Bó Chiarraí mar inspioráid ag dearthóir seodra

Scéalta fiannaíochta, cúrsaí seandálaíochta, an stair agus an nádúr a spreagann seodra álainn Cara Sturgess

Bó Chiarraí mar inspioráid ag dearthóir seodra

Is fánach an áit a mbeadh inspioráid le fáil ag dearthóir faisin. Ceann de bheithígh nó ba cháiliúla Chiarraí a chonaic sí le linn cuairte ar iarthar an chontae sin a spreag an dearthóir seodra Cara Sturgess le fáinní a dhearadh ar a bhfuil cloigeann na mba sin orthu. Loinnir Jewellery an t-ainm atá ar an mbranda seodra atá ar an margadh ag an dearthóir óg a fuair a cuid oiliúna sa Choláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha i mBaile Átha Cliath.

Bhí sí chomh tógtha sin le laonna na mba de phór Chiarraí gur shocraigh sí bailiúchán seodra a bhunú orthu faoin teideal My Little Bó. “They were just so cute I had to make something…” a dúirt sí. Tá na fáinní sin i measc seacht gcinn de bhailiúcháin éagsúla de sheodra atá curtha ar an margadh ag Sturgess.

Ach rabhadh amháin: níl siad saor! Bheifí ag súil go mbeadh seodra a bhfuil dearadh speisialta orthu agus iad lámhdhéanta costasach go maith, ach sa bhreis air sin, tá praghas an óir an-ard faoi láthair.

Ciallaíonn sin go bhfuil costas €1,930 ar an bhfáinne óir agus €392 ar an leagan airgid den fháinne seo.

‘Signs for the present, inspired by our past’ an mana atá ag Cara Sturgess agus Loinnir Jewellery agus is scéalta fiannaíochta, cúrsaí seandálaíochta, an stair agus an nádúr a spreagann dearadh na n-earraí éagsúla a dhéanann sí.

Bailiúchán de sheodra óir ó aois an chré-umha atá in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus a aimsíodh sa Mhúchán Thuaidh, Co. an Chláir, a spreag í le bráisléid agus fáinní a dhearadh agus a dhéanamh as ór agus airgead ar chostas idir €135 agus €569 an ceann.

Spreag scéal Chlann Lir agus na heachtraí a tharla do na leanaí, Aodh, Fionnuala, Fiachra agus Conn í le sraith eile fáinní agus bráisléid airgid a chur ar fáil ar chostas idir €299 agus €545.

Tá fáinní cluas agus slabhra brád i measc na n-earraí a dhear sí i sraith dar teideal ‘1916 Stone of the Heart’ (€145- €389) agus a leithéidí ar fáil i sraith eile a spreag Clochán an Aifir, Co. Aontroma (€119-€275).

I gceartlár Bhaile Átha Cliath atá an stiúideo deartha aici agus is ansin a dhéanann sí gach píosa de lámh.

Bhuaigh sí duais infheistíochta de €10,000 i gcomórtas d’fhiontraithe óga a d’eagraigh Comhairle Contae Fhine Gall anuraidh agus tá aitheantas áirithe faighte aici le tamall sna meáin chumarsáide agus ar na meáin sóisialta.

Ní chuirfeadh sé iontas orm dá gcloisimis tuilleadh amach anseo faoin mbean óg seo agus a cuid seodra speisialta.

Agus cá fhios nach dtiocfadh an lá go mbeadh na fáinní le dearadh bhó Chiarraí orthu chomh cáiliúil agus oiread éileamh orthu agus atá ar fháinne an Chladaigh as Gaillimh?

Fág freagra ar 'Bó Chiarraí mar inspioráid ag dearthóir seodra'