Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2015 buaite ag Coláiste na Tríonóide   

Ba iad foireann ón Scoil Dlí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a thug an chraobh leo ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2015 sna Ceithre Cúirteanna tráthnóna

Barry Mac Giolla Iasachta agus Colm Ó Néill le hAntoine Ó Coileáin, Gael Linn; Sinéad Ní Chúlacháin, Breitheamh sa Chúirt Chuarda, Colm Mac Eochaidh agus Bronagh O’Hanlon

 

Ba iad foireann ón Scoil Dlí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a thug an chraobh leo ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2015 sna Ceithre Cúirteanna tráthnóna.

Is iad Gael Linn a reáchtálann an comórtas bliantúil seo, le cabhair ó na habhcóidí Daithí Mac Cárthaigh agus Ruadhán Mac Aodháin, agus mic léinn dlí a bhíonn páirteach ann. Ainmníodh an comórtas i gcuimhne an Bhreithimh Cearbhall Ó Dálaigh. 

Achomharc in aghaidh breithe cúirte a bhíonn i gceist, agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré.  Bhí foirne ó Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, An Scoil Dlí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh páirteach i mbliana.

Bhain an cás le hiarbhall de chuid An Gharda Síochána a chuir an dlí ar Choimisinéir an fhórsa, agus é ag iarraidh a chruthú go raibh dliteanas ionadach ag na Gardaí as faillí in eachtra a thit amach le linn buirgléireachta nuair a fuair buachaill bás. Deir an t-iarGharda gur tháinig dianghalar air de bharr na heachtra.  Aighneachtaí béil a mhair tuairim is fiche cúig nóiméad a bhí ceadaithe, mar aon le frisnéis de thrí nóiméad. 

Ba iad foirne Bhaile Átha Cliath, An Scoil Dlí, An Coláiste Ollscoile agus Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí an chraobhbhabhta sna Ceithre Cúirteanna an tráthnóna sin. Fuair siad comhairle agus cúnamh ina n-ullmhúchán ó abhcóidí nuacháilithe, cuid acu a ghlac páirt sa chomórtas seo cheana. 

Is breithimh den Ardchúirt, Bronagh Ní Anluain agus Colm Mac Eochaidh, mar aon leis an mBreitheamh Sinéad Ní Chúlacháin ón gCúirt Chuarda a bhí mar mholtóirí ar an gcraobhbhabhta. Ba ag foireann Choláiste na Tríonóide, a ghlac taobh an achomharcóra, a measadh an bua a bheith.

NO REPO FEE 6-11-2015 Success for TCD team at Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2015! Pic shows: Winners of Breágchúirt Uí Dhálaigh 2015, the Irish language moot court competition organised by Gael Linn, Barry Mac Giolla Iasachta and Colm Ó Néill from Law,Trinity College, Dublin, School of Law as they presented with their title by (centre) Gael Linn’s Chief Executive, Antoine Ó Coileáin, in at The Four Court on Friday Evening. Pic: Maxwell’s NO FEE
Barry Mac Giolla Iasachta, Colm Ó Néill agus Antoine Ó Coileáin

Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar na baill foirne, Colm Ó Néill agus Barra Mac Giolla Iasachta. Bronnadh an dara duais, €300, ar fhoireann ó Scoil Dlí UCD, Niamh Ní Leathlobhair agus Fionnán Long, a throid an cás don fhreagróir.

“Toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá a lán deiseanna fostaíochta anois ann i gcomhair dlíodóirí  a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge. Léiriú é ar an meas atá ar an an mBréagchúirt  go mbíonn breithiúna sinsearacha ina moltóirí ar an mBréagchúirt,” a dúirt Ó Coileáin.