Bonn óir buaite ag comórtas idirnáisiúnta den dara huair as a chéile ag comhlacht cáise Gaeltachta

Déantar Macroom Buffalo Mozzarella as bainne na mbuabhall atá ag an bhfeirmeoir Johnny Lynch i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí

Bonn óir buaite ag comórtas idirnáisiúnta den dara huair as a chéile ag comhlacht cáise Gaeltachta

Tá an bonn óir buaite den dara bliain as a chéile ag an gcomhlacht cáise Gaeltachta Mozzarella Buabhaill Mhaigh Chromtha ag Gradaim Cháise an Domhain i Londain do cháis dá gcuid ‘Macroom Buffalo Mozzarella’, a dhéantar i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí.

Chomh maith leis an mbonn óir don cháis is fearr, bhain an comhlacht bonn cré-umha amach i gcatagóir eile dá dtáirge ‘Macroom Buffalo Ricotta’. Bhuaigh an comhlacht gradam eile fós le deireanas ag Gradaim Bheatha Cáilíochta na hÉireann don cháis bhog is fearr dá dtáirge ‘Aldi Specially Selected Buffalo Mozzarella’

Déantar Macroom Buffalo Mozzarella as bainne na mbuabhall atá ag an bhfeirmeoir Johnny Lynch i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí. Is ag Lynch atá an t-aon tréad buabhall in Éirinn a bhlitear agus thosaigh sé ag déanamh an mozzarella anuraidh.

Thug sé an chéad 50 buabhall a bhí aige anall as an Iodáil cúpla bliain ó shin agus tá os cionn 200 acu sa tréad anois aige agus iad lonnaithe ar fheirm 140 acra.

Chomh maith leis an mozzarella buacach, tá cineálacha eile cáise á ndéanamh anois sa mhonarcha i Múscraí — cáis Ghréagach agus haloumi.

Thréaslaigh Údarás na Gaeltachta le foireann Lynch agus dúirt gur léiriú é an gradam seo go bhfuil “comhlachtaí Gaeltachta ar aon chéim leis na táirgeoirí is fearr ar domhan”.

“Tá áthas orainn tréaslú arís i mbliana le foireann Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha. Tá éacht mór bainte amach acu an Gradam Óir a bhuachan den dara bliain as a chéile chomh maith le Gradam Cré-Umha. Léiríonn sé seo go bhfuil comhlachtaí Gaeltachta ar aon chéim leis na táirgeoirí is fearr ar domhan. Tá Údarás na Gaeltachta an-mhórtasach a bheith ábalta tacú leis an bhfoireann dhlúsúil, díograiseach i dTáirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha,” a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Kieran Moylan, Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta, go bhfuil siad “an-sásta” na gradaim dhomhanda a bhaint amach.

“Cuireann an dea-mheas idirnáisiúnta seo luach breise lenár ngnó, cuireann sé le láidreacht ár mbranda agus osclóidh sé doirse do Tháirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha le miondíoltóirí agus margaí easpórtála nua, agus de thoradh air seo bheadh muid ag cur leis an tréad buabhall chun tacú le fás ar an éileamh amach anseo.

“Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an ngnó ón tús agus iad níos cosúla le páirtí sa ghnó ar an mbóthar seo chun táirgí cáise domhanda den scoth a chruthú. Tá an-chuid tacaíochta faighte againn chomh maith ó bhialanna, mórdhíoltóirí agus ó mhiondíoltóirí, ina measc Horgans Delicatessen, Aldi, Tesco, SuperValu agus Dunnes,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Bonn óir buaite ag comórtas idirnáisiúnta den dara huair as a chéile ag comhlacht cáise Gaeltachta'