Bobby Molloy 1936-2016: Polaiteoir ildánach imithe ar shlí na fírinne

Bhí Bobby Molloy, an t-iar-aire rialtais a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí na PDanna, in ann a bhealach a dhéanamh i measc cnocadóirí agus cladóirí, i measc íseal agus uasal, i measc lucht na cathrach, na n-oileán agus na sráidbhailte

Bobby Molloy 1936-2016: Polaiteoir ildánach imithe ar shlí na fírinne

‘Íosagán’ a thug cuid acu air. Rinneadh Dia beag de in ‘Amhrán Bhobby’.‘Political Street Fighter’, a thug iriseoir éigin air nuair a roghnaíodh é le dul ag margántaíocht le Fianna Fáil tar éis olltoghchán na bliana 1989.

Ní raibh cuid ar bith de na téarmaí sin cruinn, cé go bhféadfadh lorg éigin den fhírinne a bheith ag baint le chuile cheann acu.B’fhear ildánach é Bobby Molloy, a bhásaigh inné, fear a raibh mianach na coimhlinte ann, polaiteoir cumasach – ruainne ar an seanmhúnla, b’fhéidir – agus fear meabhrach agus díreach. D’fhéadfadh sé lasc den teanga a thabhairt uaidh agus d’fhéadfadh taom feirge a theacht air ach bhí sé nádúrtha agus cairdiúil.

Cé go bhfuil ar chuile pholaiteoir a chuid foclaíochta a thomhas go stuama chuirfeá Molloy i measc an chuid ba lú acu a leag fiacail ar a theanga; labhair sé amach go díreach formhór an ama.

Rugadh agus tógadh Molloy i bhFianna Fáil. Bhí gnó siopaí éadaigh ag a athair, Michael Molloy, i gcathair na Gaillimhe. Ba as an gClochán i gConamara a mháthair, Rita Stanley. Tá siopa acu siúd sa gClochán i gcónaí – siopa a raibh a cháil i bhfad agus i ngearr. Bhí cos sa gcathair agus cos faoin tuath ag Bobby agus bhí sé de bhuntáiste aige go ndeachaigh sé chun na hOllscoile tráth den saol nach raibh mórán daoine cóiriúil le dul an t-achar sin lena gcuid oideachais.

Fuair sé céim san Tráchtáil in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Ach fiú agus go raibh céimithe i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar gann go maith an t-am sin – deireadh na 1950aidí agus tús na 1960aidí – níor thóg an t-oideachas acadúil a cheann. Mar pholaiteoir pobail, ní raibh sárú Mholloy ann. Bhí sé in ann a bhealach a dhéanamh i measc cnocadóirí agus cladóirí, i measc íseal agus uasal, i measc lucht na cathrach, na n-oileán mara agus na sráidbhailte.

I 1965 a thug sé an chéad iarraidh faoi olltoghchán. Toghadh é in éineacht le Johnny Geoghegan d’Fhianna Fáil, agus bhí Fintan Coogan (Fine Gael) ina gcuideachta ag dul go Teach Laighean. Toghadh é i leathscór olltoghchán eile i nGaillimh Thiar ina dhiaidh sin agus é ar cheann an chomhairimh in ocht gcinn acu sin nó gur chríochnaigh sé leis an Dáil in 2002.

File Photo: Bobby Molloy, one of the founders of the Progressive Democrats and a fierce critic of Fianna Fail Leader, Charles J Haughey, has died aged 80yrs. End.Leader of the Progressive Democrats Des O Malley with Pat Cox(L) and Bobby Molloy(R) leave the Mansion House in Dublin after negotiations with a Fianna Fail team on the details of a possible coalition between the two parties. 1989. RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh sé an-deacair go deo arís ag polaiteoir ar bith sa toghcheantar a leithéid d’éacht a dhéanamh in olltoghchán. Tá an cúrsa sin a chuir sé de níos suntasaí fós nuair a chuirtear sa gcomhaireamh gur athraigh sé ó Fhianna Fáil go dtí an Páirtí Daonlathach. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an pháirtí sin i 1986.

Tá daoine ann fós i bhFianna Fáil i nGaillimh Thiar atá cráite de bharr chinneadh sin Bhobby an páirtí a thréigean an uair sin. Croitheadh Fianna Fáil ó bhun go barr dá bharr agus níor tháinig an páirtí chucu féin i gceart ariamh ó shin i gcathair na Gaillimhe.

