Breosla Air Canada 877 caite amach os cionn Chonamara

Rinne eilteán de chuid Air Canada, arbh éigean dó teacht i dtír in Aerfort na Sionainne de bharr raice a tarraingíodh ar bord, a chuid breosla a fholmhú os cionn chósta Chonamara

Air Canada A320 C-FKCO

Tuigtear do Tuairisc.ie gur 31,000 troigh os cionn na farraige, gar go maith do Chloch na Rón i gConamara a d’fholmhaigh an t-eitleán an breosla breise sular tháinig sé i dtír i Sionna.

Aistear Air Canada 877 de réir flightaware.com

Dúirt urlabhraí de chuid Air Canada gur ar an deichiú domhanleithead thiar a scaoileadh an breosla ach nach raibh aon bhaol ann don fharraige ná do mhuintir na háite.

Míníodh go mbíonn eitleáin feistithe le soic speisialta a scaipeann an breosla in ard na spéire sa gcaoi go n-imíonn sé ina ghal i bhfad sula dtiteann sé ar an talamh.

“This is a necessary safety precaution to ensure the aircraft has a safe landing weight and occurs at a high altitude, in this case 31,000 feet. Aircraft ar equipped with nozzles that spray the fuel and this dissipates it so it evaporates long before it reaches the ground,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Cuireadh an t-eitleán ar mhalairt slí go hAerfort na Sionainne ag 8.20in Dé hAoine seo caite nuair a chuir bean, a bhí os cionn  ceithre scór bliain d’aois, isteach ar an eitilt. Bhí an t-eitleán ar an mbealach as Frankfurt na Gearmáine go Toronto Cheanada.

Fág freagra ar 'Breosla Air Canada 877 caite amach os cionn Chonamara'

  • Paul Humphreys

    an deichiú domhanfhad thiar (10° W longitude)