BREXIT: D’fhéadfadh aon neamhchinnteacht a leanfadh an reifreann deacrachtaí a chruthú do chomhlachtaí Gaeltachta – Údarás

Chuig an Ríocht Aontaithe a théann beagnach 20% de dhíolacháin easpórtála chliantchomhlachtaí an Údaráis

Udaras1

Tá Údarás na Gaeltachta “ag scrúdú” na n-impleachtaí a bhaineann le toradh reifreann Brexit, a dúradh i ráiteas a d’eisigh an eagraíocht fiontraíochta tráthnóna.

Tugtar le fios sa ráiteas gur chuig an Ríocht Aontaithe a théann beagnach 20% de dhíolacháin easpórtála chliantchomhlachtaí an Údaráis agus gurb ionann sin agus luach díolacháin €100 milliún sa bhliain.

“Tá na cliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag brath go mór ar an margadh sin agus cruthóidh aon neamhchinnteacht sa mhargadh deacrachtaí do chúrsaí trádála,” a dúradh.

Braithfidh go leor, a dúradh, “ar láidreacht an Steirling sna míonna romhainn”.

Is cúis imní don eagraíocht Ghaeltachta, leis, na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit d’earnáil thurasóireacht na Gaeltachta.

“Sa ghearrthéarma, is é an tionscal turasóireachta an earnáil is mó a mbeadh tionchar ag Brexit le feiceáil air, le 3.3 milliún nó 40% de thurasóirí chun na tíre seo ag teacht ón Ríocht Aontaithe.

“Agus ráta Steirling ag titim, mar shampla, ní bheidh an tír seo chomh tarraingteach mar cheann scríbe turasóireachta is a bhíodh, ní bheidh an tír chomh hiomaíoch agus a bhíodh do thurasóirí. É sin ráite, beidh baill eile an AE sa bhád céanna.”

Dúradh go gcaithfí a chinntiú go mbeidh “praghas iomaíoch ar na táirgí turasóireachta atá á dtairiscint ag an tír”.

Meastar, áfach, go bhféadfadh deiseanna gnó a bheith ann de thoradh an Brexit “go mór mór ó thaobh infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI) a mhealladh”.

“Ní bheidh sé iomlán soiléir sa ghearrthéarma cén cineál tionchair a bheidh aige ar gheilleagar na Gaeltachta agus ar na comhlachtaí atá lonnaithe ansin go dtí go mbeidh an próiseas sin [imeacht na Breataine ón AE] curtha i gcrích.

“Tá sé ráite go nglacfaidh sé cúpla bliain chun na sonraí uile a oibriú amach,” a dúradh i ráiteas an Údaráis.

Beidh an eagraíocht “ag scrúdú na n-impleachtaí” a bhaineann le Brexit dá gcliantchomhlachtaí agus “ag scrúdú na ndeiseanna a bheidh ann dóibh agus do gheilleagar na Gaeltachta sa tréimhse amach romhainn”.

Fág freagra ar 'BREXIT: D’fhéadfadh aon neamhchinnteacht a leanfadh an reifreann deacrachtaí a chruthú do chomhlachtaí Gaeltachta – Údarás'