Chuaigh Joe Steve Ó Neachtain chun pinn agus chum ‘Amhrán Bhobby’, línte a thug léargas ar an gciapadh intinne a bhí tarlaithe do chuid mhór daoine:

Ó, a Thiarna, is gearr a mhairfeas mé
Tá mé ‘caoineadh le trí lá,
Mar bhí Bobby ag súil go leanfainn é
Mar d’éireodh cearc dhá hál.
Bhuel, thréigfinn an creideamh Caitliceach,
Thréigfinn bean is clann,
Ach gheall m’athair do Dhia an lá ar baisteadh mé
Nach dtréigfinn Fianna Fáil.

Is casta agus is corrach na heachtraí a bhaineann le bunú an Pháirtí Dhaonlathaigh agus bhí nimh idir iad féin agus Fianna Fáil. Ní raibh ort a dhul níos faide ná seomra cruinnithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe sna blianta sin go dtabharfá faoi deara an sceanairt a bhí idir Comhairleoirí Fhianna Fáil agus Bobby; bhí cead ag Teachtaí Dála a bheith ina gComhairleoirí Contae an uair sin.

Ach is fada an t-achar cúpla bliain sa bpolaitíocht. Tharla sé go raibh mé ar áiléar an Phreasa i dTeach Laighean an oíche úd i 1989 nuair a shiúil Bobby Molloy isteach arís mar Aire Fuinnimh in éineacht le buíon Rialtas Charles Haughey. Cé a chreidfeadh é? An dá dhream a bhí chomh mór sin in éadan a chéile le trí bliana roimhe sin – Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach – istigh in éineacht ag rialú na tíre.

Gan dabht, ba pholaiteoir cumasach toghcheantair ar na seanbhealaí é Molloy.

Thug sé aire do na cártaí leighis, an deól, pinsean, cúnamh sóisialta agus gach uile mhíle ní. Níor fágadh aon litir gan freagairt agus níor stopadh nó go rabhthas gafa go bun an údair. Agus chuile sheans gur mar sin a chuir sé a chos ann nuair a tháinig an chonspóid a bhain le cás Patrick Naughton sa mullach air i 2002.

Bhí Patrick Naughton sa bpríosún agus é ciontaithe as coireann gránna mígheanasacha agus ionsaithe ar a iníon. Fuarthas amach go raibh Bobby Molloy – Aire Stáit sa Roinn Comhshaoil san am – tar éis litreacha a chur ar aghaidh chuig an Aire Dlí agus Cirt a bhain le hiarratais áirithe ó dheirfiúr Naughton. D’iarr Molloy cead freisin labhairt leis an mBreitheamh faoin gcás.

Ní maith a thaitin an chumarsáid seo leis an mBreitheamh sa gcás agus dúirt sé amach é sin sa chúirt ag triail Naughton.I ndeireadh na cúise, bhí ar Bhobby Molloy éirí as an bpolaitíocht dá bharr.

Ba léir – agus d’admhaigh sé féin é – gur drochbhotún a bhí ann. Ba léir nár thug Molloy aird cheart ar a thromchúisí agus a bhí an cás uilig nuair a chuir sé a ladar ann. Is dóigh, gur bhain an eachtra seo leis an nósmhaireacht a bhí ag Bobby Molloy chuile iarratas ar chúnamh ó dhuine ina thoghcheantar a chur ar aghaidh tuilleadh.

Sin é a rug air sa deireadh.

Ní deireadh cóir a bhí ann do pholaiteoir ildánach.

Ar laghdaigh an luí sin a bhí aige le hobair phobail ina thoghcheantar féin éifeacht Bhobby Molloy mar pholaiteoir ‘náisiúnta’? B’fhéidir é. San am céanna, is mór an lear aireachtaí sinsearacha agus stáit a raibh sé iontu sna blianta fada a chaith sé i dTeach Laighean agus bhí baint aige le go leor scéalta agus polasaithe móra. Thug sé bheith istigh do mhná sna fórsaí cosanta nuair a bhí sé ina aire cosanta ag deireadh na seachtóidí, mar shampla, agus ba é a bhí freagrach as dírialú thionscal na dtacsaithe agus é ina aire stáit sa roinn comhshaoil sna nóchaidí. Chaith sé cuid mhaith de 12 bliain istigh ag bord an rialtais.

