BREXIT: Ní nach ionadh go bhfuil an dream aosta i Sasana ar son na Breatimeachta

Na seandaoine atá ag gearán faoin Aontas Eorpach, tá faitíos orthu faoina bhfuil i ndán dá bpáistí

Brexit Mapa

Fiú mura bhfuil cur chuige nua ar fáil sa bpolaitíocht go fóill, tá ar a laghad éileamh nua ar a leithéid.  Agus sin é atá taobh thiar den chaint faoi pholaitíocht nua, agus go deimhin taobh thiar, cuid mhaith, den iarracht sa mBreatain imeacht as an Aontas Eorpach.

’Sé sin go n-airíonn an-chuid daoine nach n-éistear leo, is nach bhfuil aon slí acu lena gcuid tuairimí is a gcuid buarthaí a chur in iúl. ’Sea, i Sasana is iad seandaingin an tsóisialachais is an Labour Party is láidre atá ar son na Breatimeachta.

Agus thar aon rud eile, tá líon na ndaoine nach bhfuil cinnte faoina bhfuil i ndán dóibh ag dul i méid agus, níos measa fós, tá ag méadú ar líon na ndaoine a chreideann go mbeidh a gclann níos measa as ná iad féin.

’Sea, na seandaoine atá ag gearán faoin Aontas Eorpach, tá faitíos orthu faoina bhfuil i ndán dá bpáistí.

Cloistear a lán sa díospóireacht maidir le ceist an phinsin mar fhadhb nach bhfuil ach ina tús: ’sé sin, nach mbeidh dóthain airgid curtha ar leataobh sa státchiste le saol compordach a chur ar fáil do dhaoine nuair a éiríonn siad as bheith ag obair go lánaimseartha, nó nuair nach mbeidh ar a gcumas leanúint leis an obair.

Agus má thugtar cluas le héisteacht do na polaiteoirí braitear nach bhfuil mórán suim acu sa chaipiteal sóisialta fad is a bhaineann sé le ceisteanna fostaíochta, tithíochta, sláinte, oideachais nó eile.

Feictear do dhaoine go bhfuil siad ina n-aonar, agus fiú mura bhfuil siad cinnte faoin réiteach atá ar an bhfadhb, tá a fhios acu go bhfuil fadhb ann, agus gur fadhb mhór í.

Ach ní hé ‘an buama pinsin’ amháin atá ag déanamh imní dóibh ná ní fiú gurb é an príomh-údar imní atá acu.

Breathnaigh ar fhadhb na tithíochta.

Nuachtán ar bith a léifeá na laethanta seo bíonn amadán éicint ann ag caitheamh anuas ar andúil an Éireannaigh in úinéireacht tithe. Cén fáth, a fhiafraíonn siad go casaoideach nach bhfuil muid sásta teach a fháil ar cíos mar a dhéanann siad, a deirtear, ar Mhór-roinn na hEorpa?

Agus tá an córas dírithe ar bhrú a chur orainn glacadh le socrú mar sin. Ní féidir leis an ngnáthdhuine morgáiste a fháil, agus nuair a thugann an rialtas aghaidh ar an scéal is ag iarraidh coinníollacha a dhéanamh níos éasca don infheisteoir a bhíonn siad, don té a bhfuil airgead aige is a dhéanfaidh airgead as tithe a ligean ar cíos.

Níl mórán cainte faoi chosaint nó faoi chúnamh a thabhairt do dhaoine a mbíonn orthu tithe ar cíos a fháil ná faoina gcuid riachtanas siúd i dtaobh páistí nó eile.

Ach údar mór imní eile ag na seandaoine atá imníoch faoina bhfuil i ndán dá gclann: céard a tharlós don aos óg nach féidir leo teach a cheannach nuair a bheas siad aosta?

Smaoinigh air. I mBaile Átha Cliath is minic a chaitear €1,400 sa mhí ar theach.  Tá €235 le fáil go seachtainiúil (sé sin €1,020 sa mhí) ar phinsean. Más duine aonair atá i gceist, ní féidir an méid sin a íoc.  Más beirt atá i gceist, is ar éigean gur féidir.

Ba chuma dá mbeadh an dlúthchomhar sóisialta fréamhaithe sa tsochaí, agus tithíocht ar cíos ar fáil ón stát amháin, ach níl.

Agus níl lucht an chórais pholaitiúil atá sa treis ag geallúint aon athrú ar an scéal sin, in ainneoin na cainte faoin bpolaitíocht nua.

Agus má leanann daoine óga ag tabhairt tacaíochta do na seanpháirtithe a chinntíonn go bhfanann cúrsaí mar atá, is muid ag suansiúl isteach i dtubaiste bhochtaineachta.

Tá géarghá le réiteach a fháil ar an bhfadhb seo, ach is í an chéad chéim ná tús a chur le díospóireacht faoi, díospóireacht a thabharfadh tús áite do riachtanais an ghnáthdhuine, in ionad a bheith i gcónaí ag iarraidh bealaí a aimsiú le brabús a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil airgead le hinfheistiú acu.

Agus nuair a phléitear an rogha idir chlé is deis, sin é atá i gceist: ligean do dhaoine an bád a iomramh nó an bád a chailleadh. Is rogha atá ann idir daoine a fhágáil astu féin nó seasamh leo agus féachaint chuige go bhfuil saol maith acu, bíodh siad óg nó aosta, folláin nó tinn.

Faraor, ní féidir a leithéid de shochaí a bhaint amach faoi rialacha gheilleagar na saoriomaíochta, faoi chóras eacnamaíochta a thugann tús áite don rachmas is don bhrabús.

Agus sin é an fáth nach féidir é a bhaint amach faoin Aontas Eorpach mar atá.  Tá athchóiriú ar an Aontas riachtanach, ach ní bhainfear an méid sin amach ach an oiread mura gcuirfear brú ar lucht na cumhachta sa Eoraip athchóiriú a dhéanamh.

Ní hionadh go bhfuil an dream aosta i Sasana  ar son na Breatimeachta.