Boicíní Bhóthar Kilburn

Léirmheas ar an dráma Boicíní Bhóthar Kilburn a bhí ar siúl i gColáiste Chonnacht oíche Dé Sathairn seo caite ag Aisteoirí an Spidéil.

Is cuimhneach liom na fir a thagadh abhaile faoi Nollaig as Sasana agus mé i mo ghasúr. Bhídís ag an aifreann ina gcultacha gorma, léinteacha geala, carbhait dhaite, bróga snasta agus a gcuid gruaige slíoctha siar le hair oil.

Cuma an airgid agus an taistil orthu. Níos sine dom, chuala mé faoin ‘holiday pay’ a thug a bhformhór anall agus a d’íoc as flaisceáil na Nollag ach chuala mé freisin faoi na litreacha nár tháinig agus na ceisteanna cráite a chuirtí faoin maicín nach raibh tásc ná tuairisc air le blianta.

Dúisíodh na cuimhní sin uilig i gColáiste Chonnacht oíche Dé Sathairn seo caite agus Aisteoirí an Spidéil ag léiriú Boicíní Bhóthar Kilburn.

Cúigear fear meánaosta as Conamara i gcúlseomra ósta i Londain ag tórramh a gcomrádaí Jackie Flaherty a bhfuil a chual cnámh tugtha abhaile ag a Dheaide bocht lena gcur sa gcré thiar sa mbaile. Tar éis dhá scór bliain ar bhildeálacha Londan, is beag atá dá bharr acu ach cuimhní.

Tá feachtas ar siúl faoi láthair ag iarraidh fir a chur ag caint faoin gcaoi a n-airíonn siad agus a n-imní agus a bhfaitíos a roinnt le cara nó dochtúir. Tar éis cúpla buidéal fuisce Powers, atá á íoc ag an aon duine acu a rinne bonn i Sasana, scaoiltear rúin na mblianta, fírinní searbha, brionglóidí briste, an ciníochas, an foréigean in aghaidh na mban agus thar aon rud eile, an mianach gránna sin atá sa duine daoine eile a bhá in éineacht leis féin.

Léiriú cumhachtach atá sa dráma seo ar chomhluadar fear nár fhoghlaim riamh le rudaí a phlé ach trí amhráin mhaoithneacha fhrith-Shasanacha agus an cumha a chaochadh le fuisce.

Má tá i ndán go bhfaca tú The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy, léiriú den dráma seo sa Taibhdhearc in 2009 nó an scannán Kings, seachain an stopfadh sé sin thú ó dhul ag breathnú ar an léiriú seo ó chliar an Spidéil atá i bhfad níos fearr agus níos nádúrtha ná ceachtar acu.

Más fear thú – gabh ann go bhfeicfidh tú do chomrádaithe agus iad sáinnithe i ndomhan cúng plúchta macho na ‘fearúlachta’ seanchaite.

Más bean thú, gabh ann go dtuigfidh tú gur ainmhí éagsúil ar fad é an fear sa gcoinicéir lena chuid comrádaithe.

Agus má bhí tú ar imirce i Sasana sna seascaidí, seachtóidí agus ochtóidí, gabh siar ar bhóithrín an smaointe agus buail do chroí má d’éirigh leat éalú as an gcúlseomra.

Beidh tú maraithe ag gáirí, más gáire dóite féin é; caochfar le gráiscínteacht agus eascaine thú, beidh deora leat ag truamhéile a saoil; beidh mórtas ort faoin éacht atá déanta ag criú an Spidéil agus ag an aistritheoir cead a gcuid cainte féin a thabhairt don chuid bheag seo den Diaspora nach slánódh coinneal i bhfuinneog Áras in Uachtaráin.

Is iad ár muintir féin atá ar an ardán; aithneoidh tú iad agus beidh tuiscint níos fearr agat orthu ag deireadh na hoíche agus ní beag sin ag aon dráma.

Níl Amharclann náisiúnta na Mainistreach baol ar chomh compordach leis an amharclann a cruthaíodh sa Spidéal don léiriú seo – an lucht féachana agus na haisteoirí ar aon leibhéal, cathaoireacha boga againn ach gan aon éalú againn ó phurgadóir na bhfear ná aon éalú acusan uainne.

In áit comhrá cultúrtha na gcosa lofa sa mbeár ag leath ama, bhí tae te, cácaí rísíní agus dea-chomhluadar againn. Éacht déanta ag an dream uilig a raibh lámh acu sa léiriú. Is fiú duit a ghabháil ann!

Aisteoirí: Seán Ó Coistealbha, Seán Ó Neachtain, Peadar Ó Treasaigh, Séamus Ó Scanláin agus Mike P. Ó Conaola.

Beidh Boicíní Bhóthar Kilburn i dTír an Fhia, an 14 Nollaig agus sa Taibhdhearc an 10 Eanáir 2015

Fág freagra ar 'Boicíní Bhóthar Kilburn'