‘Breathnaigh, a Mhamaí, tá mo bhratachsa ag teach an phizza!’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is minic conspóid ag baint le ‘ceist na mbratach’

pizza-296036_1280

Seachtain stairiúil a bhí inti, 100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus tús leis na laethanta saoire Cásca b’fhaide le cuimhne na ndaoine. Bhí mo chroí i mo bhéal.

‘Breathnaigh Mamaí, tá na transformers ag teacht,’ a bhéic ‘Beainín na Naíonáin Bheaga’ amach. Bhreathnaigh mé is chonaic na róbatannaí móra a bhí ag déanamh orainn go creathach. ‘Fainic do chosa,’ a d’fhógair mé uirthi.

Bhí sí féin agus An Cailín Mór Beag suite ar an gcosán, a gcosa ar an mbóthar acu agus muid ag breathnú ar pharáid thraidisiúnta Chumann Lúthchleas Gael – banna ceoil as Minnesota agus Transformer robots in éineacht leo.

Thosaigh an ceiliúradh an mhaidin sin ag leathuair tar éis a sé. ‘Is inniu Lá’l Pádraig,’ a bhéic an ceannaire agus cuireadh tús leis an máirseáil shollúnta suas agus síos an halla agus bratacha in airde acu. Dhá lá roimhe sin, bhí searmanas Lá an Fhorógra sna scoileanna.

‘Níl aon bhratach agamsa,’ a dúirt an Cailín Mór Beag go brónach. Bhí a fhios agam gur ag an scoil a fuair ‘Beainín na Naíonáin Bheaga’ a ceann féin, ach níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh leis an mBabaí ceann a fháil, nó an raibh líne soláthair aige nach raibh muid ar an eolas faoi.

‘Gabh i leith uait,’ a dúirt mé leis an gCailín Mór Beag, ‘dathóidh muid ceann’.

Thriomaigh sí na deora de na plucaí agus chuaigh muid ag cartadh sa mbosca ar a bhfuil an teideal scaoilte ‘An Bosca Dathú’ air.

‘Is é an chaoi a n-oibríonn an bhratach, a Mhamaí, ná dathaíonn tú líne ghlas, fágann tú líne bhán agus ansin déanann tú líne oráiste,’ a mhínigh ‘Beainín na Naíonáin Bheaga’ dom go cabhrach. Dhírigh an Cailín Mór Beag a haird ar an líne ghlas agus thug faoin dathú le díocas nó gur tháinig sí chomh fada leis an líne oráiste.

‘Mamaí, níl aon oráiste againn,’ a bhéic sí amach agus práinn ina glór. Chuimhnigh mé gur rug mé ar an mBabaí an tseachtain roimhe sin agus an crián oráiste thiar ina bhéal aige agus é á chogaint. ‘Bain úsáid as an gceann dearg, tá sé gar go maith dhó,’ a dúirt mé agus mé i ngreim ag an éadóchas.

Cheangail muid an bratach le píosa cipín is thug aghaidh ar pharáid an bhaile mhóir. Ní raibh aon siopa a ndeachaigh muid thairis nach raibh bratach na hÉireann crochta air nó gur tháinig muid chomh fada le bialann Iodálach. ‘Breathnaigh, a Mhamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus ríméad uirthi, ‘tá mo bhratachsa ag teach an phíotsaf.’

Fág freagra ar '‘Breathnaigh, a Mhamaí, tá mo bhratachsa ag teach an phizza!’'