An raibh mianach Taoisigh ann?

Níor cuireadh as an gcomhaireamh i dtús a shaoil sa bpolaitíocht go bhféadfadh sé na céimeanna is airde a bhaint amach. Ach, chuaigh sé in adharca Charlie Haughey nuair a thacaigh sé le George Colley do cheannaireacht Fhianna Fáil i 1979, agus, as sin amach, bhí sé ar an imeall i bhFianna Fáil nó gur thréig sé uilig iad. Bhí an cinneadh sin Fianna Fáil a fhágáil ar an gcinneadh “ba dheacra ina shaol”, a dúirt sé.

Bhí aithne mhaith agam ar Bhobby Molloy. Thaitin sé liom mar dhuine, ach ní hin le rá go ligfeadh sé aon bhlas leat mar thuairisceoir. Fuair mé amach nár mhór duit do chuid eolais agus do chuid fíricí a bheith ar eolas go maith agat sula ndéanfá agallamh le Molloy. Bheadh cairdeas pearsanta curtha de leataobh an fhaid agus a bheadh obair ar bun.

Is cuimhin liom cruinniú amháin leis i gCarna i gConamara i mí Feabhra, 1998. Tharla sé gurb in í an oíche ar shocraigh Molloy go gcinnteodh sé go ndéanfaí an scéim mhór nua uisce do cheantar Chill Chiaráin, Charna agus an Chaisil, agus ar cuireadh síneadh uirthi go Cloch na Rón ina dhiaidh sin. Silim, fós féin, gurb í an scéim sin ar an infheistíocht is mó a rinne an Stát in aon bheartas amháin in iarthar Chonamara, sin beagnach €20 milliún san iomlán.

Ag deireadh an chruinnithe d’ól muid tae agus d’fhág an toscaireacht slán ag na polaiteoirí. Ach ba ghearr gur tuigeadh go raibh carr Sheosaimh Uí Chuaig, a bhí ar thoscaireacht an cheantair, sáinnithe ag carr Bhobby agus pé ar bith caoi a ngabhfaí dó, ní raibh tiománaí Bhobby in ann an carr a thosú.

Cén bhrí ach bhí an carr díreach ar aghaidh an gheata agus bhí carr Sheosaimh taobh istigh. Ba ghearr go raibh leagan ag an toscaireacht ar an scéal – ‘Cumhacht’ (eagraíocht a bhí i gConamara agus Ó Cuaig bainteach léi) sáinnithe ag na PDs! D’éirigh linn carr Bhobby a bhrú beagán de leataobh agus an tranglam a fhuascailt.

D’fhan an tiománaí i gcarr an Aire agus cuireadh fios ar chúnamh. Bhí deifir ar Bhobby agus thiomáin mé go Gaillimh é. Ní raibh muid mórán achair ar an mbóthar nó gur ghlaoigh Bobby ar na Gardaí sa gClochán. Bhí sé le dhul don tSeapáin ar maidin agus theastaigh socrú uaidh i dtaobh carranna a thabharfadh chuig an aerfort é. D’inis Bobby don Gharda a d’fhreagair cé hé féin agus mhínigh an cás dó. Bheadh ar a dhul don tSeapáin luath ar maidin. Bhí an Garda ar na maidí ar an bpointe:‘Bhuel is géar a theastódh stáisiún nua uainne anseo sa gClochán freisin!’

Bhí comhrá spéisiúil againn ar an mbóthar go Gaillimh – obair rialtais, an pholaitíocht srl. Giorraíodh an t-aistear. Chuaigh Bobby agus a bhean, Phyllis, go dtí an tSeapáin an mhaidin dár gcionn.

Tá uisce imithe le fána ó shin. Tá an scéim nua a saolaíodh an oíche sin ag tabhairt soláthar uisce reatha anois as ar fud Iorras Aithneach, amach an Caiseal agus siar go Cloch na Rón. Níl a fhios agam cá bhfuil an Garda a d’fhreagair an teileafón sa gClochán an oíche sin ach tógadh stáisiún breá nua sa gClochán ó shin. Maidir leis an mbóthar a thug mé féin agus Bobby go Gaillimh an oíche sin – an N59 – tá sé mar atá sé i gcónaí.

Tá a chosán sa saol seo siúlta ag Bobby Molloy. Tá lorg a chos fágtha aige go maith ann. Slán leis anois ar chosán na síoraíochta.