Bonn Óir Oilimpeach… don smideadh faoi uisce!

Más leid atá uait faoi smideadh nach leáfaidh le báisteach, le hallas ná le deoir tá treoir le fáil ó na Cluichí Oilimpeacha i Rio

Bonn Óir Oilimpeach… don smideadh faoi uisce!

Bheadh go leor ann a cheapfadh gur mionfhadhb de chuid an chéad domhain bheith ag lorg smideadh nach silfidh den éadan le braon báistí nó allais nó fiú le deora sna súile.

Ach bhí oiread suime ag an iris faisin Vogue na táirgí smididh uiscedhíonaigh is fearr dá bhfuil ann a aimsiú go ndeachaigh siad ag lorg leide an tseachtain seo ó bheirt bhan go bhfuil cúis mhaith acu saineolas a bheith acu sa réimse seo, Anita Alvarez (19) agus Mariya Koroleva (26), ó fhoireann snámha sioncrónaithe nó comhuainigh Mheiriceá.

Bhí Alvarez agus Koroleva páirteach sna comórtais snámh beirte le linn na seachtaine seo ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio agus cé nár bhuaigh siad boinn sa linn snámha – an Rúis, an tSín agus an tSeapáin a thug na gradaim leo – mheas Vogue gur ó na Meiriceánaigh is fearr a bheadh comhairle le fáil maidir le cleasa don smideadh faoi uisce.

Go deimhin chuaigh Cosmopolitan ar thóir na beirte an tseachtain seo freisin agus cuireadh físeán faoin mbeirt ar shuíomh gréasáin na hirise cáiliúla.

Cé gur spórt aitheanta de chuid na gCluichí Oilimpeacha é an snámh sioncrónaithe atá ag brath cuid mhór ar aclaíocht, scil, cumas agus traenáil, tá tábhacht an-mhór freisin leis an gcur i láthair.

Tugtar suntas don fheisteas álainn a chaitheann na snámhóirí chomh maith lena gcuid smididh agus leis an gcóiriú a bhíonn déanta acu ar a gcuid gruaige. Ní hé an snámh amháin a bhíonn á mheas ag na moltóirí agus tugtar marcanna as a bheith grástúil, maorga sa chur i láthair sa linn snámha; sin an chúis go mbíonn oiread tábhachta leis an smideadh agus leis an ngruaig.

Bíonn an t-uafás smididh orthu san uisce le linn gach comórtas, a dúirt Alvarez le Vogue. Dá bharr sin, bhí trí rud le déanamh acu – “a constant search for truly waterproof cosmetics, endless rounds of poolside testing, and a few poolside DIY tricks” – lena chinntiú go mbeadh cuma álainn, ghrástúil orthu le linn a gcuid aclaíochta faoin uisce.

Céard iad na táirgí is fearr atá aimsithe ag na snámhóirí as a gcuid taighde ar fad?

Mhol siad trí cinn de tháirgí – bonnsmideadh, mascára agus scáthú súl – ón mbranda Make Up Forever atá ar fáil ó shiopaí Sephora; Make Up Forever Aqua Cream, (€22.50) Make Up Forever Ultra HD Invisible Cover Foundation (€43) agus Make Up Forever Aqua Smoky Extravagant Waterproof Mascara (€23). Tá siopa ag an Make Up Forever ar Shráid Clarendon i mBaile Átha Cliath.

Mhol siad an leacht Aqua Seal (€22.50) ar féidir é a mheascadh le haon scáthú súl le go mbeadh an táirge sin uiscedhíonach. Úsáideann siad féin scáthú súl de chuid MAC leis an leacht seo agus thaitin an péire seo go mór leo – MAC Cosmetics Eye Shadow in White Frost (€17.00) agus MAC Cosmetics Eye Shadow in Honey (€17.00).

Maidir le béaldath roghnaíonn siad ceann láidir dearg de ghnáth agus is fearr a oibríonn cinn neamhlonracha seachas na cinn lonracha dóibh. Kyrolan Lipstick Classic (LC 334) (€17.50) an rogha is ansa leo ón suíomh gréasáin www. kyrolan.com.

Baineann ‘poolside DIY tricks’ na snámhóirí lena gcuid gruaige chomh maith.

Chruthaigh a gcuid taighde go raibh táirge amháin a bhí ar fáil go coitianta agus saor go maith ar fheabhas ar fad lena gcuid gruaige a choinneáil ina háit go néata  faoin uisce le linn a gcuid aclaíochta – geilitín a úsáidtear i gcócaireacht agus i dtáirgí bia le comhábhar a tháthú le chéile nó a dhéanamh níos tibhe.

Ceannaíonn siad Knox Gelatine ar $6 ar amazon.com agus cíorann siad isteach ina gcuid gruaige é. Nuair a thriomaíonn sé fanann an ghruaig crua, ceangailte ach an-néata le linn a gcuid snámha ar fad.

Ar ndóigh, is caolseans go mbeadh mórán de léitheoirí Tuairisc.ie páirteach i gcomórtais snámh beirte ná snámh sioncrónaithe agus ní chuige sin na leideanna seo.

Ach mar a dúirt Vogue faoi thaighde Alvarez agus Koroleva ar smideadh uiscedhíonach, ‘consider it your ultimate guide to waterproof beauty this summer’.

 

Fág freagra ar 'Bonn Óir Oilimpeach… don smideadh faoi uisce!'