BREXIT: Cad é a dúirt Martin McGuinness leis an mBanríon Eilís?

Tá an Cheist Bhunreachtúil ó thuaidh athmhúscailte agus tuilleadh guagachta i ndán dúinn

Pictiúr: by Aaron McCracken/Harrisons
Pictiúr: Aaron McCracken/Harrisons

Chuaigh An LeasChéad-Aire, Martin McGuinness go Caisleán Chromghlinne Dé Luain chun fáilte a chur roimh an mBanríon Eilís. Chaith siad fiche nóiméad i gcomhrá príobháideach le chéile. De réir gnáis, níor neosadh cén t-ábhar cainte a bhí acu.

Ar labhair siad faoi Bhreatimeacht? Faoi bhriseadh na Ríochta Aontaithe? Neamhspleáchas na hAlban? A éifeacht sin abhus? Míshástacht an mhóraimh a chaith vóta le fanacht san AE go bhfuil neamhshuim á déanamh iontu? Éileamh Shinn Féin ar vóta faoin teorainn – éileamh go raibh a fhios acu go maith nach bhfaigheadh éisteacht? Ar inis ceannaire Shinn Féin sa tuaisceart don Bhanríon faoin rabharta tuairimíochta náisiúnaí ar na meáin shóisialta ón Aoine ag éileamh ceangal leis an deisceart san AE?

Munar thagair McGuinness don bhorradh faoin bplé maidir leis an gceist bhunreachtúil caolseans gur inis an Chéad-Aire, Arlene Foster, don Bhanríon faoi. Is cosuil nach bhfuil a fhios ag an gCéad-Aire gur vótáil muinitir a toghcheantair féin, Fear Manach/Tír Eoghain Theas, ní áirím Tuaisceart Éireann trí chéile, chun fanacht san AE. Chuir an bhean atá in ainm is a bheith ina Céad-Aire do chách fáilte chroíúil roimh chinneadh an phobail imeacht as an AE. Sa Tionól Dé Luain bhí an DUP ar bís lena mheabhrú do theachtaí gur Westminster a bhí i gceannas. Chaithfí glacadh leis an toradh ó Shasana, arsa an DUP go ríméadach.

Tá go leor ráite ag Sinn Féin faoin toradh talamhchreathach. ‘Pléascán’ a thug McGuinness air, ach níor labhair Foster ná McGuinness sa Tionól faoin suaitheadh atá bainte as daoine. Níor deineadh d’iarracht chun daoine a chur ar a suaimhneas ach a rá go mbeidís ullamh don mhargáil –cibé uair a tharlós sé sin.

Chun a gceart a thabhairt dóibh d’eisigh Foster agus McGuinness comhráiteas ag rá le hinimircigh go raibh fáilte rompu i dTuaisceart Éireann – fainic d’éinne a bheadh ag smaoineamh ar an sampla ó Shasana a leanacht.

Cibé toradh fadtéarmach a bheidh ar vóta na Breataine imeacht as an Aontas Eorpach b’fhollasach taobh istigh d’uaireanta an chloig an iarmhairt ghránna. Ciníochas gan cheilt i Londain, Leeds agus iliomad láthair eile.

Ní mór a bheith san airdeall abhus nach ligfear do dhaoine atá tugtha don chiníochas dul thar fóir anois. Ba é an díol suntais ba mhó go dtí seo an fuinneamh agus an fonn bearráin a músclaíodh i measc náisiúnaithe a bhí patuar faoin status quo, nó sásta leis go dtí seo.

Tá a fhios ag an saol faoin éileamh mór ar fhoirmeacha iarratais le haghaidh pas na hÉireann; baineann sé sin le taisteal seachas le polaitíocht. Ach ba shampla é alt ar an suíomh idirlín sluggerotoole.com de na tuairimí a chualathas coitianta i measc náisiúnaithe, i ngnáthchomhráite agus ar na meáin shóisialta.

Go bunúsach, bhíodar ag rá nach mbíodh mórán suime acu sa pholaitíocht (mar is léir ón laghdú ar an vóta náisiúnach le ceithre bliana déag anuas) agus iad meathshásta leis an socrú faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cearta acu. Bhí aitheantas dleathach tugtha dá ndúil in Éire aontaithe agus bhí an teorainn cealaithe go praiticiúil. Bhí an saol socair go leor. Dhírigh siad ar rudaí eile. Ach tá cor nua tagtha sa scéal de thoradh Brexit. Níl siad sásta a bheith ceangailte le ‘Little England’ agus ceangal na gcúig gcaol orthu ag cibé faicsean de na Tóraithe a bheidh i réim. Níl aon dóchas acu as an Lucht Oibre, páirtí atá á alpadh féin.

Feictear dóibh nach bhfuil suim ar bith ag an gCéad-Aire a n-éilimh a shásamh.

Anuas air sin, is cosúil go bhfuil an oiread sin béime leagtha ag Sinn Féin ar an ‘Tús Nua’, agus go bhfuil rath an pháirtí ó dheas ag brath an oiread sin ar sheasmhacht Stormont, go ndiúltaíonn siad díospóireacht nó achrann a tharraingt sa Tionól. I ndiaidh an reifrinn, agus gan an sciath chosanta a bhain le ballraíocht san AE acu, tá na socruithe bunreachtúla i gComhaontú Aoine an Chéasta á gceistiú.

Meastar nach bhfuil i gcaint Shinn Féin faoin ‘border poll’ ach cur i gcéill, go háirithe i bhfianaise na teoirice nua faoi Éire (sórt) aontaithe a sheol an feisire Eorpach Matt Carthy le déanaí.

Tá caint na meánaicme náisiúnaí bríomhar. An dtiocfaidh athrú dá bharr? Cá bhfios? Tá sé sin chomh héiginnte le gach rud eile sa saol iar-reifrinn seo. Tuilleadh guagachta – an t-aon rud ar féidir a bheith cinnte faoi.