Bonn airgid d’Annalise agus a cuid seolta ardaithe aici isteach sna leabhair staire

Annalise Murphy anois i measc bhanlaochra spóirt na gCluichí Oilimpeacha in éineacht le Sonia O’Sullivan agus Katie Taylor

Bonn airgid d’Annalise agus a cuid seolta ardaithe aici isteach sna leabhair staire

Tá a cuid seolta ardaithe ag Annalise Murphy isteach i leabhair stair spóirt na hÉireann, agus bonn airgid buaite aici ag na Cluichí Oilimpeacha.

Is í Murphy, a tháinig sa chúigiú háit sa rás deireanach den chomórtas Laser Radial inniu, an ceathrú bean as Éirinn ar éirigh léi bonn Oilimpeach a bhuachan.

Bhí Murphy ag tnúth leis an lá seo le ceithre bliana anuas ó fágadh ar an trá fholamh í ag na Cluichí i Londain in 2012.

Briseadh croí a bhí i ndán do Murphy ceithre bliana ó shin nuair a chríochnaigh an bádóir sa cheathrú háit tar éis di a bheith sa chéad áit den chuid is mó den chomórtas.

Rinne sí teacht aniar chun Craobh na hEorpa a bhuachan in 2013, ach ní raibh gach aon rud ar sheol na braiche aici ó shin.

Bíonn deich rás ann sa tseoltóireacht agus is féidir le drochrás amháin iarracht a shuncáil.

Ba mhaith a thuig Murphy é sin roimh an rás deireanach sa chomórtas inniu, agus sheas a taithí di.

Nuair a tháinig an crú ar an tairne inniu, thug bean Ráth Fearnáin taispeántas stuama sciliúil aibí uaithi a d’fhág sa dara háit sa chomórtas í taobh thiar de Marit Bouwmeester na hÍsiltíre agus chun tosaigh ar Anne-Marie Rindom na Danmhairge a tháinig sa tríú háit.

Ba iad na mná eile ar éirigh leo boinn Oilimpeacha a bhuachan ná Sonia O’Sullivan, Katie Taylor agus Michelle Smith.

Bhuaigh Smith ceithre bhonn ag na Cluichí in Atlanta i 1996, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin cuireadh ar fionraí ar feadh ceithre bliana í as cur isteach ar shampla a thug sí i dtástáil drugaí.

 

 

Fág freagra ar 'Bonn airgid d’Annalise agus a cuid seolta ardaithe aici isteach sna leabhair staire'