Bliain le duine agus bliain ina choinne

Tá clabhsúr curtha go cathréimeach ag foireann rugbaí na hÉireann leis an séasúr agus caint cheana faoi Chorn an Domhain. Ach fainic! Tá sé seo feicthe againn cheana…

 

Imreoirí na hÉireann, díomách tar éis cailliúint ag Corn an Domhain 2007. INPHO/Billy Stickland
Imreoirí na hÉireann, díomách tar éis cailliúint ag Corn an Domhain 2007. INPHO/Billy Stickland

Tá na hÉireannaigh ar mhuin na muice. Sa triú háit sa rangú domhanda is deireanaí tar éis an Aifric Theas agus an Astráil a bhualadh, tá muid níos lú ná bliain amach ó Chorn an Domhain atá ar siúl sa leathsféar thuaidh agus caithfear a rá go bhfuil an-seans againn.

Má airíonn tú go bhfuil sé sin cloiste cheana agat, is mar gheall go raibh lucht tacaíochta na hÉireann ag rá na rudaí ceannann céanna ocht mbliana ó shin.

I 2006, tháinig imreoirí de chuid na hAfraice Theas agus na hAstráile go dtí Baile Átha Cliath agus d’fhág siad go maolchluasach.

Bhuail muid na ‘Boks’ 32-15 agus seachtain ina dhiaidh sin, bhí na hAstrálaigh buailte againn, 21-6.

Tar éis an dá bhua sin, agus taispeántas maith i gCraobh na Sé Naisiún níos luaithe sa bhliain, d’fhógair an IRB i mí na Samhna 2006 nach raibh níos laidre ná na hÉireannaigh ach an Nua-Shéalainn agus an Fhráinc fud fad na cruinne.

Faoi cheann 12 mhí, bhí Éire tite go dtí an seachtú háit agus bhi ré Eddie O’Sullivan ar an dé deiridh. Fiú amháin anois, labhraíonn na himreoirí le hiontas nuair a breathnaíonn siad siar ar an chaoi a ndeachaigh cúrsaí in abar orthu chomh tapa sin.

Gan dabht, níor thosaigh an meath go díreach i ndiaidh na mbuanna in aghaidh foirne an leathsféir theas. I gCraobh na Sé Naisiún i 2007, is ar dhifríocht na bpointí a chaill Éire an comórtas.

Nuair a chas Éire agus an Fhrainc ar a chéile sa dara seachtain den chomórtas, an chéad chluiche rugbaí a imríodh i bPáirc an Chrócaigh, bhí na hÉireannaigh chun cinn ón tús go dtí gur éalaigh Vincent Clerc isteach d’úd sa nóiméad deireanach.

Ina dhiaidh sin, tháinig an bua stairiúil in aghaidh Shasana agus ag gabháil isteach sa chluiche deireanach in aghaidh na hIodáile, bhí seans ag Éire an chraobh a bhuachan.

Bhí ar na hÉireannaigh bua mór a fháil sa Róimh ach, agus iad 30 pointe chun cinn leis an am caite, rinne siad iarracht úd eile a fháil ach is iad na hIodálaigh a ghoid an liathróid agus a d’aimsigh an scór.

Nuair a bhí farasbarr 27 bpointe ag na Francaigh ar Albain níos deireanaí an trathnóna sin, chiall sé gur chinn ar na hÉireanaigh an chraobh a thabhairt leo, iad trí phointe taobh thiar ar deireadh.

Ach tar éis teacht chomh gar sin do Chraobh na Sé Naisiún, thosaigh rudaí ag dul amú.

Sa Chorn Heineken, cuireadh Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, seaimpíní an na bliana roimhe, amach as an gcomórtas ag na babhtaí ceathrú ceannais agus ansin bhí samhradh uafásach ag foireann na hÉireann.

Níor thóg Eddie O’Sullivan foireann iontach laidir leis ar thuras go dtí an Airgintín, foireann a bhí sa ghrúpa céanna linn i gCorn an Domhain.

Chaill na hEireannaigh an dá chluiche sin i Meirceá Theas agus nuair a d’imir siad dhá réamhchluiche roimh Chorn an Domhain, chaill siad in aghaidh na hAlban agus theastaigh úd deireanach uathu chun an ceann is fearr a fháil ar na hIodálaigh.

In aghaidh Bayonee, i gcluiche dúshláin sa Fhrainc cúpla seachtain roimh thús Chorn an Domhain, briseadh cnámh grua Brian O’Driscoll agus sa chéad chluiche sa ghrúpa, i gcoinne na Naimibe, an fhoireann is measa sa chomórtas, bhuaigh Éire 32-17 ach ní gan streachailt.

Chun an drochthaispeántas a chur i gcomhthéacs, bhuail an Fhrainc an Namaib 87-10 agus bhí farasbarr 60 phointe ag an Airgintín orthu.

Eddie O’Sullivan tar éis bua  ar éigean in aghaidh an tSeoirsia i 2007. INPHO/Billy Stickland
Eddie O’Sullivan tar éis bua ar éigean in aghaidh an tSeoirsia i 2007. INPHO/Billy Stickland

Faraor, bhí taispeántas níos measa le teacht. In aghaidh an tSeoirsia sa chéad chluiche eile, níor bhuaigh na hÉireannaigh ach le ceithre phointe.

Leis an am beagnach caite, agus é 14-10 ar clár na scóir, thrasnaigh na Seoirsigh an líne ach bhí Denis Leamy in ann a chorp mór a chur faoin liathróid agus an toradh a shábháil d’Éire.

Nuair a thug Éire aghaidh ar an bhfoireann baile, bhí bua éasca ag an Fhrainc, 25-3, rud a chiallaigh gur theastaigh dhá phointe bhónais ó na hÉireannaigh in aghaidh na hAirgintíne.

Ní raibh an chuma ar an scéal riamh go raibh a leithéid de rud chun tarlú agus is iad na hAirgintínigh a bhuaigh an cluiche, 30-15, chun foireann na hÉireann a chur ar an gcéad eitilt abhaile.

Faoin am a raibh an comórtas thart, bhí Éire tite go dtí an seachtú háit ar domhan, an chéim is ísle a raibh siad ó thosaigh an IRB ag foilsiú na figiúirí.

Taobh istigh de sé mhí agus tar éis droch-Chraobh Sé Náisiún, bhí Eddie O’Sullivan imithe agus Declan Kidney tagtha isteach ina áit.

Is cinnte go ndéanfaidh Joe Schmidt gach rud atá sé in ann le déanamh cinnte nach tarlóidh a leithéid arís ach is deacair an rud é sin a chinntiú nuair nach bhfuil a fhios ag na himreoirí a bhí ann ag an am fós céard a chuaigh amú.

Rud amhain cinnte atá muid in ann a fhoghlaim uaidh ná nár cheart dúinn gabháil thar fóir le cén áit a bhfuil muid sa rangú domhanda bliain amach ó Chorn an Domhain.

 

Fág freagra ar 'Bliain le duine agus bliain ina choinne'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Aontaoim leat, ní mór duinn a bheith stuama.