‘Bleaist pórtair, foracún fataí agus néal codlata’

Baineann ár gcolúnaí féin cor maith as an scála ach a leagann sé bonn a choise air agus tá ceachtanna le foghlaim againn ar fad faoi chúrsaí sláinte go háirithe nuair is sláinte gasúr atá i gceist

obesity

Thug mé suntas don liosta polaiteoirí a d’ainmnigh Cathal Mac Coille ina alt faoi na hAirí Sláinte a bhí i bPoblacht na hÉireann le scór bliain anuas; daoine ábalta a bhí iontu uilig agus is cinnte go rabhadar ag iarraidh leas an phobail a dhéanamh.  Níor éirigh leo leigheas a fháil ar na fadhbanna sa gcóras sláinte. Is beag nach gcuirfeá an cheist: mura raibh duine ar bith acu seo in ann réiteach a fháil ar na fadhbanna sa gcóras sláinte – na tranglaim sna haonaid dhianchúraim ina measc – cé atá in ann réiteach a fháil ar an gceist seo? 

Agus mé ag léamh alt Chathail, chuimhnigh mé ar agallamh a rinne mé le duine de na hAirí sin i gConamara sa mbliain 2012 – an Dr James Reilly.  Chuir mé na ceisteanna céanna air is atá tarraingthe anuas go mion minic faoi laigeachtaí sa gcóras leighis agus sláinte. Bhí dearcadh ar leith ag James Reilly ar an ábhar seo uilig (dochtúir leighis é féin); bhí muid ag fáil róleathan sa tír seo, a dúirt sé.

Dúirt an Dr Reilly go bhféadfaí go leor den bhrú ar na seirbhísí sláinte a laghdú – agus airgead a shábháil dá réir – dá dtabharfadh muid aird ar chomhairle atá ar fáil in aisce chuile lá den tseachtain maidir le meáchan a chailleadh, éirí as an tobac agus lagan ar an ól.

Fear dea-dhéanta é an Dr Reilly é féin.

Ní féidir liomsa mórán cainte a dhéanamh faoi chúrsaí meáchain; bainim féin cor maith as an scála ach a leagaim bonn mo choise ar. Ach, gan dabht, bhí bunús agus brí le caint an Aire.   

Bheadh muid uilig níos folláine dá dtabharfadh muid aird ar an dea-chomhairle – agus tá neart den chomhairle sin ar fáil sa lá atá inniu ann.

Tá fogha tugtha ag an Dr Eva Orsmond fúinn uilig anois freisin. Siúcra atá i gceist an iarraidh seo. Tá an siúcra ag déanamh scrios ar dhaoine agus ag cur cuimse acu i dtreo na ndochtúirí agus na n-ospidéal. Fiafraíonn an Dr Orsmond dínn cén sort paca amadán agus óinseach muid anseo in Éirinn agus muid ag ramhrú as éada? Abraíonn sí freisin go bhfuil na daoine óga atá ag fás aníos anois ar an gcéad ghlúin sa tír seo nach mairfidh chomh fada leis an nglúin a chuaigh rompu – agus tá an siúcra, atá i mórán chuile ní atá á ithe agus á ól, ar cheann de na cúiseanna atá leis sin.

Tá tuilleadh comhairle in aisce tagtha thar muir anall le laethanta beaga anuas freisin; tá sé fógartha ag lucht leighis Shasana gur cheart an teorainn ‘shábháilteachta’ a bhaineann le halcól a laghdú tuilleadh. Go deimhin, a dúradar, níl a leithéid de rud ann agus ‘sábháilteacht’ ó thaobh alcóil de. D’aontaigh dochtúir comhairleach sinsearach as an tír seo leis an tuairim sin ar Nuacht RTÉ an oíche cheanna. Níor mhór do mhuintir na hÉireann súil in athuair a chaitheamh ar an ‘gcaidreamh’ atá acu leis an ól meisciúil, a deir seisean. Seans gur cheart, ach an ndéanfaidh muid sin?

Is cuimhneach liom lá geimhridh casadh le fear a bhí ag siúl an bhóthair go réchúiseach i gConamara, lá a raibh spéartha dubha ag bagairt díle báistí. “Ní bheifear in ann mórán a dhéanamh inniu,” arsa mé féin. “Ní bheidh,” a deir sé. ‘Bleaist pórtair, foracún fataí agus néal codlata a mhac!’

Ní raibh dearcadh an fhir mhacánta seo chomh leathan le dearcadh James Reilly ná chomh ‘caol’ le dearcadh an Dr Eva Orsmond, agus ní raibh aird ar bith aige ar leithéidí na saineolaithe leighis i Sasana a bhí ag caitheamh anuas ar an alcól. 

Ach, tá daoine ann a déarfadh go raibh sé ag maireachtáil go sona agus nach ceart a bheith sáinnithe ag an gcéad agus míle ceangal a chuireann an saol orainn. Admhaíonn an Dr Eva féin go bhfuil an-dúil aici sna seacláidí ach go bhfuil sí go síoraí ag cur cosa i dtaca ina n-aghaidh.

Mar dhaoine fásta – agus leathana scaití! – is linn féin socruithe a dhéanamh faoi chúrsaí an tsaoil agus faoi chúrsaí sláinte. Ach ní hionann an cás ó thaobh gasúir de; is ansin a thagann dualgas ar leith orainn. Tá dualgas ar thuismitheoirí, ar an bpobal uilig agus ar an Stát cosaint a thabhairt do ghasúir agus a chinntiú – chomh maith agus is féidir – nach bhfaigheann siad ábhar le n-ithe agus le n-ól a dhéanfaidh lagachan ar an gcolainn ná ar an intinn. Tá saothar fiúntach déanta ag an Dr Eva sa gcás sin. Agus sa deireadh, dá bpiocfadh duine amach an beart is fiúntaí a rinne Airí Sláinte na tíre seo le fiche bliain ba dheacair beart Mhicheál Martin a shárú – sin deireadh a chur le caitheamh tobac i láithreacha oibre, i dtithe tábhairne, i mbialanna agus in áiteacha poiblí. Coinneoidh an socrú sin go leor daoine as na haonaid éigeandála agus as na hospidéil sna blianta amach romhainn.

Fág freagra ar '‘Bleaist pórtair, foracún fataí agus néal codlata’'