Blagálaithe faisin agus smididh ag fáil íocaíochtaí agus urraíochta

Tá tionscal na háilleachta sásta infheistíocht mhór a dhéanamh le go dtabharfaidh scríbhneoirí tacaíocht dhigiteacha dá gcuid táirgí

Blagálaithe faisin agus smididh ag fáil íocaíochtaí agus urraíochta

Tá fás as cuimse tagtha le blianta anuas ar líon na ndaoine a bhfuil blaganna á bhfoilsiú acu faoi chúrsaí faisin agus smididh. Caitheamh aimsire gan dochar a bhíonn i gceist d’fhormhór na ndaoine sin ach tá tuilleadh ann a bhfuil a gcuid blaganna curtha ar bhunús gnó acu agus luach saothair maith á fháil acu as a gcuid scríbhneoireachta.

Tá an téarma “blagálaí” caite uathu ag cuid de na scríbhneoirí sin le tamall anuas agus focal nua in úsáid lena gcuid saothair a chur i láthair – influencers a thugtar i mBéarla orthu anois. Faigheann siad urraíocht agus íocaíochtaí móra ó chomhlachtaí faisin agus smididh lena dtacaíocht a thabhairt ar líne do tháirgí ar leith.

An deacracht is mó a bhíonn ag léitheoirí go minic ná fios a bheith acu an bhfuil táirge á mholadh ag an scríbhneoir mar go bhfuil sé go maith nó mar go bhfuil caidreamh gnó i gceist le lucht díolta an táirge sin.

Tá rialacha nua eisithe i mbliana ag Údarás Caighdeáin Fógraíochta na hÉireann a éilíonn go mbeadh sé ráite go soiléir má bhíonn urraíocht nó íocaíocht faighte ag an scríbhneoir ar bhlag. Tá cumhacht ag an Údarás sin fiosrúcháin a dhéanamh agus céimeanna a ghlacadh má bhíonn scríbhneoirí ag seachaint na ndualgas sin.

Is ceart a rá go mbíonn na blagálaithe nó an “lucht tionchair” is mó le rá agus is fearr aithne cúramach go maith agus go n-admhaíonn siad nuair a bhíonn cúiteamh i gceist. Ach an mbeadh an meas céanna agat ar thuairim nó ar mholadh ó bhlagálaí dá dtuigfeá gur de bharr íocaíochta a bhí táirge éigin á chur chun cinn ag an duine sin?

Is deacair eolas cruinn a fháil faoin gcineál airgid a fhaigheann an “lucht tionchair” as a gcuid seirbhísí sa tír seo ach tá meastacháin déanta go mbíonn idir roinnt céadta agus roinnt mílte euro i gceist do gach blag nó teachtaireacht tacaíochta ag brath ar líon an lucht leanta atá ag an scríbhneoir. Airgead maith go leor é sin ach is dócha go gcaithfidh na scríbhneoirí a bheith cúramach nach dtugann siad tacaíocht do tháirge gan tairbhe, más mian leo a seasamh féin agus a lucht leanta a choinneáil.

Ach is mór idir na suimeanna a íoctar anseo in Éirinn agus an saothrú a fhaigheann réalta ar nós Kendall Jenner as a dtacaíocht nó a dtionchar. Deirtear gur féidir leis an mainicín cáiliúil idir $125,000 agus $300,000 a fháil as postáil aonair ar Instagram. Ach ar a shon sin, tá 56 milliún de lucht leanta aici!

Go minic ní tacaíocht trí bhlaganna amháin a bhíonn á tairiscint ag na scríbhneoirí anseo ach seirbhís “tionchair” iomlán ar na hardáin dhigiteacha éagsúla, Instagram, Youtube, Facebook, Twitter agus eile.

Mar chruthú ar an bhfás atá ag tarlú sa réimse seo, tá rannóg nua bunaithe ag an Andrea Roche Model Agency le feidhmiú mar ghníomhaire bainistíochta don “lucht tionchair” sna meáin dhigiteacha atá ag scaipeadh eolais faoi chúrsaí faisin, stíle, smididh agus eile. Ina measc sin a ndéanann an ghníomhaireacht bainistiú ar a gcuid “tionchair”, tá Rosie Connolly, Grace Mongey (Faces by Grace) Lorna Weightman, Ciara O’Doherty agus Tara O’Farrell.

Deir Andrea Rocha ar a suíomh gréasáin gur féidir leis na meáin dhigiteacha tionchar a imirt ar suas le 5 mhilliún duine trí na hardáin éagsúla cumarsáide agus go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh anois leis an scéal a scaiptear ó bhéal go béal. “Today a brand is no longer what we tell the consumer it is – it’s what consumers tell each other it is,” a deir sí.

Gnó é seo nach bhfuil ach ina thús.

Fág freagra ar 'Blagálaithe faisin agus smididh ag fáil íocaíochtaí agus urraíochta'