Bob Geldof, Aung San Suu Kyi, an scoláire Gaeilge agus saoirse na cathrach

Is é cás Kuno Meyer an t-aon chás eile inar tugadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath ar ais do dhuine a mbíodh an gradam aige tráth

Bob Geldof, Aung San Suu Kyi, an scoláire Gaeilge agus saoirse na cathrach

An scolaire Gaeilge, Kuno Meyer

Scéal duine de mhórscoláirí na Gaeilge agus an léinn Cheiltigh an t-aon fhasach atá ann maidir le cás Bhob Geldof agus saoirse chathair Bhaile Átha Cliath.

Sa bhliain 1912 a bronnadh saoirse na cathrach ar Kuno Meyer, scoláire Gaeilge mór le rá as an nGearmáin, an lá céanna ar bronnadh an onóir chéanna ar an Athair Peadar Ó Laoghaire.

Bronnadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath ar 82 duine ó cuireadh an gradam ar bun in 1876 ,ach is é Meyer an t-aon duine ar baineadh de é mar is amhlaidh a thug Geldof a ghradam ar ais.

Tá ráite ag an gceoltóir Bob Geldof gur mhaith leis saoirse na cathrach a fháil ar ais ach an gradam a bheith bainte de Aung San Suu Kyi. Is é cás Kuno Meyer an t-aon chás eile inar tugadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath ar ais do dhuine a mbíodh an gradam aige tráth.

An tseachtain seo shiúil Bob Geldof isteach go Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath agus thug an scrolla a fuair sé nuair a bronnadh Saoirse na Cathrach air 11 bliain ó shin, ar ais don Chomhairle Cathrach mar agóid i gcoinne an gradam céanna a bheith ag Aung San Suu Kyi a bhfuil cáineadh déanta uirthi as a heaspa gnímh i gcás mhuintir Rohingya in Maenmar.

Tá os cionn milliún de mhuintir Rohingya tar éis teitheadh as Maenmar go dtí an Bhanglaidéis de bharr sléacht a bheith á dhéanamh orthu ina dtír féin. Dúirt Geldof nár theastaigh uaidh a bheith ar an aon liosta le bean a lig don chinedhíothú sin tarlú.

Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, a bhí ina thánaiste ar Chonradh na Gaeilge agus ina Uachtarán ar Éirinn ina dhiaidh sin, a mhol an chéad lá go mbronnfaí Saoirse na Cathrach ar Meyer agus thacaigh Liam Mac Cosgair, a bhí ina thaoiseach ina dhiaidh sin, leis an rún. Bhí an bheirt ina mbaill de Chonradh na Gaeilge.

Trí bliana ina dhiaidh sin agus an Cogadh Mór ina thine bhruite ar fud na hEorpa, baineadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath agus saoirse chathair Chorcaí de Meyer toisc gur léirigh sé tacaíocht don Ghearmáin in óráid a thug sé mí na Nollag na bliana 1914 ag ócáid de chuid Chlann na nGael in Long Island Mheiriceá. Bhí sé ag léachtóireacht in Ollscoil Columbia, in Ollscoil Illinois agus in áiteanna eile ag an am, agus briseadh as a phost é toisc gur chuir a óráid olc ar na Sasanaigh, agus ar roinnt Éireannach.

Moladh rún i mí Eanáir 1915 go mbainfí Saoirse Chathair Chorcaí de agus rinneadh amhlaidh i mBaile Átha Cliath i mí Mhárta. Rith Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge rún buíochais do Meyer as an obair a bhí déanta aige ar son na hÉireann, rún a d’eascair as cinneadh chomhairleoirí Chorcaí an stádas a bhaint de.

Vótáil 24 duine ar Bhardas Bhaile Átha Cliath ar son an rúin a ainm a bhaint den liosta agus vótáil 24 duine in aghaidh an rúin. Ag Ard-Mhéara na cathrach, Lorcan Sherlock, ó Pháirtí Parlaiminte na hÉireann, a bhí an vóta cinniúnach a d’fhág gur scriosadh ainm Meyer den chlár.

Thit sé amach le go leor dá chairde mar gheall ar an gCogadh Mór idir a thír dhúchais agus na Comhghuaillithe. D’éirigh sé as a ról mar stiúrthóir Scoil an Léinn Ghaelaigh agus as eagarthóireacht na hirise acadúla a bhunaigh sé féin Ériu. Chaith sé blianta an chogaidh i Meiriceá. Chuaigh sé go dtí an Eoraip i ndiaidh an chogaidh, áit ar bhásaigh i Leipzig na Gearmáine agus é 60 bliain d’aois.

Bliain i ndiaidh a bháis, ritheadh rún ag cruinniú de chuid Bhardas Cathrach Chorcaí, mar a raibh Toirdhealbhach Mac Suibhne ina Mhéara, go dtabharfaí Saoirse na Cathrach ar ais dó. Rinneadh an rud céanna i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Bhí ardmheas ag lucht an Chonartha ar Meyer as an obair a rinne sé ar son na Gaeilge, agus ar son na hÉireann, dar leo. Dúirt iar-uachtarán an Chonartha, Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1920 gur chabhraigh Meyer go láidir leis an gConradh an cás a dhéanamh gur cheart an Ghaeilge a mhúineadh ag leibhéal na meánteistiméireachta.

Leathchéad bliain i ndiaidh an Chogaidh Mhóir, i 1965, bhí feachtas ar bun ag an nuachtán Scéala Éireann agus ag an gConradh féin Saoirse Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí a thabhairt ar ais do Meyer, agus iad dall, is cosúil, ar an scéala go ndearnadh amhlaidh i 1920.

“In the mad jingoism of the war that burst over Europe six years later [i ndiaidh dó saoirse na cathrach a fháil] Kuno Meyer was dishonoured by the same city that had named him among his citizens. In an ugly and stupid act of racial discrimination his name was struck off the role of freeman of Dublin.

“Now, in 1965, Coiste Cathrach Átha Cliath of the Gaelic League are seeking to have Kuno Meyer’s name re-instated and that old wrong righted. It is a proposal that should appeal to all fair-minded men and one that is worthy of support,” a scríobhadh ar Scéala Éireann mí na Samhna 1965.

Scríobh an Bardas chuig an gConradh ina dhiaidh sin lena chur in iúl dóibh nach raibh aon ghá lena n-éileamh ó tharla gur bronnadh Saoirse na Cathrach athuair ar Meyer 45 bliain sular sheol an Conradh a litir.

Ar na leabhair is mó cáil le Meyer tá Selections from ancient Irish poetry (1911; Aisling Meic Conglinne (1892); Immram Brain (le Nutt) (1895); Liadan and Cuirithir (1902); The triads of Ireland (1906); Tecosca Cormaic (1909); agus Fianaigecht (1910).

Fág freagra ar 'Bob Geldof, Aung San Suu Kyi, an scoláire Gaeilge agus saoirse na cathrach'