Blackpool imithe go grinneall láibe

Ar bhealaí go leor níl club is fearr a thugann léiriú ar an athrú iomlán a tháinig ar chúrsaí sacair i Sasana le teacht an Premier League ná Blackpool.

_67257403_67257402

Bhí Blackpool tráth ar cheann de na clubanna ba cháiliúla i Sasana. Ba dóibh cuir i gcás a d’imir Stanley Matthews, an t-imreoir ab fhearr lena linn agus Jimmy Armfield agus Alan Ball, a bhí ar fhoireann Shasana a bhuaigh Corn an Domhain i 1966.

Ba sa roinn ab ísle a bhí Blackpool ag saothrú nuair a tharla an t-atheagrú a tháinig leis an bPríomhroinn i 1992.

Idir sin agus an t-am atá anois ann, is mó corr agus casadh atá tagtha ar stair Blackpool FC ná a bhí sa seanbhóthar idir Corcaigh agus Mala. Tá blaiste acu den árdú céime agus den isliú céime.

Sheas siad ar bharr na Príomhroinne (fiú mura raibh ann ach cúpla uair an chloig); tharraing siad cuid den airgead ollmhór teilifíse a tháinig leis an gcomórtas sin; agus rith siad amach as an tollán ar pháirc stairiúil Wembley, áit i 1953 ar thug Matthews taispeántas chomh foirfe uaidh i gcluiche ceannais an Choirn agus gur é an ‘Stanley Matthews Cup Final’ a tugtar ó shin air.

Faraor do Blackpool, d’fhoghlaim siad freisin na ceachtanna atá múinte ag an Premiership do chuid mhaith eile de na 46 club a bhí páirteach ann ó tháinig sé ar an saol.

Sin gur beag seans atá ag foirne nach bhfuil mórchuid airgid taobh thiar dóibh a n-áit a choineáil sa tsraith sin, ní áirím é a bhuachaint.

Séasúr amháin a mhair saol na Príomhroinne dóibh (2010–2011).

Faoi láthair is ar bhun an Championship atá Blackpool agus a mbainisteoir Lee Clark ar an 8ú duine a raibh an post sin ina sheilbh le dhá bhliain.

Ní le Blackpool amháin a bhaineann scéal an tsleamhnáin.

Dhá roinn faoina mbun faoi látháir i League 2 tá Portsmsouth agus Wilbledon, a chaith 15 séasúr eatarthu sa bPríomhroinn, tar éis dóibhsan a fháil amach nach raibh ar a gcumas dul i gcoimhlint le lucht an rachmais.

Bhíodarsan, maraon le leithéidí Bradford, Oldham agus Watford lán le dóchas agus le huaillmhian nuair a bhaineadar an bhuaic amach, ach mar is léir faoi láthair do Burnley agus do QPR, is minic gur é saol an fhéileacáin a bhíonn i ndán dá leithéid i measc na mboic mhóra.

Bhí tuiscint ag na clubanna ar fad atá luaite agam ar an méid sin ar ndóigh faoin am ar shroich siad an Premiership, mar a bhí ag úinéirí Blackpool, ach ina gcás siúd bhí socraithe acu sular ciceáileadh liathróid ar bith i 2010 go ndéanfadh siad an t-airgead ar fad a bhí ar tairiscint a charnadh agus a laghad agus a d’fhéadfadh siad a chaitheamh.

Bhí sé de rún ag muintir Oyston an t-airgead a bhí infheistithe ag an teaghlach sin i Blackpool a fháil ar ais, fiú agus dá mba é an dícháiliú an toradh a bheadh ar sin.

Diúltaíodh aon ardú pá a thabhairt as ucht a bheith ag imirt sa Premiership agus ní amháin nár ceannaíodh aon imreoirí nua, ach, agus an club i bhfoisceacht cúpla seachtain de thús na hiomaíochta, ní raibh ag traenáil faoi chúram an bhainisteora Ian Holloway ach seisear déag.

