár gcolúnaí faoi láthair. Cathal Mac Coille i Londain

London_Thames

Nuair a chuireann rialtas ar bith i dtír ar bith ceist ar bith faoi bhráid vótóirí, is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin. Ní ar cheist an rialtais amháin a thugann na vótóirí freagra, ach ar cheist eile nó ar mhórán ceisteanna eile.

Tháinig David Cameron agus ceannairí eile an Aontais Eorpaigh ar chomhréiteach i mí Feabhra faoi choinníollacha nua bhallraíocht na Breataine san AE. Ní raibh aon athrú mór dáiríre sa chomhréiteach, taobh amuigh de shrianta ar chearta leasa shóisialta do dhaoine ó thíortha eile.

Cibé toradh a bheas ar reifreann an lae inniu, dála an scéil, ní foláir dár rialtas a dheimhniú nach gcuirfidh na srianta nua isteach ar Éireannaigh atá ag cur fúthu sa Ríocht Aontaithe, nó a rachaidh anonn nó ó thuaidh amach anseo.

Dá fheabhas nó dá dhonacht an comhaontú a d’fhógair Cameron ceithre mhí ó shin, is cuma. Níor thagair sé féin dó ach ó am go ham, toisc gur léir dó féin agus dá naimhde gur rogha i bhfad níos bunúsaí agus níos leithne atá le déanamh ag na vótóirí inniu.

Ba dheacair gairm chun vótála níos fearr a chumadh ná an ceann a chum Dominic Cummings, stiúrthóir cliste an fheachtais i bhfabhar imeacht ón AE. Seachnaíonn ‘Vote Leave – Take Control‘ tuairim na saineolaithe oifigiúla go léir (Banc Shasana ina measc) go ndéanfadh ‘Imeacht’ aimhleas eacnamaíochta na tíre.

Cén fáth? Toisc nach ar chúrsaí eacnamaíochta dáiríre ach ar shaoirse na tíre i gcoitinne agus ar cheist na hinimirce go háirithe a thabharfaidh go leor daoine breithiúnas sa reifreann. Mar a léiríodh don cholúnaí seo le linn comhrá le bean mheánaosta (arb as Ros Comáin a seanmháthair) a bhí suite le m’ais ar thraein i Londain inné.

Whatever happens we’ll get over it,” a dúirt sí, “but if we leave, we’ll be in charge, not somebody else.”

Níl aon amhras ach gur mian le lear mór vótóirí, i gceantair íseal-aicmeacha go háirithe, stop a chur le síortheacht daoine ón iasacht, nó a líon a laghdú ar a laghad. Níl a gcás míréasúnta ná ní bunaithe i gcónaí ar chiníochas a bhíonn sé. Níl sé soiléir in aon chor go gcuirfeadh Breatimeacht ar chumas an rialtais i Londain líon na n-inimirceach a laghdú, ach ní féidir an cás a chruthú ar cheachtar taobh den argóint.

D’fhéadfá coimhlint idir croí agus ciall a thabhairt ar an argóint seo, nó mar a dúirt an t-iar-phríomhaire John Major cúpla lá ó shin, comórtas idir mothúcháin agus fianaise eacnamaíochta. Tá meon eile le brath anseo freisin gan dabht: an neamhthoil Shasanach dul i gcomhpháirtíocht agus flaithiúnas a roinnt le tíortha eile na hEorpa.

Is treise an dóchas i Sráid Downing anois, de réir gach tuairisce, go vótálfar i bhfabhar fanacht san AE. Má fhógraítear toradh dá leithéid ag am bricfeasta amárach, beidh áthas ar mhórán ceannairí agus státseirbhísigh ar fud na hEorpa. An fáth? An liosta fada ceisteanna móra casta a bheifear ábalta a chur i leataobh.

Dúirt státseirbhíseach i mBaile Átha Cliath liom cúpla lá ó shin go mbeadh fadhb mhór bhunúsach le réiteach ar fud na hEorpa agus idir Baile Átha Cliath agus Londain sa chás go n-éireodh le taobh na Breatimeachta.

Cén cineál caidrimh leis an AE a theastódh ón Ríocht Aontaithe? Socrú mar atá ag Ceanada leis an Aontas, mar shampla, nó an Eilbhéis, nó an Iorua, nó nasc de chineál éigin eile? Cá bhfios?

“Níl a fhios againn céard a theastódh uathu,” a dúirt sé agus vóta Imeachta á phlé againn, “toisc nach bhfuil a fhios acu féin.”

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'BREXIT: ‘Níl a fhios againn céard atá uathu toisc nach bhfuil a fhios acu féin’'