Bratacha na Ríochta Aontaithe crochta taobh amuigh de Ghaelscoil i gContae Dhoire

Tá halla de chuid an Oird Oráistigh gar go maith don scoil lánGhaeilge ach níor crochadh aon bhratach ar an bhfoirgneamh sin ná taobh amuigh de

Bratacha na Ríochta Aontaithe crochta taobh amuigh de Ghaelscoil i gContae Dhoire

Pictiúr: Hugh Russell/The Irish News.

Crochadh bratacha i ndathanna an Ríochta Aontaithe agus bratach an Aontais féin taobh amuigh Ghaelscoil i gContae Dhoire an tseachtain seo.

Crochadh na bratacha taobh amuigh de Ghaelscoil an tSeanchaí i Machaire Fíolta in oirdheisceart an chontae. Tá halla de chuid an Oird Oráistigh gar go maith don scoil lánGhaeilge ach níor crochadh aon bhratach ar an bhfoirgneamh sin ná taobh amuigh de.

Crochadh bratacha ar lampaí sráide an bhaile agus in áiteanna eile timpeall an bhaile, ar pobal náisiúnach den chuid is mó atá ag cur fúthu ann.

Bhí conspóid ann níos túisce i mbliana ar an mbaile céanna mar gheall ar chrann brataí a cuireadh suas i lár an bhaile. Bhain Comhairle Lár-Uladh an bhratach, Brat an Aontais, a bhí ar foluain ar chrann brataí i lár an bhaile anuas agus thóg an crann féin ón láthair. Chroch dílseoirí an bhaile go leor leor bratacha ar lampaí an bhaile mar fhreagra ar ghníomh seo na Comhairle. Tá píosa ealaíne anois san áit a mbíodh an crann brataí.

Dúirt an comhairleoir Martin Kearney ó Shinn Féin leis an nuachtán The Irish News go bhfuil iarrachtaí ar bun “spás roinnte” idir an pobal náisiúnach agus an pobal aontachtach a dhéanamh de Mhachaire Fíolta agus gur mór an “trua” go bhfuil roinnt daoine ar an mbaile ag cur isteach ar na hiarrachtaí sin.

Ní raibh urlabhraí ar fáil ó Ghaelscoil an tSeanchaí nuair d’fhiosraigh Tuairisc.ie an scéal.

Fág freagra ar 'Bratacha na Ríochta Aontaithe crochta taobh amuigh de Ghaelscoil i gContae Dhoire'