Botúin na Gaillimhe agus athruithe Cody – a raibh le foghlaim ó na cluichí leathcheannais

D’fhág athruithe a rinne Brian Cody cor i gcinniúint na craoibhe arís, tháinig scaoll faoi Ghaillimh gan Canning agus bhain Tiobraid Árann leas as botúin a gcéilí comhraic

Botúin na Gaillimhe agus athruithe Cody – a raibh le foghlaim ó na cluichí leathcheannais

John O'Dwyer ag ceiliúradh cúl a scóráil. INPHO/Cathal Noonan

Gearrtar pionós trom ar aon bhotún ag an leibhéal seo

Ar feadh an chuid ba mhó de chluiche leathcheannais na hÉireann ar an Domhnach, bhí an lámh in uachtar ag cosantóirí na Gaillimhe ar thosaithe Thiobraid Árann. I ndiaidh an scrios a rinneadh ar a líne lánchúil anuraidh, déarfá go raibh an fhadhb áirithe sin réitithe ag foireann Mhicheál Donoghue inné. Tar éis dó 3-8 agus 3-9 a scóráil sa  dá chluiche craoibhe is deireanaí aige in aghaidh na Gaillimhe, níor aimsigh Séamus Callanan tada ón imirt Dé Domhnaigh.

D’fhág an dea-obair sin i measc na gcosantóirí go raibh Gaillimh dhá phointe chun cinn agus gan ach deich nóiméad fágtha ach rinne siad botúin chinniúnacha ina dhiaidh sin. Nuair a sheol Cathal Barrett an liathróid síos an taobhlíne agus 60 nóiméad imeartha, rinne John Hanbury iarracht an liathróid a bhuachan os comhair John McGrath seachas stop a chur le gluaiseacht an tosaí.

Ní raibh aon seans ann go mbuafadh Hanbury an liathróid, áfach, agus nuair a fágadh ar a thóin é, d’éirigh le McGrath agus John O’Dwyer cúl a chruthú eatarthu.

Rinne Gaillimh go maith chun pointe a fháil díreach i ndiaidh an chúil ach ón bpoc amach sin, fuair Tiobraid Árann cúl eile le cabhair ó bhotún eile ag Gaillimh. Ar dtús lig na cosantóirí don liathróid briseadh i dtreo Shéamus Callanan agus nuair a thug seisean pas ar ais do Patrick Maher, níor lean Pádraig Mannion, Daithí Burke ná Aidan Harte é. Fágadh leis féin é agus nuair a fuair sé an liathróid arís, chruthaigh sé cúl éasca do McGrath.

I gcluiche a bhí chomh géar sin, d’fhág na cúil sin a rian ar an toradh.

Daithí Burke ag glanadh amach an liathróid. INPHO/Cathal Noonan
Daithí Burke ag glanadh amach an liathróid. INPHO/Cathal Noonan

Scaoll ag cur as do Gaillimh

Fiú agus na cúil sin faighte ag Tiobraid Árann, bhí dóthain ama ag Gaillimh teacht aniar a dhéanamh. Ba é seo an uair ba mhó gur bhraith siad uathu Joe Canning, b’fhéidir.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile anuraidh, bhí Gaillimh chun deiridh agus 69 nóiméad imeartha ach níor tháinig scaoll fúthu. Chothromaigh Jason Flynn an scór le pointe breá sular chinntigh Gaillimh an bua le scór eile i ndiaidh gluaiseacht den scoth. Bhuaigh David Burke an liathróid ar an líne 45m, thug sé pas do Canning agus thug fear Phort Omna pas cruinn, tomhaiste do Shane Moloney.

Inné, agus an t-am beagnach caite, ní raibh imreoirí na Gaillimhe ach ag iarraidh an liathróid a ghlanadh chomh fada óna gcúl féin agus ab fhéidir, ba chuma cá ndeachaigh sí. Fiú nuair a fuair siad seilbh na liathróide suas faoin bpáirc, thug David Burke agus Aidan Harte faoi iarrachtaí místuama.

Dá mbeadh Canning fós ar an bpáirc, seans go mbeadh sé féin níos stuama agus an crú ag teacht ar an tairne. Nuair a bhí Cill Chainnigh faoi bhrú sa dá chluiche a d’imir siad in aghaidh Phort Láirge, thóg siad an cinneadh ceart i gcónaí. Tá an nós sin le foghlaim fós ag Gaillimh.

Brian Cody i ndiaidh an bhua in aghaidh Phort Láirge. INPHO/Donall Farmer
Brian Cody i ndiaidh an bhua in aghaidh Phort Láirge. INPHO/Donall Farmer

Muinín ag Cody athruithe a dhéanamh arís

Ní hé seo an chéad uair ag Brian Cody teacht aniar aduaidh ar dhaoine leis an bhfoireann a roghnaigh sé do mhórchluiche craoibhe. Rinne sé amhlaidh le Walter Walsh in athimirt chluiche ceannais na hÉireann in 2012 agus le John Power in athimirt 2014. Tugadh isteach gan choinne Liam Blanchfield inné agus bhí baint mhór aige le bua Chill Chainnigh.

Ba é chluiche an tSathairn an chéad uair gur thosaigh an fear óg cluiche craoibhe do Chill Chainnigh ach níor chuir an easpa taithí sin isteach air. Bhí Blanchfield mar laoch ag foireann mhionúr Chill Chainnigh a bhuaigh Craobh Mhionúir na hÉireann in 2014 agus léirigh sé a mhianach arís i Staid Semple agus trí phointe á n-aimsiú aige ón imirt.

Tá moladh tuillte ag Cody agus é sásta fir nua chur chun páirce i gcluiche chomh tábhachtach sin ach ní oibríonn sé i gcónaí, mar a chonaic muid le Mark Bergin Dé Sathairn. Níor éirigh leis dul i bhfeidhm ar an imirt ar chor ar bith agus bhí an t-ádh leis gur mhair sé uair an chloig sular tógadh amach é. Cheapfá go mbeadh athrú déanta níos luaithe sa chluiche ach seans nach raibh Cody ag iarraidh baint den mhistéir chumhachtach a bhaineann lena chumas an cinneadh ceart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Botúin na Gaillimhe agus athruithe Cody – a raibh le foghlaim ó na cluichí leathcheannais'