Brexit: Lámh na déirce a shíneadh amach do chomhlachtaí móra ar chuma leo fúinn, nó a bheith neamhspleách…

Sa chás go mbeadh vóta ag Éireannach ar bith faoi Bhrexit, ba cheart é a úsaid ar son na hÉireann, ar son an neamhspleáchais agus ar son na saoirse

Tá polaiteoirí na hÉireann imithe le gealaigh le tamall mar gheall ar an mbaol go bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach. Ach má tá tacaíocht phobal na Breataine do Bhrexit ag dul i méid, mar atá a thugtar le fios sna pobalbhreitheanna is deireanaí, is cosúil nach bhfuil aon mhacnamh déanta ag polaiteoirí na hÉireann maidir le céard ba chóir don tír seo a dhéanamh sa gcás go mbeadh Brexit ann.

Ó dheireadh na gcaogaidí, is é an polasaí atá ag bunaíocht an stáit seo ná níos mó airde a thabhairt ar an mBruiséil ná mar a thugtar ar an mBreatain, fiú má bhíonn siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.

Déanann muid níos mó trádála leis an mBreatain ná mar a dhéanann muid leis an Eoraip, ach tugann an ceangal leis an Eoraip deiseanna breise dúinn in am an ghátair. Is féidir linn cárta amháin a imirt nuair a oireann agus cárta eile a imirt nuair a oireann sin.

Tubaiste a bheadh ann, i dtuairim na bunaíochta, mar sin, dá dtiocfadh aon athrú ar an dá cheangal sin – leis an Eoraip agus leis an mBreatain. Ach siod é an t-am le plean ceart a chur le chéile agus agus seans maith ann go mbaileoidh an Bhreatain léi as an Aontas Eorpach. B’fhearr a bheith ag pleanáil don Brexit in ionad a bheith inár suí thart ag súil nach dtarlódh a leithéid.

I ndáiríre, níor chóir go mbeadh an oiread sin imní orainn faoin scéal. Ba chóir díospóireacht a bheith againn ar aon chuma faoi chaidreamh na tíre seo leis an Eoraip.

Sea, tá dhá leagan den Aontas Eorpach ann. Ar láimh amháin, tá an Eoraip ann atá ina limistéar eacnamaíochta, cómhargadh más mian leat, agus ba chun a bheith páirteach sa mhargadh sin a ghlac muid le ballraíocht sa gComhphobal Eorpach ar dtús.

Ach ar an láimh eile, tá an Fiontar Eorpach ann a chuireann roimhe ollstát a dhéanamh den Aontas agus deireadh a chur leis na naisiúnstáit atá mar bhaill den AE. B’shin a bhí taobh thiar de gach conradh a tugadh isteach ó bhain muid ballraíocht amach san AE, go háirithe Conradh Maastricht, Conradh Liospóin agus an an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach.

Léirigh géarchéim na baincéireachta nach raibh leas na stát beag ar aon dul le leas na náisiún mór. I gcás na hÉireann, brúdh bearta déine orainn ar mhaithe le bainc na hEorpa a shábháil agus le cinntiú nach gcuirfí isteach ar eacnamaíocht na Gearmáine.

Níltear tar éis teacht ar aon réiteach ar dheacrachtaí limistéar an Euro, agus tá comhtháthú an Aontais faoi bhagairt anois de bharr ghéarchéim na dteifeach.

Arís eile, níl tada le rá ag bunaíocht an stáit seo faoin méid seo, agus iad ag súil go n-imeoidh na deacrachtaí astu féin.

I ndáiríre, ní chun leas na hÉireann é go gcaillfeadh muid cibé ceannas atá fágtha againn ar ár dtír féin, agus mar sin, ba chóir go gcuirfeadh muid fáilte roimh aon rud a lagódh an Fiontar Eorpach.

Sa gcómhthéacs sin, gheall Príomhaire na Breataine, David Cameron go n-éileodh sé athrú ó bhonn ar institiúidí an Aontais a chuirfeadh deireadh leis an ‘ever closer union’ sin atá ina bhagairt d’fhéinriail na Breataine, mar atá d’fhéinriail na hÉireann.

Ach má dhéanann na ceannairí rud ar bith eile a laghdódh ceannas na Breataine a thuilleadh, ní fiú mórán achainí Cameron.

Mura bhfuil an misneach acu dáiríre faoi an Brexit a chur ar bun, ní fiú tada caint Cameron. Ach má dhiúltaíonn muintir na Breataine don leathiarracht seo, thabharfadh sé sin dúshlán mór don fhiontar Eorpach.

Cheana féin, tá caint san Ísiltír agus i bPoblacht na Seice faoi chaidreamh úr leis an Eoraip a lorg sa gcás go dtiocfadh Brexit i bhfeidhm, agus i gcomhthéacs deacrachtaí eile an Aontais, is dócha go mbeidh tíortha eile ina ndiaidh aniar.

Má thagann Brexit i bhfeidhm, beidh idirbheartaíocht ann ar mhaithe le caidreamh nua ‘a shamhlú’ idir an Bhreatain agus an Eoraip, agus ba chóir go dtapódh muid an deis le hathruithe a oireann dúinne a lorg. An ceart, mar shampla, infheistíocht dhíreach a dhéanamh chun fostaíocht a chur ar fáil, nó cearta ár n-iascairí  nó an ceart bunúsach ár gcuid airgeadra féin a riar. Sin gan trácht ar ár gceart diultú don fhiacha a brúdh orainn.

Seo an rogha atá againn: lámh na déirce a shíneadh amach do chomhlachtaí móra eachtrannacha ar chuma leo fúinn, nó a bheith neamhspleách arís agus comhoibriú a dhéanamh ó thaobh na heacnamaíochta de.

Sa chás go mbeadh vóta ag Éireannach ar bith faoi Bhrexit, ba cheart é a úsaid ar son na hÉireann, ar son an neamhspleáchais agus ar son na saoirse.

Fág freagra ar 'Brexit: Lámh na déirce a shíneadh amach do chomhlachtaí móra ar chuma leo fúinn, nó a bheith neamhspleách…'