Faoin am ar bhuaigh siad ar Wigan i gcéad chluiche an tséasúir, bhí 24 acu (duine níos lú ná mar a bhí ceadaithe). D’fhág bua sa gcluiche sin Blackpool ar bharr an tábla ach faoin am dtáinig an lá deireanach agus cliseadh in aghaidh Man Utd, bhíodar ar a slí síos arís.

Thuill Blackpool £15.5 milliún as cearta teilifíse an séasúr sin agus fágann an córas as a bhfaigheann clubanna a dhícháilítear airgeadcúitimh go ceann ceithre shéasúr tar éis dóibh an Premiership a fhágáil go bhfuileadar i dteideal £48 milliún a bheith tarraingthe acu faoin am a dtiocfaidh 2016.

Caitheann cuid mhaith clubanna a bhíonn sa mbád céanna formhór an airgid sin ag iarradh an Phríomhroinn a bhaint amach arís, ach deir lucht a leanta gur beag suim atá ag na Oystons sin a dhéanamh.

Cuirtear i leith na n-úinéirí gur ag bánú an chlub atá siad agus tugann sampla £11 milliún a híocadh le comhlucht comhairleoireachta cánach agus iniúcadh a bhfuil beirt de mhuintir Oyston mar stiúrthóirí air.

Ainneoin sin ar fad, ba bheag nár éirigh le Blackpool áit a bhaint amach sa Premiership arís bliain tar éis dóibh imeacht as, ach gur bhuaigh West Ham orthu sa mbabhta ceannais cáilithe.

Ach an séasúr seo caite ba dhóbair dóibh a bheith dícháilithe chuig League 1.

Facthas an ghéarchéim ba mhó go dtí seo sular thosaigh an séasúr reatha, nuair a d’fhág 27 imreoir an club. Ní raibh ach ochtar imreoirí acu i bhfoisceacht cúpla seachtain de thús na himeartha.

Ach idir an 28 Iúil agus an 18 Lúnasa 2014 chláraigh siad 13 imreoir eile agus níor íocadar táille ar cheachtar acu.

I láthair na huaire agus aon tríú cuid d’imirt an tséasúir déanta, tá Blackpool greamaithe de bhun an Championship.

Léiríonn an scéal ar fad an ceannas iomlán atá glactha ag an airgead ar chúrsaí sacair sa mBreatain agus cé nach ag tógáil páirte na n-úinéirí atá mé, tá tuiscint áirithe agam ar an gcúis go bhfuil siad ag leanacht an chosáin atá siad a shiúl.

Ar an suíomh idirlíon ar a gcuirtear luach ar imreoir sacair i Sasana https://www.transfermarkt.co.uk/ , áirítear gur £12.5 milliún eatarthu na táillí a bhainfeadh leis an 26 imreoir atá cláraithe ag Blackpool – 20% den iomlán a thug Man.Utd do Real Madrid ar Angel di Maria.

£405m an fhigiúir atá luaite le imreoirí United; £391m milliún le Chelsea agus £388m le Man City.

D’fhágfadh £20 an suíochán is fearr agat sa seastán i Bloomfield Road i Blackpool agus £340 an costas a bhaineann le ticéad séasúir. Dá mbeadh tú ag iarradh cluiche an deireadh seachtaine seo idir Arsenal agus Man. Utd a fheiceáil, thabharfá £97 ar thicéad seastáin, ach é a fháil, agus tá idir £1,000 – £2,000 ar thicéad séasúir chuig na Emirates. Tá siad sin freisin ar fad díolta agus má tá uait dul ar liosta feithimh, cosnóidh sin £15 ort as féin.

Ní móide go bhfuil aon Ghaeilge ag na Oystons, ach tuigeann siad ‘snámh in aghaidh easa’.

Bíodh an ceart acu nó ná bíodh – sin scéal eile.

 

Fág freagra ar 'Blackpool imithe go grinneall láibe'