‘Botún’ a bhí ann Gaeilge a chur ar ‘Northern Ireland’, a deir FIFA

Thug lucht Twitter suntas don scéal gur aithin FIFA an Ghaeilge mar theanga dhúchais an Tuaiscirt nuair a deineadh an tarraingt do bhabhtaí cáilithe Chorn an Domhain 2018 san Eilvéis inniu

‘Botún’ a bhí ann Gaeilge a chur ar ‘Northern Ireland’, a deir FIFA

Tá ráite ag FIFA gur bhotún é ‘Tuaisceart Éireann’ a thaispeáint ar an scáileán le linn ócáid de chuid na heagraíochta sacair in Zürich inniu.

Agus an tarraingt á déanamh do bhabhtaí cáilithe Chorn an Domhain 2018 inniu, bhí ainmneacha na bhfoirne a bhí sa phota go dátheangach ag FIFA agus ‘Tuaisceart Éireann’ a bhí le feiceáil ar an scáileán in éineacht le ‘Northern Ireland’ i bhfíseán a craoladh le linn na hócáide.

Thug lucht Twitter suntas don scéal gur aithin FIFA an Ghaeilge mar theanga dhúchais an Tuaiscirt agus rinneadh ceangal idir an rogha sin agus an t-éileamh ar reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh.

Dúirt urlabhraí de chuid FIFA tráthnóna gur ‘botún’ a bhain le léiriú ghrafaicí an fhíseáin a bhí i gceist agus nár bhain aon ‘chuspóir ar leith’ le húsáid na Gaeilge san fhíseán.

Dúirt an t-urlabhraí leis an Belfast Telegraph: “We have taken note of the inclusion of Irish also for Northern Ireland in the video produced for the 2018 FIFA World Cup European play-off draw. “It was simply a mistake in the graphics production with no certain intention. The error is being corrected for the version available on FIFA’s YouTube channel.” Imreoidh Tuaisceart Éireann in aghaidh na hEilvéise sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain 2018.

Fág freagra ar '‘Botún’ a bhí ann Gaeilge a chur ar ‘Northern Ireland’, a deir FIFA'

  • Deisceart An Dúin

    Botún. Cinnte gur botún atá i gcéist. Bá cheart do FIFA na Sé Chontae faoi fhorghabháil a chur ar an Tuaisceart.

  • braoin

    Botún?
    Cé a thug amach faoi? Cé a rinne an gearán faoin nGaeilge a bheith ar taispeáint? B’shin an cheist atá le cur agam féin… agus nuair a gheobhas muid an freagra air sin, beidh muid in ann éisteacht le cúrsaí an Tuaiscirt…