Blianta faoi bhláth – Donald Trump agus feirmeoirí Chonamara

Beidh an talamh mín go maith faoi chois Donald Trump sa Teach Bán, rud nach bhfuil amhlaidh ag feilméaraí sléibhte Chonamara

Blianta faoi bhláth – Donald Trump agus feirmeoirí Chonamara

Dá mhéid cáineadh agus caitheamh anuas atá déanta ag tráchtairí  –  agus daoine nach iad – ar Donald Trump, ní cosúil go bhfuil ceist bhearránach ar bith curtha faoin aois atá sroichte aige.  Beidh Donald Trump ag teannadh le 71 bliain d’aois ach a n-insealbhófar é ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 20 Eanáir.

Tá de bhuntáiste ag Trump go bhfuil sé lúth, láidir agus nach gcuirfeá gar d’aois an phinsin é mura mbeadh eolas agat faoina dháta beirthe.  Ach, dá mba dheich mbliana fichead ó shin é, chuile sheans go gcaithfí cúrsaí aoise ina bhéal.

Mórán le bheith ar chomhaois le Trump a bhí Ronald Reagan nuair a toghadh eisean ina Uachtarán i 1980 agus is iomaí spochadh a bhíodh ann faoina aois ag an am.  An bhféadfadh ‘seanfhear’ cúraimí na Stát Aontaithe a láimhsiú?

Mar a tharlaíonn sé, go dtí an lá atá inniu féin ann, áirítear Reagan ar dhuine de na hUachtaráin ba mhó riamh a thaitin le pobal Mheiriceá.

Ní áirítear Trump mar ‘sheanfhear’, beag ná mór!  Cuidíonn sé leis, ar ndóigh, go bhfuil mainicín mná atá ceathrú céid níos óige ná é ina bean chéile aige.  Ach, chuile sheans go bhfuil an t-achar atá daoine ag maireachtáil anois sa domhan thiar, nó sa domhan forbartha, ar cheann de na cúiseanna nach bhfuil ceist ar bith curtha faoi na blianta móra atá slánaithe ag Donald Trump; ní hionann 71 bliain anois agus 71 bliain i 1980 nuair a tháinig Ronald Reagan ar an stiúir i Washington.

Ar chuma ar bith, beidh an talamh mín go maith faoi chois Donald Trump sa Teach Bán, rud nach bhfuil amhlaidh ag feilméaraí sléibhte Chonamara.  Idir mhoingeanna, chnocáin, thortáin agus phoill bháite, ní déarfá gur taobh tíre í a d’fheilfeadh do dhaoine atá ag teannadh amach sna  blianta.  Ach sin iad atá ann den chuid is mó, fir atá ag teannadh amach sna blianta agus níos lú tapa ina gcois, de réir nádúir.

Tarraingítear an cheist seo anuas i gcáipéis a d’ullmhaigh Fóram Chonamara do chlár Leader. Léiríonn na staitisticí go bhfuil os cionn dhá thrian d’fheilméaraí Chonamara os cionn 55 bliain d’aois.  As an lear sin acu atá os cionn 55, tarlaíonn sé go bhfuil 38% díobh siúd os cionn 65.  Luaitear i gcáipéis na heagraíochta Fóram Chonamara go bhfuil an baol ann go gcaillfear go leor de na scileanna agus den oidhreacht a bhain le feilméaracht ar ghabháltais agus ar shléibhte Chonamara de bharr an chlaonadh seo sna haoisghrúpaí.

Ach iad ag plé an scéil, tarraingíonn Fóram Chonamara aird ar an saol atá daoine a fháil anois seachas san aimsir a caitheadh, rud é sin a chaithfear a chur san áireamh agus machnamh á dhéanamh ar na haoisghrúpaí feilméarachta, a deirtear.  Níl fonn ar chuid acu scaradh leis an bhfeilméaracht agus tá go leor acu sách acmhainneach leis an obair a dhéanamh i gcónaí, fiú agus go bhfuil siad in aois leabhar an phinsin.

Cá bhfágann sé seo na daoine óga, an beagán a mbeadh fonn orthu bualadh faoin bhfeilméaracht i gConamara, fiú go páirtaimseartha féin, nuair atá dream níos sine ag obair leo ar an talamh.

San am céanna ní ceart, agus ní féidir,  feilméaraí a chur as obair ná as seilbh, de bharr cúinsí aoise.  Tá greim níos láidre acu ar a mbunáit ná atá ag Donald Trump sa Teach Bán. D’fhéadfadh muintir Mheiriceá é siúd a dhíbirt as an Teach Bán faoi cheann ceithre bliana, dá mbeadh an fonn sin orthu.

Is maith na scéalaithe iad na blianta ach tá rud amháin cinnte, buailfidh na mná amach Trump agus feilméaraí fireanna Chonamara i gcomórtas na mblianta.

Is díol suntais é an lear ban as Conamara a bhain aois mhór amach le beagán seachtainí agus an céad slánaithe acu. Tá buntáiste ag mná seachas fir ó thaobh na mblianta atá geallta dóibh, rud a léiríonn na staitisticí. Féadfar a bheith ag súil anois sa tír seo go mairfidh naíonán fir 78.2 bliain agus go mairfidh naíonán mná 83.2 bliain, sin tuairim is 20 bliain níos mó ná an méid saoil a bheadh geallta dóibh nócha bliain ó shin, sa gcéad chuntas tar éis bhunú an tSaorstáit

Tá figiúr eile atá chomh spéisiúil céanna ar fáil a thaispeánann go mairfidh an fear in Éirinn a bhainfidh 65 amach i mbliana go mbeidh 82 (ar an meán) caite aige agus go mairfidh bean a shroicheann 65 i mbliana go mbeidh sí beagnach 86.  Aoiseanna maithe iad sin ach cár fhága tú na daoine, mná chuile dhuine acu, as Conamara a bhí sa nuacht le gairid.

Mar a tuairiscíodh ar dtús ar an suíomh seo, is í Sarah Clancy as an gCeathrú Rua an duine is sine in Éirinn.  Bail ó Dhia uirthi, tá 108 slánaithe aice agus í ag coinneáil go maith.  I dTeach Altranais Charna le gairid, rinneadh ceiliúradh ar an 103 lá breithe ag Mary Hayes (Nic an Iomaire roimh phósadh di) as an gCaiseal.  Bhreathnaigh sí thar cionn agus ba dheas mar a labhair sí ar an teilifís.   Tá bean eile as an gClochán ó dhúchas atá ina cónaí i nGaillimh anois 105 – sin í Barbara Lovatt.

Le gairid, d’imigh triúr ban eile as Conamara ar shlí na fírinne tar éis dóibh an 100 – agus tuilleadh blianta – a bheith caite acu ar an saol seo.

Margaret Ó Néill as Baile Conaola (103) Bríd Ní Fhátharta as Cor na Rón in Indreabhán (100) agus Katie Uí Mhainnín (Comer roimh phósadh di) as an  gCloch Bhreac i gCorr na Móna (103).  Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dóibh tar éis a n-aistir fhada ar an saol seo.

 

Fág freagra ar 'Blianta faoi bhláth – Donald Trump agus feirmeoirí Chonamara'