‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán

Tá lucht na Gaeilge ar líne ag baint suilt as an íoróin a bhaineann le haistriúchán Gaeilge a rinneadh ar an mana conspóideach ‘Blue Lives Matter’

‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán

Tá cainteoirí Gaeilge ar líne ag baint spraoi as an drochaistriúchán Gaeilge a rinne Meiriceánach ar mhana a mhaítear gur ráiteas “ciníoch” é i bpictiúr atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta.

Aistriúchán ar an mana ‘Blue Lives Matter’ atá i gceist agus ‘Gorm Chónaí Ábhar’ an Ghaeilge a cuireadh air.

Ba í Audrey Nickel, cainteoir Gaeilge atá ina cónaí in Santa Cruz in California, a tharraing aird ar an drochaistriúchán ar a blag The Geeky Gaeilgeoir. Feictear sa phictiúr fear atá ag caitheamh filleadh beag agus t-léine a bhfuil na focail ‘Gorm Chónaí Ábhar’ scríofa uirthi.

Is iarracht atá ansin Gaeilge a chur ar an ráiteas conspóideach ‘Blue Lives Matter’, mana na frithghluaiseachta conspóidí a tháinig chun cinn mar fhreagra ar an ngluaiseacht ‘Black Lives Matter’, gluaiseacht a chuireann in aghaidh bhrúidiúlacht na bpóilíní i Meiriceá in aghaidh daoine gorma.

Samhlaítear an dath ‘gorm’ i mBéarla Mheiriceá leis na seirbhísí póilíneachta sa tír sin agus is don tsamhail sin a thagraítear sa mana ‘Blue Lives Matter’.

Ar ndóigh, sa Ghaeilge tugtar duine gorm ar dhuine a bhfuil craiceann dubh air, rud a fhágann lorg na híoróine ar an drochaistriúchán atá le feiceáil ar léine an fhir.

Maítear gur gluaiseacht chiníoch atá i Blue Lives Matter sa chaoi is go ndéanann sé “beag is fiú” den ghluaiseacht Black Lives Matter agus de dhaoine a bhfuil imní orthu faoin bhforéigean in aghaidh daoine gorma a chuirtear i leith phóilíní Mheiriceá go minic.

Is í Audrey Nickel, an té a scaip an pictiúr ‘Gorm Chónaí Ábhar’ le teann magaidh, a scríobh an treoirleabhar do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu ach ar mhaith leo tatú de nath cainte nó focal i nGaeilge a fháil.

Is ceoltóir í atá ina cónaí in Santa Cruz in California. Chuir sí spéis sa Ghaeilge ar dtús tríd an gceol nuair a bhí sí an-óg. Thaitin ceol traidisiúnta na hÉireann go mór léi agus thug sí uirthi féin an oiread agus ab fhéidir léi faoin tír agus faoin gcultúr as ar eascair sé a fhoghlaim. Thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge as a stuaim féin nuair a bhí sí 15 bliain d’aois.

Fág freagra ar '‘Blue Lives Matter’ = ‘Gorm Chónaí Ábhar’ – Gaeilgeoirí ar líne ag baint spraoi as drochaistriúchán'