BREXIT: Ní thuigeann siad fós gur cuma sa sioc le ceannairí na hEorpa faoi chás na hÉireann…

Is léir ón gcaoi a bhfuil na polaiteoirí mór le rá ag cliopaireacht leo nach bhfuil tuairim acu céard ba chóir dóibh a dhéanamh anois

European_Commission_flags EU

Is é an tábhacht a bhaineann le Breatimeacht ná go ndúisíonn sé ceist mhór faoi inmharthanacht an Aontais Eorpaigh féin. Agus is léir, ón gcaoi go bhfuil na polaiteoirí mór le rá ag cliopaireacht leo nach bhfuil tuairim acu céard ba chóir dóibh a dhéanamh anois, bídís in Éirinn nó ar Mhór-roinn na hEorpa.

Buille mór don fhiontar Eorpach is ea an vóta ar son imeacht na Breataine ón Aontas, mar caitheann sé amhras ar an mian ollstát a dhéanamh den Aontas agus deireadh a chur le smacht na mballstát ar a gcinniúint féin.

Ar a shon sin uile,  tá Uachtarán na Fraince ag fógairt gur chóir dlús a chur leis an iarracht nasc níos láidre a dhéanamh idir na ballstáit atá fágtha san Aontas. Agus an méid sin á fhógairt aige tráth a bhfuil an Fhrainc féin ina cíor thuathail ag círéibeacha in aghaidh ionsaí an Aontais ar chearta lucht oibre.

Tá níos mó céille ag na Gearmánaigh a thuigeann nár chóir rith le brothall, agus a thuigeann freisin nach iad na Sasanaigh amháin a bhfuil amhras orthu faoin bhfiontar Eorpach.

Roimh reifreann Brexit, bhí tíortha an ghrúpa Visehrad (an Pholainn, an Ungáir, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic) ag gearán go raibh an tAontas ag dul sa treo mícheart agus nár thuig uasal-aicme an Aontais mianta an phobail.

Bhí tíortha eile, ar nós na Danmhairge agus na Sualainne, ag brath ar Shasana le srian a chur ar an ‘síordhlúthú’, agus is mó fós an imní a bheidh orthu in éagmais na Breataine.

Agus anuas air sin ar fad, tá ag méadú ar líon na ndaoine sa Fhrainc agus san Ísiltír atá ag iarraidh go leanfaí sampla na Breataine.

Déarfar, ar ndóigh, gur páirtithe is polaiteoirí atá i bhfad amach ar an eite dheis, ar nós Marine Le Pen sa Fhrainc agus Geert Wilders san Ísiltír, atá chun tosaigh maidir leis an éileamh sin. Ach má fhágann cur chuige lucht na heite clé go bhfuil folús polaitiúil le líonadh, cén mhaith dóibh a bheith ag gearán nuair a éiríonn le lucht na heite deise na daoine a mhealladh chucu.

Tá na tráchtairí in aimhréidh freisin.  Ar thaobh amháin táthar ann, ar nós Peter Sutherland, a deir go gcaithfidh muid seift a aimsiú chun neamhní a dhéanamh de thoradh an reifrinn, agus, ar an taobh eile, táthar ann a cheapann nach cóir cead vótála a thabhairt do dhaoine nach bhfuil chomh hoilte, mar dhea, is atá lucht tacaíochta an Aontais.

Níl polaiteoirí na tíre seo puinn níos fearr.  Tá siad ag brath ar lucht ceannais an Aontais lena chinntiú nach gcuirfí teorainn i bhfeidhm in Éirinn a chuirfeadh isteach ar thrádáil nó saoirse taistil ár muintire.

Ach ba chóir go dtuigfeadh siad, i bhfianaise an easpa spéise a bhí ag an Aontas i leas na hÉireann aimsir na géarchéime baincéireachta, gur cuma sa sioc le leithéidí Juncker, Merkel, Hollande ár gcásna.

Deir Bertie Ahern nach mbeidh cead – sea, cead – againn dul i mbun idirbheartaíochta le Sasana as ár stuaim féin.  Ach sin díreach an rud a chaithfeas rialtas na hÉireann a dhéanamh.

In ionad a bheith ag labhairt ar son na hAlban sa Bhruiséil ba chóir go bhfógródh an Taoiseach gur bunphrionsabal atá againn, agus nach ngéillfear orlach ina thaobh, nach nglacfaidh an tír seo le teorainn ‘chrua’ idir tuaisceart agus deisceart.

Ba chóir dúinn é a dhéanamh soiléir freisin nach mbeidh muid páirteach in ollstát Eorpach, agus más gá imeacht ón Aontas go ndéanfadh muid amhlaidh.

Ceapaim go ndearna Sinn Féin botún nuair a thaobhaigh siad leis an Aontas i gcoinne na Breatimeachta, ach aontaím leo céad faoin gcéad nár cheart gur faoi Shasana a bheadh sé cinneadh faoin Aontas Eorpach a dhéanamh d’aon chuid dár dtír.

Tá mé amhrasach ámh go mbeadh fonn ar aon chuid de na hAontachtóirí, a vótáil ar son an Bhreatain fanacht san Aontas Eorpach, teacht isteach leis na 26 contae ina ionad. Ach ba chóir reifreann a reáchtáil faoin gceist ar aon chuma.

Ar ndóigh, in ainneoin na bagairte faoin tubaiste a leanfadh Brexit, níor tharla a leithéid.  Tá na margaí socraithe síos agus tá a fhios againn go bhfuil dhá bhliain ann le teacht ar chóras nua i dtaobh chaidreamh na Breataine leis an gcuid eile den Eoraip.

Ach caithfidh na polaiteoirí go léir glacadh leis go bhfuil cinneadh déanta ag muintir Shasana nach féidir a chur ar ceal.  Tá sé in am tosú ar dhíospóireacht stuama  chiallmhar faoi na roghanna atá os ár gcomhair agus go príomha, an rogha go gcuirfí deireadh leis an ngluaiseacht i dtreo ollstát Eorpach. Is gá plé a dhéanamh anois ar conas aonad eacnamaíochta is trádála a thógáil as iarsmaí an Aontais Eorpaigh.