Bonneagar seanchaite ag cur bac ar fhostaíocht Ghaeltachta – Ó Cúláin

Ba é Gaoth Dobhair an ceantar Gaeltactha ba mhó inar cailleadh postanna anuraidh. 164 post a cailleadh sa cheantar anuraidh.

udaras_051-1024x681

Tá easnaimh infreastruchtúir, easpa soláthar leathanbhanda ar chostas iomaíoch agus ganntanas foirgintí gnó d’argchaigheán “ag cur bac” ar fhorbairt fostaíochta sa Ghaeltacht, dar le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Steve Ó Cúláin.

D’eisigh Údarás na Gaeltachta Athbhreithniú 2014 ar maidin inar cuireadh síos ar líon na bpost a cruthaíodh agus a cailleadh anuraidh.

Thagair an Príomhfheidmeannach go sonrach do na deacrachtaí fostaíochta i nGaoth Dobhair.

Ba é Gaoth Dobhair an ceantar Gaeltactha ba mhó inar cailleadh postanna anuraidh. 164 post a cailleadh sa cheantar anuraidh.

Le linn 2014 dúnadh aonad táirgeachta Largo Foods i nGaoth Dobhair, áit ar raibh 110 duine fostaithe go lánaimseartha agus 30 duine fostaithe go lánaimseartha. Ghlac leathchéad duine a bhí fostaithe in Aonad Largo le deis oibre in aonad táirgeachta Largo i gCill Dhéagláin i gcontae na Mí. Anuas air sin, d’aistrigh an comhlacht Spinvox Teo/Nuance ó Ghaoth Dobhair go Londain agus scaoil an comhlacht SIOEN le roinnt dá fhostaithe.

“Caithfear aird a tharraingt ar an bhuille trom a fuair ceantar Ghaoth Dobhair nuair a cailleadh líona ard post ansin anuraidh agus tá gach iarracht á dhéanamh ag an Údarás malairt infheistíochta agus dieseanna fostaíochta a mhealladh le lonnú ar an bPáirc Ghnó ansin.

“Ar ndóigh, cruthaíonn easnaimh san infreastruchtúr, i soláthar leathanbhansa ar chostas iomaíoch, agus ganntanas foirgintí gnó d’ardchaighdeán constaiscí le tograí a mhealladh chuig ceantar tuaithe. Cé go bhfuil píblíne tograí folláin, caithfear breis acmhainní a chur ar fáil chun na tograí agus an poist seo a mhealladh chun na Gaeltacht,” a dúirt Steve Ó Cúláin

Mar thoradh ar líon ard na bpost a cailleadh i nGaoth Dobhair, bhunaigh Údarás na Gaeltachta an Fóram Forbartha Fiontraíochta le plean a chur le chéile chun tograí nua a mhealladh le lonnú in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Sa tábla thíos feicfear staitisticí fostaíochta an Údaráis do na ceantair Ghaeltachta ar fad le linn 2014.

Gaeltacht Poist a cruthaíodh Poist a cailleadh Líon Post 2014 Líon Post 2013 Laghdú/Méadú
Dún na Gall 280 280 1,942 1,942 0
Maigh Eo 64 107 685 728 -43
Gaillimh 271 177 2,835 2,741 +94
An Mhí 27 8 186 167 +19
Ciarraí 38 50 671 683 -12
Corcaigh 33 24 586 577 +9
Port Láirge 24 7 148 131 +17

 

Fág freagra ar 'Bonneagar seanchaite ag cur bac ar fhostaíocht Ghaeltachta – Ó Cúláin'