‘Black deaths matter’ – oscailt súl í caint Gary Younge ag Féile an Phobail

Dar le Gary Younge más foréigean a theastaíonn le go gcuimhneodh Meiriceánaigh ar ainmneacha na bpáistí a maraíodh, is mó a deir sé sin faoin tír ná faoin lucht círéibe

‘Black deaths matter’ – oscailt súl í caint Gary Younge ag Féile an Phobail

Bhí an t-iriseoir Gary Younge, Eagarthóir Fáin an Guardian, i mBéal Feirste mar aoi ag Féile an Phobail an tseachtain seo caite agus é ag caint ar an ghluaiseacht Black Lives Matter.

Oscailt súl a bhí ina chuid cainte ann do liobrálaithe cosúil liomsa. Liobrálaithe a dtagann fearg orainn nuair a fheiceann muid daoine bochta dubha á marú ag póilíní Mheiriceá ar YouTube agus ar an teilifís, ach a dtagann aiféaltas orainn nuair a fheiceann muid na círéibeacha a leanann na maruithe. Síocháin, a fhir.

Ina chaint i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, mhínigh Younge, a bhfuil deartháir leis ina chónaí i gCill Dara, an comhthéacs taobh thiar de na racáin agus de Black Lives Matter.

“Tá gearáin déanta ag daoine faoi na círéibeacha a bhí ann mar thoradh ar na dúnmharuithe ach ní bheadh daoine ag caint ar na dúnmharuithe seo murar tharla na círéibeacha in Ferguson, in Baltimore agus in áiteanna eile. Agus ní bheadh na dúnmharaithe i mbéal an phobail murar tharla an foréigean,” ar sé.

“Ní bheadh iniúchadh feidearálach curtha ar bun ag an Ard-Aighne faoin eachtra in Ferguson murach na círéibeacha sin.

“Más foréigean a theastaíonn le go gcuimhneodh Meiriceánaigh ar ainmneacha na bpáistí a maraíodh, is mó a deir sé sin faoin tír ná faoin lucht círéibe.”

Luaigh Younge an rud a dúirt Maya Angelou leis agus iad ag caint faoi 9/11.

Dúirt sí nach bhfuil cleachtadh ag an gcine geal a bheith “beo faoi sceimhle” cé go raibh an cine dubh beo faoi sceimhle i Meiriceá le 400 bliain.

“Tá go fóill,” arsa Younge, agus é den tuairim go maireann an sceimhle “sa dóigh a gcaitheann tú i gcónaí a bheith ar d’airdeall go dtiocfadh leis an anbhás tarlú bomaite ar bith, áit ar bith”.

Agus é ag déanamh taighde dá leabhar, A Day in the Death of America, a thiocfaidh amach an mhí seo chugainn, rinne Younge iniúchadh ar mharú páistí agus déagóirí in aon lá amháin.

Maraítear seachtar déagóirí ar an meán gach lá i Meiriceá – ní póilíní amháin a mharaíonn iad, is éigean a rá – ach ar an lá áirithe seo maraíodh deichniúr, seachtar dubh, beirt Latino agus déagóir geal amháin.

Deir sé gurb é an dúshlán ba mhó a bhíonn ag tuismitheoirí grámhara, dubha ná a bpáistí a choinneáil beo agus glan ar an phríosún.

Nuair a tharlaíonn dúnmharuithe in áiteanna ar nós pictiúrlanna, ollscoileanna nó in ionaid siopadóireachta, áiteanna nár cheart do dhaoine óga bheith ag fáil bháis, bíonn uafás ar an phobal. Nuair a tharlaíonn a leithéid i gceantair bhochta dhubha ní thugtar aon aird ar an uafás.

Luaigh Younge fíricí eile.

“Tá a fhios againn go scaoileann na póilíní le duine dubh gach 24 bomaite. Tá a fhios againn gur mó seans  go scaoilfidh na póilíní páiste dubh ná páiste geal. Tá a fhios againn go rachaidh gasúr dubh as gach triúr a tháinig ar an saol in 2000 go príosún.

“Tá a fhios againn nach mbaineann daoine dubha níos má úsáid as drugaí ná mar a bhaineann daoine geala ach gur mó an seans go rachaidh siad go príosún as siocair coiriúlacht drugaí. Tá a fhios againn go bhfuil an t-ionchas saoil i measc na bhfear dubh in Washington DC níos lú ná mar atá an t-ionchas saoil i Stráice Gaza.”

Seo na cúinsí a bhfuil Black Lives Matter ag tabhairt aghaidh orthu. Chruthaigh mná dubha an ‘meme’ i ndiaidh mharú Trayvon Martin agus cuireadh borradh faoi i ndiaidh mharú Michael Brown ach ní gnátheagraíocht í BLM sa mhéid is go bhfuil sí á reáchtáil ar líne.

“Is eagraíocht de chuid an 21ú haois í BLM,” arsa Younge. “Má théann tú go Chicago nó go Nua-Eabhrac, ní bhfaighidh tú oifigí BLM ansin. Níl struchtúr eagraíochtúil ann, tá sé measartha scoite, scaoilte agus sin ceann de na buanna atá aige agus ceann de na laigí atá ann chomh maith.

“Ach tá sé i bhfad níos cuimsithí ná, mar shampla, Cumann na gCeart Sibhialta i Meiriceá. Bhí mná páirteach ansin ach ba bheag duine acu a raibh ról lárnach aici. Le BLM, is iad na mná atá chun cinn agus tá tacaíocht láidir aige ón phobal aerach, ó Mheiriceánaigh dhúchasacha, ó Mheiriceánaigh Áiseacha agus ó ghrúpaí eile.”

Mar sin féin, measann Younge go bhfuil dúshláin ann maidir leis an gcomhghuaillíocht a thógáil le go mbeadh ciall níos leithne leis an téarma Black Lives Matter.

“D’fhéadfaí Black Deaths Matter a thabhairt air cionn is gur eascair sé as marú fir dhubha. Ar na dúshláin atá roimhe, tá ceisteanna a bhaineann le pá íseal, le hoideachas agus le cúrsaí sláinte, mar tá an ciníochas Meiriceánach níos leithne ná póilíní ag marú daoine. Sin an léiriú is suntasaí agus is brúidiúla den fhoréigean sóisialta agus eacnamaíochta a mharaíonn daoine fosta ach ar bhealach i bhfad níos fadálaí.

“Na fir dhubha sin in DC a bhfuil a n-ionchas saoil níos lú ná mar atá sé i Stráice Gaza, níl siad á scaoileadh, tá siad ag fáil bháis cionn is go bhfuil cúram sláinte millteanach costasach, toisc go bhfuil droch-oideachas á fháil acu agus toisc go bhfuil caighdeán maireachtála uafásach acu.

“Sin an dúshlán is mó atá roimh Black Lives Matters. Tá i bhfad níos mó i gceist ná póilíní ag scaoileadh fir dhubha,” ar sé.