Breithlá an bhicíní á cheiliúradh an tseachtain seo…

Cultacha snámha aon phíosa go glúine le muinchillí fada ba choitianta ar mhná roimhe sin agus thóg sé seal maith blianta sula raibh glacadh forleathan leis an dearadh nua a bhí ‘peacúil’ dar le Pápa na linne

Ursula Andress sa scannán ‘Dr. No’
Ursula Andress sa scannán ‘Dr. No’

Beidh lá breithe á cheiliúradh an Mháirt seo chugainn ag an mbicíní nua-aimseartha a chonacthas den chéad uair 70 bliain ó shin i bPáras na Fraince.

Ní bréag ar bith a rá go raibh sé ar cheann de na baill éadaigh ba chonspóidí dá raibh ann ar feadh blianta. Bhí sé faoi chosc ag údaráis na Spáinne, na Portaingéile, na Beilge agus na hAstráile tráth agus rinne an Pápa féin cáineadh air.

 Innealtóir meicniúil a bhí i Louis Réard, an fear a dtugtar aitheantas dó as an gcéad bhicíní nua-aimseartha a dhearadh agus a chur i láthair an phobail, mar a rinne sé ar an 5 Iúil 1946. Ní raibh aon mhainicín sásta an bicíní a chaitheamh ag an seoladh agus d’fhostaigh sé Micheline Bernardini, 19 bliain, don ócáid, bean a bhíodh ina damhsóir nocht i seónna sa Casino de Paris.

 Ceithre cinn de thriantáin d’éadach, 30 orlach cearnach ar fad agus patrún bunaithe ar nuachtán a bhí sa chulaith nua seo. Ba é an difríocht idir é agus na cultacha snámha dhá phíosa, a raibh roinnt theoranta acu le feiceáil roimhe sin, go raibh an bicíní chomh beag sin go raibh imleacán na mban a bhíodh á chaitheamh le feiceáil. Údar iontais agus scannail a bhí sa dearadh seo agus tharraing sé conspóid go leor.

 Deirtear gurbh é seo an chéad bhicíní nua-aimseartha ach bhí dearadh den chineál céanna le fáil chomh fada siar le Ré na Rómhánach, 2000 bliain ó shin. Tá samplaí le feiceáil i mósáicí na linne sin de mhná i mbun lúthchleasaíochta agus éadach á chaitheamh acu a bhfuil dearadh an bhicíní air. 

 Ach ar feadh na mblianta fada, sular sheol Louis Réard a dhearadh conspóideach ag ócáid ag linn snámha poiblí Piscine Molitor, b’annamh a d’fheictí mná ag caitheamh culaith snámha dhá phíosa. Cultacha snámha aon phíosa go glúine agus muinchillí fada orthu ba choitianta a bhíodh ar mhná na linne sin agus thóg sé seal maith blianta sula raibh glacadh forleathan leis an gcoincheap nua. Go deimhin, dúradh faoi Réard go raibh sé fiche bliain chun cinn ar thoil agus ar mhian an phobail lena dhearadh réabhlóideach.

 Ó na hoileáin bheaga san Aigéan Ciúin, Atall Bikini, atá gar don mheánchiorcal agus a bhí go mór sa nuacht ag an am, a fuair Louis Réard ‘an bicíní’ mar ainm dá chulaith snámha nua.

Bhí na hoileáin sin i mbéal an phobail mar gur ansin, cúig lá roimh sheoladh an bhicíní, a baineadh úsáid astu mar láithreacha tástála do phléascáin núicléacha.

 Sa Fhrainc féin, cé gur ceadaíodh an bicíní ar thránna ar chósta na Meánmhara, cuireadh cosc air ar chósta an Atlantaigh agus i dtíortha eile máguaird.

 Eagraíodh an chéad chomórtas Miss World, nó an Festival Bikini Contest, sa bhliain 1951 agus nuair a bronnadh gradam an bhuaiteora ar bhean as an tSualainn agus bicíní á chaitheamh aici, cháin an Pápa Pius X11 an ócáid agus dúirt gur ball éadaigh “peacúil” a bhí sa bhicíní.

 Ach, de réir a chéile, thosaigh cáil an bhicíní ag méadú i measc na mban, go háirithe nuair a fuair an dearadh nua tacaíocht ó chuid de réalta móra na linne; Brigitte Bardot ar thránna Cannes agus Saint Tropez na Fraince, agus Sophia Loren, Betty Grable agus Marilyn Monroe i scannáin  mhóra na linne. 

 Ach ba i scannán James Bond, Dr No, sa bhliain 1962, a chonacthas an bicíní ab iomráití ar fad acu, an ceann bán a chaith Ursula Andress agus í ag siúl amach as an bhfarraige. ‘This bikini made me into a success,’ a dúirt sí féin faoin gcáil dhomhanda a tharraing an radharc scannáin sin uirthi.

 Ar ndóigh, is é an bicíní an chulaith snámha is coitianta a chaitear cois farraige ar fud an domhain anois agus deir an staraí faisin Olivier Saillard ón bhFrainc go bhfuil ceangal idir an chulaith snámha a roghnaítear agus saoirse na mban. Baineann sé le ‘the power of women, and not the power of fashion’, dar leis.