BREXIT: Na cártaí oráiste agus glasa á n-imirt i gcónaí

Dúirt páirtithe, saoithe agus draoithe linn arís agus arís eile nach raibh an vótáil sa reifreann bunaithe olc, maith ná dona ar ‘Oráiste v Glas’ ach…

BREXIT: Na cártaí oráiste agus glasa á n-imirt i gcónaí

An t-eiteachas d’éileamh ar stádas speisialta san Aontas Eorpach do Thuaisceart Éireann. Sin é an cinneadh a rinne 47 Teachta i Stormont Dé Luain, duine amháin sa bhreis ar an lion a vótáil i bhfabhar rún ag iarraidh aitheantas ar leith don réigiún d’ainneoin na Breatimeachta.

Gach seans gur beag aird a thabharfaí ar an éileamh i Londain ós cosúil nach mian leis an bPríomh-Aire May ról a cheadú d’aon ionadaí ó na réigiúin dhíláraithe. Tá an Taoiseach Enda Kenny agus na páirtithe uilig i dTeach Laighean báúil le seasamh speisialta don Tuaisceart, ar mhaithe le dhá thaobh na teorann. Ní fios cén dearcadh a bheidh ar a leithéid san AE ach chinntigh móramh aontachtach, le cabhair ó Phobal Roimh Bhrabach, a staon, nach ndéanfadh an Tionól an t-iarratas.

Údar iontais ab ea é gur theip ar an rún ó bhí móramh pháirtithe an Tionóil in éadan na Breatimeachta sa reifreann. Céim thar fóir don UUP ab ea stádas difriúil ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin thacaigh siad leis an DUP chun droim láimhe a thabhairt leis an rún a mhol Colum Eastwood, ceannaire an SDLP.

Cháin Eastwood easpa gnímh an Fheidhmeannais go dtí seo. Níor leor ó Shinn Féin a bheith páirteach i léirsithe fán teorainn nuair nach raibh faic á dhéanamh acu sa bhFeidhmeannas, a dúirt sé. Bhí sé binbeach faoi chur chuige Arlene Foster agus Martin McGuinness, an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire; ba cheart dóibh a bheith ag ‘ciceáil an dorais’ ag Uimhir a deich Sráid Downing, dar leis, in áit a bheith ag fanacht go foighdeach le freagra ar an litir a sheol siad ag an bPríomh-Aire May i mí Lúnasa.

Tar éis cúpla freagra giorraisc a thabhairt ar Eastwood, vótáil Sinn Féin i bhfabhar rún an SDLP. Rinne Alliance agus an Comhaontas Glas amhlaidh. Tá na ceithre pháirtí ag comhoibriú le chéile i gcás cúirte a thugann dúshlán rialtas na Breataine i dtaca leis an mBreatimeacht. Ta siad ar fad báúil le cur chuige uile-Éireann agus beidh said ag freastal ar chainteanna an Taoisigh ag tús na Samhna.

Ní bheidh an DUP ná an TUV ag na cainteanna sin, ní nach ionadh. Níl an UUP toilteanach freastal ach an oiread, cinneadh atá níos deacra a thuiscint. Rochtain ar an margadh Eorpach seachas stádas speisialta a theastaíonn ó Mike Nesbitt agus a pháirtí, a deir siad. Ní léir gur chúis é sin le diúltú do chuireadh an Taoisigh, ach seans go bhfuil údar eile acu.

Dúirt páirtithe, saoithe agus draoithe linn arís agus arís eile nach raibh an vótáil sa reifreann bunaithe olc, maith ná dona ar an tseandeighilt oráiste v glas, nó aontachtach v náisiúnach.

Chothaigh an vóta i Stormont Dé Luain ceisteanna faoi sin, áfach. Chaith gach duine a bhí i láthair a úsáideann an lipéad aontachtach vóta in aghaidh stádas speisialta agus gach náisiúnach agus ‘eile’ cé is moite d’Éamonn McCann agus Gerry Carroll ina fhabhar.

Bhí míniú air sin le fáil sna torthaí ar shuirbhé acadúil ar 4,000 vótóir. IPSOS Mori a rinne an taighde thar ceann Ollscoil na Ríona. De réir na tuairisce, thacaigh 66% d’aontachtaithe le Brexit agus bhí 88% de náisiúnaithe ina choinne; díobh sin nárbh aontachtaithe ná náisiúnaithe iad bhí 70% i gcoinne na Breatimeachta.

Díol suntais é gur vótáil 30% de lucht tacaíochta an DUP in aghaidh na Breatimeachta in ainneoin an páirtí a bheith cíocrach ina fabhar. B’fhéidir gur fearr a thuigfear cur chuige saghas scitsifréineach an UUP nuair a chítear go raibh 54% dá vótóirí i bhfabhar na Breatimeachta cé go raibh Nesbitt agus polasaí oifigiúil an pháirtí ina coinne. Seans go bhfuil baint aige sin le bordáil an pháirtí i dtreo na n-aontachtaithe eile.

Mhaígh an DUP gur bheart frithdhaonlathach é diúltú do thoradh an reifrinn san Ríocht Aontaithe ina hiomláine agus 52% i bhfabhar na Breatimeachta. (56% i dTuaisceart Éireann a vótáil ina héadan). Beidh freasúra na Breatimeachta i dTuaisceart Éireann ag treisiú ar a bhfeachtas as seo amach agus ag cur brú ar rialtas na hÉireann seasamh leo. Creideann Sinn Féin agus an SDLP gur sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta é stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann a athrú le Brexit.

Tá na hargóintí bunaithe ar théacs an Chomhaontaithe mar a léirigh Cathal Mac Coille ina alt ar Tuairisc.ie Dé Sathairn seo caite. Táthar ag fanacht le breithiúnas cúirte ar na ceisteanna seo, fad is atá ag géarú ar an imní atá ar dhaoine agus faobhar á chur le feachtais.

Fág freagra ar 'BREXIT: Na cártaí oráiste agus glasa á n-imirt i gcónaí'