BREXIT: Ní hionann agus polasaí ‘fearg agus faitíos’

Tá an oscailteacht do thíortha agus do thaithí eile riachtanach chun leithliseachas Thuaisceart Éireann a shárú

Brexit

Faitíos. Le dhá mhí níl cloiste againn ach scamhailéireacht ó lucht na Breatimeachta gur cothú faitís an t-aon pholasaí atá ag lucht an fheachtais fanachta.

Áibhéil agus deargbhréagadóireacht atá lucht fanachta a chur i leith an taoibh eile. Bhí cuid den cheart ag an dá dhream agus é sách deacair a dhéanamh amach cén teachtaireacht a ghabhfadh i gcion ar na vótóirí.

Rinneadh talamh slán de le tamall go roghnódh móramh i dTuaisceart Éireann fanacht san Aontas Eorpach. De réir pobalbhreitheanna a rinneadh le coicís anuas áfach tá an móramh sin laghdaithe ó 44% go 37% agus méadú ó 20% go 27% ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu imeacht as an AE. Is ar na daoine a dúirt nach raibh a n-intinn déanta suas acu a díríodh aird sna laethanta deireanacha den bhfeachtas.

An ndéanfaidh marú Jo Cox, feisire Parlaiminte, difríocht nuair a chaithfidh daoine vóta Déardaoin? An ndéanfaidh an déistin a d’airigh a lán le póstaer ciníoch Nigel Farage ‘Breaking Point’ difríocht? Mí-úsáid scannalach ab ea é as pictiúr de theifigh ina scuaine ag iarraidh a mbealach a dhéanamh isteach san Aontas Eorpach. Ní hiontas go raibh fuadar faoi Michael Gove agus Boris Johnson chun stiúideo nó ardán lena rá go raibh siad féin báúil le hinimircigh! Seans go raibh sé rómhall nuair a léirigh siad éiseal le UKIP!

Ní polasaí é faitíos. Agus ní polasaí é fearg. Bhí an feisire Jo Cox ar dhuine den bheagán a labhair amach go hoscailte, bríomhar faoi na buntáistí a bhain an Bhreatain as inimirce. B’fhéidir go bhfaighimis amach sa chúirt amach anseo an raibh baint aige sin leis an ionsaí marfach uirthi.

Is minic tagairt déanta sa cholún seo do ‘ghile’ an phobail abhus. Níl líon mór inimirceach sa réigiún. Dá ainneoin sin, ní hiontas é ar an aimsir seo gearáin a chlos ó dhaoine atá báúil le Breatimeacht go bhfuil ‘an iomarca’ strainséirí i nDún Geanainn, cuir i gcás nó go bhfuil na sluaite ón Rómáin ag fáil an dóil. Seafóid. Ach tá siad meáite de go bhfuil sé fíor agus gurb iadsan atá ag íoc as. Is mór an náire é go bhfuil lucht imeachta ag scaipeadh miotais mar seo.

Agus céard atá déanta ag lucht Fanachta faoi? Fíorbheagán. Níl ach corrdhuine ag dul i ngleic leis na ráitis seo; seans go bhfuil siad den bharúil gur cur amú ama é. Tá an tseandeighilt sheicteach de dhlúth agus d’inneach sa phlé; náisiúnaithe den chuid is mó ag iarraidh fanacht san AE agus aontachtaithe i bhfabhar Breatimeachta. Páirtí Eorabhách ab ea an SDLP riamh agus ardmholadh aige ar bhuanna an AE. Tá Sinn Féin go tréan i bhfabhar fanacht an uair seo – ach tá a naimhdeas traidisiúnta don AE á chaitheamh leo ón eite chlé agus dheis. Thuairisc pobalbhreitheanna san Newsletter agus san Belfast Telegraph titim bheag ar an tacaíocht náisiúnach don AE le cúpla seachtain anuas ach fós féin níl ach 12% acu ag iarraidh imeacht. Aithníonn siad laigí agus lochtanna an AE ach is mó acu an fhealsúnacht taobh thiar de. Ar an Luan d’fhoilsigh an Irish News, nuachtán laethúil náisiúnach, eagarfhocal ag moladh an nasc leis an Eoraip nua-aoiseach.

Ar an taobh aontachtach tá feachtas bríomhar chun imeachta á rith ag an DUP agus a lucht tacaíochta ag éisteacht leo, cé is moite de dhaoine cois teorann. Tá an UUP i bhfabhar fanacht ach teachtaireacht dhoiléir acu arís eile, port amháin ag an gceannaireacht reatha agus port eile ag roinnt de na seanfhondúirí a mholann cúrsaí sa tseanaimsir. Tá saoirse vótála ag a n-ionadaithe tofa agus tá an feisire Tom Elliott, iarcheannaire an UUP ag tacú le Breatimeacht.

Ba chosúil i ndiaidh an uafáis i Yorkshire go mbeadh casadh eile sa scéal i Sasana agus daoine ag tabhairt droim láimhe le Breatimeacht. Más fíor sin, is lú an tionchar a bheidh ag an vóta sna réigiúin dhíláraithe ar an toradh. Dá ainneoin sin, tá tábhacht as cuimse leis an reifreann do na réigiúin sin, astu féin, agus do Thuaisceart Éireann go háirithe. Bhí tionchar thar na bearta ag tacaíocht mhorálta agus maoiniú an AE ar an tsíocháin. Ba dheas iad sin a choinneáil ach thar aon ní tá an oscailteacht do thíortha agus do thaithí eile riachtanach chun leithliseachas Thuaisceart Éireann a shárú.

Fág freagra ar 'BREXIT: Ní hionann agus polasaí ‘fearg agus faitíos’'