Den chéad uair riamh, tá beirt Ghaeilgeoirí a chuir aithne ar a chéile ar an ngrúpa Facebook ‘Gaeilge Amháin’ le pósadh.
Chas Natália Danzmann, as an mBrasaíl, agus Criostóir Ó Faoláin, as na Déise, le chéile ar dtús ar líne agus iad beirt ina mbaill den ghrúpa Facebook a éilíonn gur i nGaeilge amháin a fhágtar postálacha agus tráchtanna ann.
Tá cáil ar Natália mar dhuine de na heachtrannaigh is fearr a d’fhoghlaim an Ghaeilge. Chuir pobal na teanga aithne ar dtús uirthi tríd na físeáin cheoil a rinne sí i nGaeilge agus í lonnaithe sa Bhrasaíl.
Tá sí ina cónaí in Éirinn anois agus cuireadh an-spéis in agallamh físe a rinne sí leis an suíomh seo faoina spéis i gcultúr agus i dteanga na tíre seo. Tá an-spéis aici san amhránaíocht ar an sean-nós agus chuir sí isteach ar chomórtais an Oireachtais agus ar Chorn Uí Chon Cheanainn in UCD.
Tá Criostóir Ó Faoláin ina Bhainisteoir Forbartha le Comhlacht Forbartha na nDéise.
Is cúis áthais do lucht riartha Gaeilge Amháin go bhfuil Ó Faoláin agus Danzmann ag pósadh inniu.
“Comhghairdeas le Natália Danzmann agus Críostóir Ó Faoláin atá le pósadh inniu. Casadh an lánúin ar a chéile ar ‘Gaeilge Amháin’ agus seo an chéad phósadh anseo ó bunaíodh an grúpa.
Guímis rath agus bláth orthu beirt agus sliocht sleachta ar shliocht a sleachta,” a dúirt Máire Burns, duine de riarthóirí an ghrúpa.
Tá lucht aitheantais na lánúine ar Ghaeilge Amháin an-tógtha leis an scéal chomh maith agus iad ag déanamh comhghairdeachais leo ó postáladh an dea-scéal tráthnóna.
Pól Ó Braoin
Comhghairdeachas libh beirt…
agus déarfaidh mé an rud céanna ar FB níos deireanaí…
Aodhan: waste management
Maith sibh. Comhghairdeachais.