Bob Dylan – cumadóir eisceachtúil amhrán agus ealaíontóir fiosrach, forásach

Lá mór é do Bhob Dylan a bhfuil an Duais Nobel bronnta air as saothar a shaoil, ach lá mór chomh maith é don amhrán mar fhoirm ealaíne

Bob Dylan – cumadóir eisceachtúil amhrán agus ealaíontóir fiosrach, forásach

I Duluth Minnesota a rugadh Robert Zimmerman, de bhunadh teifigh Ghiúdacha ó oirthear na hEorpa agus is i mbaile Hibbing, sa stát céanna, a tógadh é. Sa mbliain 1960 d’fhág sé Ollscoil Minneapolis, gan an chéad bhliain a chríochnú, le haghaidh a thabhairt ar chathair mhór Nua-Eabhrac, a ghiotár acústach faoina ascaill aige. Ó shin i leith tá sé ar dhuine de na cumadóirí amhrán is mó a d’fhág rian ar cheol pobail Mheiriceá agus ar cheol pobail na cruinne.

Fear é Dylan a bhain le traidisiún na cosmhuintire – i dtús a shaoil mar amhránaí, d’fhéach sé le haithris a dhéanamh ar laoch a óige, Woodie Guthrie, an cumadóir siúil ar chuir Dylan aithne air agus Guthrie i ndeireadh a shaoil. Nuair a leaindeáil sé i Nua-Eabhrac, chuaigh sé ar thóir an chumadóra agóide agus d’aimsigh sé in Ospidéal Greystone Park i New Jersey é, áit a raibh Guthrie buailte ag an ngalar Huntington. Shuíodh Dylan cois leapan agus chasadh sé na hamhráin a chum a laoch i gcaitheamh a shaoil: Pretty Boy Floyd, Sacco and Vanzetti, This Land is Your Land.

Dála Woodie Guthrie roimhe (agus leithéidí Raiftearaí na tíre seo roimhe sin arís), chuir Bob Dylan é féin chun cinn i dtús a ré mar ghlór a phobail. Ach bhí níos mó i gceist leis ná amhráin agóide. Bhí sé tugtha don scéalaíocht fhileata ó thús, agus sna hamhráin a chum sé sna seascaidí, léargas dúshlánach a bhí aige den saol ina thimpeall. ‘The Times They are a Changing’, a dúirt sé agus b’fhíor dó: má bhí JFK sínte i gcré na cille, má bhí an duine gorm á chur faoi chois i gcónaí, má bhí diúracáin núicléacha á gcarnadh chaon taobh den Chuirtín Iarainn, bhí glúin nua ar an bhfód agus iad réidh le labhairt amach ar son na síochána, ar son na córa, iad réidh le droim láimhe a thabhairt le cultúr coimeádach a dtuismitheoirí.

Ealaíontóir fiosrach, forásach a bhí i Dylan ó thús, fear nach raibh leisce riamh air céimeanna radacacha a thógáil agus é ag saothrú an cheoil. Sa mbliain 1965, chuir sé uafás ar ardeaspaig an cheoil folk, leithéidí Pete Seeger, nuair a tharraing sé chuige an giotár leictreach ag Féile Newport. ‘Judas’ a bhéic duine dá lucht leanúna agus é ar an stáitse i Manchain Shasana an bhliain dár gcionn.

Siúd ar aghaidh é ag snámh leis in uiscí cáite an rock ’n roll. Ach níor leor dó gothaí gnéis Mick Jagger ná néal drugáilte Jim Morrison – cé gur thriail sé gach a raibh ar fáil dó, rock star é Dylan nach raibh riamh go hiomlán ar a chompord sa stretch limo.

Bob Dylan3

Amhail Picasso, ealaíontóir ardchumasach, ach duine nach riamh róthugtha don fhéineagarthóireacht, tá meascán caighdeáin ar fáil i saothar Dylan tríd na blianta. Ní raibh sé i gcónaí chomh cáiréiseach le leithéidí Paul Simon ó thaobh an cheoil de, cuir i gcás, agus ní i gcónaí a d’éiríodh leis gontacht chríochnúil Leonard Cohen a bhaint amach mar liriceoir. An bua a bhí aige riamh anall ná an tsamhlaíocht gan teorainn. Cumadóir raidhsiúil agus liosta le háireamh iad na péarlaí amhrán atá tagtha uaidh. Is cinnte go mairfidh scoth a shaothair beo ar bhéal na ndaoine ar feadh na gcéadta bliain.

Ó lár na seascaidí i leith, d’fhéach sé le liric an amhráin a thabhairt chuig leibhéal nua, í a phréamhú in aisling a bhí liteartha ar bhealach ach an-phearsanta chomh maith do léargas aonaránach Dylan ar an saol. Ní hionann sin is a rá gur cheart a chuid liricí a cholscaradh ón gceol tionlacain agus iad a léamh mar a bheadh dréachtaí nuafhilíochta ann. Níor cheart bheith ag súil go ndéanfaidís an cineál céanna jab ar an leathanach is a dhéanfadh dánta a cumadh le cur i láthair ar pháipéar nó ar scáileán Kindle. Amhail scripteanna scannán den chaighdeán is airde, a chuireann a scéal in iúl trí phósadh d’fhís is d’fhuaim, is gá liric amhráin a mheas mar leathchúpla den fhonn atá curtha leis.

Agus an Gradam Nobel bronnta ar Dylan, tá aitheantas tugtha chomh maith do laochra amhrán Mheiriceá a chuaigh roimhe, daoine nach bhfaca riamh an stádas ná an mhaoin saoil lena linn féin is atá feicthe ag fear Mhinnesota – leithéidí Woodie Guthrie, Leadbelly, Robert Johnson, agus an fear ar thug Dylan ómós ar leith dó i gceann de na píosaí is cumhachtaí dá chuid:

See them big plantations burning
Hear the cracking of the whips
Smell that sweet magnolia blooming
See the ghosts of slavery ships
I can hear them tribes a-moaning
Hear the undertaker’s bell
Yeah, nobody can sing the blues
Like Blind Willie McTell.

Fág freagra ar 'Bob Dylan – cumadóir eisceachtúil amhrán agus ealaíontóir fiosrach, forásach'

  • Feardorcha

    An-deas mar phíosa. N’fheadar an bhfuil ciall nó doimhne rómhór in an-chuid de na hamhráin ó na 70idí ar aghaidh ach … is dócha gur daoine de chineál áirithe is de ghlúin áirithe atá i dtreis anois. Ní haon chomhtharlúint gur seanfhondúirí ó na 60idí/70idí a bhíonn á gcéiliúradh ag leithéidí IMRAM leis.