BREXIT: Baintear leas as dearcadh dearfach an DUP faoi chomhoibriú…

Ní theastaíonn ó Arlene Foster go mbeadh aon bhac ar thrádáil ná ar chomhoibriú eacnamaíocha idir an dá chuid den tír. Dea-chomhartha an méid sin…

Arlene Foster Enda Kenny
Arlene Foster le Enda Kenny

Cé gur dhiúltaigh an DUP páirt a ghlacadh san fhóram uile-oileánda a mhol an Taoiseach Enda Kenny le himpleachtaí na Breatimeachta a phlé, tá comharthaí ann go bhfuil fonn fós ar an DUP comhoibriú linn faoin scéal.

Dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP agus Céad-Aire an Tuaiscirt, agus í in éineacht le Martin McGuinness, gur thuig sí an tábhacht a bhain le limistéar comhthaistil a bheith ann idir gach cuid d’oileán na hÉireann agus an Bhreatain. Thug sí le fios chomh maith nach dteastaíonn uaithi go mbeadh aon bhac ar thrádáil ná ar chomhoibriú eacnamaíochta idir an dá chuid den tír.

Bheadh sé níos ciallmhaire ar ndóigh dá bpléifeadh an Taoiseach a mholadh i leith Fóram uile-oileánda leis an DUP sular chuir sé an moladh faoi bhráid an phobail, ach ní raibh Foster chomh borb is a d’fhéadfadh sí a bheith agus í á dhiúltú.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh Aontachtóirí ar aon phort le rialtas Bhaile Átha Cliath agus le náisiúnaithe an Tuaiscirt maidir le socrú fiúntach a bhaint amach i dtaobh cúrsaí taistil agus trádála thar teorainn.

Caithfidh an rialtas anois plean idirbheartaíochta leis an mBreatain a chur i dtoll a chéile a luaithe is a bheidh príomh-aire nua sa Bhreatain.

Caithfidh feidhmeannas an Tuaiscirt dul i mbun idirbheartaíochta ag an am céanna.

Ní hé go bhfuil aon tionchar dáiríre ag polaiteoirí an Tuaiscirt ar mheon is ar dhearcadh pholaiteoirí coimeádacha na Breataine ach tá realpolitik i gceist nach féidir a shéanadh.

Is é an realpolitik sin ná go mbeadh sé ionann is dodhéanta teorainn smachtaithe a chruthú idir an Tuaisceart agus an Deisceart. Thuig lucht rialaithe na Breataine é seo ón uair a bunaíodh an Saorstát, is níl aon athrú tagtha ar an scéal ó shin.

As an tuiscint sin a d’eascair an limistéar comhthaistil.

Dá mbeadh teorainn smachtaithe le bheith ann, bheadh sé riachtanach é a chur i bhfeidhm idir Éirinn uile agus an Bhreatain, faoi mar a cuireadh aimsir an chogaidh idir 1939 agus 1953.

Ní bheadh a leithéid ag teastáil ó na hAontachtóirí, cé nach dóigh liom go gcuirfeadh sé isteach an oiread sin orthu siúd atá ag iarraidh athaontú na tíre a bhaint amach.

Baineann an deacracht le cúrsaí trádála, thar rud ar bith eile, ach is ón Eoraip a thiocfaidh aon deacracht trádála. Tá bunús cheana féin againn, ó 1965, don trádáil gan táillí ná dleachtanna le Sasana.

Deir an tIar-Thaoiseach Bertie Ahern nach mbeidh cead againn dul i mbun idirbheartaíochta le Sasana as ár stuaim féin ach níl sé sin fíor, mar ní féidir le duine ar bith muid a stopadh ó bheith ag caint le dream ar bith eile.

D’fhéadfadh an tAontas Eorpach diúltú ligean d’aon socrú idir an dá thír mar gheall ar rialacha is cinntí an Aontais, ach ansin bheadh rogha shoiléir againn: géilleadh don Aontas agus an deis ar shocrú fiúntach a dhéanamh le Sasana a ligean le sruth, nó an dá mhéar a thabhairt don Aontas agus sampla na Breataine a leanúint.

Go deimhin, i gcaitheamh an fheachtais faoi Brexit, bhí urlabhraithe Shinn Féin go láidir den tuairim go mbeadh sé ‘doghlactha’ cuid den tír a bheith taobh istigh den Aontas agus an chuid eile a bheith taobh amuigh.

Ach dá bhfágfadh Éire an tAontas as a stuaim féin bheadh an dá chuid den tír taobh amuigh den Aontas.

Is sa gcomhthéacs sin ba cheart fáilte a chur roimh dhearcadh dearfach Arlene Foster faoi chomhoibriú. Níl sí ag iarraidh leas a bhaint as Brexit chun go ndéanfaí neamhní de stádas an Tuaiscirt, agus ba chóir do lucht na Poblachta (sa gciall is leithne den fhocal sin) comhoibriú go ciallmhar léi.

Tá Sinn Féin ag leagan béim ar reifreann faoin teorainn féin a reáchtáil agus is dóichí go mbeidh reifreann eile faoin neamhspleáchas in Albain.

Ní moladh atá dall ar an bpolaitíocht atá san éileamh seo, mar mhaígh ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, mar is cóir, go mbeadh díospóireacht rialta leanúnach ann faoin mbuntáiste a bhainfeadh le hathaontú na tíre go polaitiúil is ó thaobh na heacnamaíochta de.

Ach ta sé míréadúil amach is amach a cheapadh go mbeadh aontachtóirí a vótáil go bhfanfadh an Bhreatain san Aontas chomh meáite sin ar a bheith ina nEorpaigh go vótálfaidís ar son athaontú na tíre.

Ba mhó a theastaigh uathu go mbeadh an Bhreatain san Aontas ná mar a theastaigh uathu féin go pearsanta fanacht ann.

Ach trádáil is taisteal thar an teorainn, sin scéal eile.  Agus ó tá Arlene Foster agus an DUP ar aon tuairim linn faoin méid sin, is cóir dúinn tógáil air.

Mar, ar deireadh thiar, an amhlaidh go bhfuilimid ag iarraidh go dtiocfadh na haontachtóirí isteach i bpoblacht neamhspleách cheannasach, nó isteach i limistéar iargúlta den Aontas.

Fág freagra ar 'BREXIT: Baintear leas as dearcadh dearfach an DUP faoi chomhoibriú…'