Breis agus 100 duine i láthair ag Slógadh na nGael i mBéal Feirste

Tháinig tuairim is 150 Gael le chéile do Shlógadh a d’eagraigh an Feachtas Dearg le cearta teanga a éileamh ag Stormont.

Chruinnigh Gaeil an Tuaiscirt ag Stormont ar a haon a chlog inniu le haghaidh an “Slógadh Frith-Chiníoch ar son an Chomhionannais”.

Eagraíodh an Slógadh i ndiaidh do Gregory Campbell MLA (DUP) scigaithris a dhéanamh ar an nGaeilge i gComhthionól Thuaisceart Éireann an mhí seo caite agus ráiteas eile a dhéanamh ina dhiaidh sin ag Ard-Fheis an DUP.

D’eagraigh An Feachtas Dearg, Gaeil aonaracha agus eagraíochtaí éagsúla a tháinig le chéile tar éis an Lae Dheirg níos luaithe i mbliana, an Slógadh inniu chun aird pholaiteoirí Stormont a dhíriú ar cheist na Gaeilge. Beartaíodh an Slógadh a ghairm inniu an 10ú Nollaig mar is é seo an Lá Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

Tá Acht Gaeilge á éileamh ag pobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ó gealladh an tAcht i gComhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006. Rinneadh an t-éileamh sin arís inniu ag an Slógadh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, a bhí i láthair ag an Slógadh inniu, gur léiriú a bhí san ollchruinniú ar dhíograis phobal na Gaeilge faoin gceist seo.

“Léiríonn an slua a tháinig amach anseo inniu beocht agus tiomántas phobal na Gaeilge agus ár n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh arís ag leibheál polaitiúil, go háirithe agus na cainteanna traspháirtí ag dul ar aghaidh faoi láthair. Ba mhian linn feasacht faoin Ghaeilge a ardú agus ceist na Gaeilge a chur i réimse cheist na gceart daonna i gcoitinne,” a dúirt sé.

Chuir Mac Giolla Bhéin brú ar pholaiteoirí “todhchaí níos fearr a chinntiú don Ghaeilge”.

“Tá an cumhacht ag na polaiteoirí todhchaí níos fearr a chinntiú don Ghaeilge agus seasamh in aghaidh an chiníochais de gach sórt; éilíonn muid orthu, agus go háirithe ar rialtas na Breataine, an rud ceart a dhéanamh.

Seoladh litir thar ceann 35 eagras Gaeilge chuig Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers, an tseachtain seo, ag impí uirthi Acht Gaeilge a áireamh sna cainteanna traspháirtí a bhfuil sí i bhfeighil orthu.

 

Ar cheann de na heagraíochtaí a chuir a lámh leis an litir, bhí POBAL, a bhí i láthair ag an Slógadh inniu freisin.

Sheol POBAL litir i gcomhpháirt le Turas, grúpa Protastúnach Gaeilge, chuig páirtithe Stormont ag lorg Acht na Gaeilge an tseachtain seo caite.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, go bhfuil tuiscint ag fás ar gach taobh nach bhfuil Acht Gaeilge ina “arm trodach”.

“Bhéarfaidh Acht Gaeilge cosaint agus tacaíocht don ghné is saibhre dár n-oidhreacht chomhroinnte – teanga atá 2,000 bliain d’aois agus a bhfuil taisce litríochta iontach aici, idir bhéaloideas, scéalaíocht agus amhránaíocht,” a dúirt sí.

D’impigh sí ar Rialtas na Poblachta “an fód a sheasamh” maidir le hAcht Gaeilge do Thuaisceart na hÉireann.

“Ní thig le polaiteoirí an Tionól leanstan leis an leatrom soiléir in éadan na Gaeilge. Mura bhfuiul siad in ann teacht ar chomhréiteach, agus Acht Gaeilge, cuimsitheach, ceartbhunaithe a thabhairt isteach, caithfidh an rialtas ó dheas an fód a sheasamh go gcomhlíonann rialtas na Breataine an gealltanas a thug sé ag Cill Rímhinn,” a mhaígh sí.

Tá an tAcht Gaeilge á bhrú chun cinn ag Aire Cultúir Thuaisceart Éireannn Carál Ní Chuilín (SF) le tamall anuas. D’impigh sí ar pháirithe Stormont tacaíocht a thabhairt dó arís inniu agus í ag an Slógadh.

Dúirt sí gur léirigh na hionsaithe deireanacha ar an teanga go bhfuil géarghá le Acht ceart-bhunaithe do phobal na Gaeilge.

Thagair sí do phlean Shinn Féin le haghaidh an Achta, áit a gceapfaí Coimisinéir Teanga agus a n-aontófaí scéimeanna teanga. Thabharfaí aitheantas freisin do cheantair Ghaeltachta agus do logainmneacha Gaeltachta.

Ní raibh urlabhraí ón DUP ar fáil le trácht a dhéanamh ar an Slógadh.

Fág freagra ar 'Breis agus 100 duine i láthair ag Slógadh na nGael i mBéal Feirste'