Braithfear sprid Foley ar fhód naofa Thuamhan

Sé lá tar éis bhás laoch mór na Mumhan, tá foireann Anthony Foley ag dul chun páirce arís

Braithfear sprid Foley ar fhód naofa Thuamhan

Ba dheacair teacht ar lá chomh brónach ná chomh gruama agus a bhí ag lucht leanúna rugbaí na cruinne an Domhnach seo caite. Bhí muid ag breathnú ar na hUltaigh agus iad ag imirt i gcoinne Bordeaux nuair a chuala muid an drochscéala maidir le bás tobann Anthony Foley i bPáras. Bhí Anthony i bPáras le foireann na Mumhan le tabhairt faoi Racing 92, curaidh an chomórtais Eorpaigh, i mBabhta 1 de chomórtas na bliana seo, cluiche a bhí le himirt tar éis chluiche na nUltach. Mar a shílfeá, chuir foireann bhainistíochta rugbaí na hEorpa an cluiche idir Racing agus Cúige Mumhan ar ceal go dtí níos deireanaí sa séasúr.

Mar sin féin, sé lá tar éis bhás laoch mór na Mumhan, tá foireann Anthony Foley ag dul chun páirce arís agus díreach mar is cóir is ar fhód naofa Thuamhan a bheas siad an Satharn seo i gcoinne Ghlaschú.  Is cinnte nach mbeidh spás seasamh sa staid in ómós dá laoch. Is cinnte freisin go mbeidh an ócáid mar spreagadh d’imreoirí na Mumhan agus iad ag tabhairt faoi Ghlaschú.

Is fiú a mheabhrú go raibh bua iontach, bua nach raibh súil leis ag Glaschú ar Leicester (42 – 14) i mBabhta 1 den chomórtas seo. Seans go mbeidh na cuairteoirí ar a míle dícheall ag iarraidh cur leis an tús dearfach sin, ach beidh orthu sprid Antony Foley a chloí más leo sin a dhéanamh an Satharn seo.

Sa mbaile a bheas na hUltaigh ag tabhairt faoi Exeter. Níor éirigh le ceachtar den dá fhoireann seo i mBabhta 1. Go deimhin, fiú agus buntáiste an bhaile acu,  fuair Exeter greadadh (8 – 35) ó Clermont, toradh a fhágann brú damanta orthu an Satharn seo. Tá brú ar na hUltaigh freisin.  Má theipeann orthu an ceann is fearr a fháil ar Exeter, seans go mbeidh deireadh leo i gcomórtas nach bhfuil ach ina thús.

Seans maith nach dtarlóidh sé sin, tá an iomarca le cailliúint acu.

Seans gur roimh na Laighnigh atá an dúshlán is mó atá roimh aon chúige i mBabhta 2  Tá siad ag taisteal go deisceart na Fraince le tabhairt faoi Montpellier, curaidh Chorn an Dúshláin anuraidh. Chaill na Francaigh agus iad as baile i mBabhta 1 agus, ach an oiread leis na hUltaigh, beidh siad ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Is malairt scéil atá ag na Laighnigh, fios maith acu siúd go dtabharfaidh bua ar an mbóthar buntáiste ollmhór dóibh luath sa gcomórtas.

Ar an mbóthar atá na Connachtaigh freisin, iadsan breá sásta leo féin tar éis a mbua iontach ar Toulouse. Má imríonn fir Phat Lam mar a rinne siad i mBabhta 1 is deacair bua a thuar do Zebre, fiú má tá buntáiste an bhaile acu siúd. Mar sin féin, b’fhearr do na Connachtaigh a bheith an-chúramach ar fad.  Cuimhnigh nach raibh siad thar mholadh beirte agus iad ag imirt i gcoinne Zebre sa bPro 12 cúpla seachtain ó shin.  Bhí na hIodálaigh chun cinn nuair a stop an réiteoir an cluiche de bharr drochaimsire. Ní bhíonn tada cinnte sa gcomórtas seo.

Fág freagra ar 'Braithfear sprid Foley ar fhód naofa Thuamhan'