Bíonn tú ag breathnú ar ‘Exposé’ agus ‘Cake Boss’! Bím agus ní náir liom é a rá leat!

Caitear an oiread sin ama i rith an lae i mbun dualgas éagsúil, tá sé go maith duit ruainnín seafóide a bheith agat, bíodh sé sin ar an teilifís agat nó ar bhealach éicint eile

Bíonn tú ag breathnú ar ‘Exposé’ agus ‘Cake Boss’! Bím agus ní náir liom é a rá leat!

Cuireann sé iontas orm an chaoi a mbreathnaítear ort nuair a ‘admhaíonn’ tú go mbíonn tú ag breathnú ar chláracha áirithe ar an teilifís. Nuair a bhí mé ar shaoire máithreachais chaith mé cuid mhaith den am ag breathnú ar What Not To Wear agus Exposé, cláracha faisin agus smididh ar TV3

‘Dháiríre?! Bhí tú ag breathnú ar Exposé??’ a dúirt mo chara nuair a luaigh mé gúna éicint a bhí feicthe agam ar an gclár cúpla lá roimhe sin. ‘Ní cheapfainn go deo go mbeifeá-sa ag breathnú ar an gclár sin,’ a dúirt sí.

Nílim cinnte an raibh sí do mo mholadh nó ag caitheamh anuas orm! Shílfeá le breathnú uirthi gur dhúirt mé go mbínn ag bailiú coileáin bheaga le chéile agus á mbá i mbuicéad.

Níl a fhios agam faoi aon duine eile, ach scaití, nuair a bhíonn mé ag breathnú ar an teilifís níl uaim dháiríre ach rud éicint atá deas éadrom agus barrúil, más féidir. Caitear an oiread sin ama i rith an lae i mbun dualgas éagsúil, ceapaim go bhfuil sé go maith dhuit ruainnín seafóide a bheith agat, bíodh sé sin ar an teilifís agat nó ar bhealach éicint eile.

Is dócha gurb in an fáth go mbínn ag breathnú ar Cake Boss. Tá an iomarca dhó feicthe anois agam is ní bhím ag breathnú air go rialta níos mó, ach chaithfeá leathuair fhánach leis.

Don té nach bhfuil simplíocht is áilleacht Cake Boss ar eolas acu, tabharfaidh mé míniú beag air.

Tá an clár suite i mbácús atá á rith ag teaghlach de chúlra Iodálach Meiriceánach agus is é an bunús atá le chuile chlár ná ceist aonair amháin: an éireoidh leo an cáca milis a dhéanamh in am don chóisir? Chaithfeá meas a bheith agat ar dhaoine atá in ann sraith leanúnach idirnáisiúnta a bhunú ar an gceist shimplí amháin sin.

Tá siad dúghafa le cácaí milse agus le reoán fondant, ach go háirithe. An speisialtacht atá acu ná cácaí milse ar a bhfuil maisiúcháin chliste. Mar shampla, nuair a bhí lá breithe ag an adhlacóir ban, chuir a fear céile fios ar cháca milis a bhí cosúil le heileatram mór bándearg. Níorbh é sin an cáca ab aistí a bhí acu ach an oiread.

Is beag deis a fhaigheann aon duine againn an teilifís a bheith againn dúinn féin agus is dócha gur maith an rud é sin, dháiríre. Tá ruainne Cake Boss, Exposé Wimbledon togha, ach níl aon mhaith duit uaireanta agus uaireanta an chloig a chaitheamh ag breathnú orthu. Cabhraíonn sé go mór mar sin nuair atá tú in iomaíocht le daoine eile chun seilbh a fháil ar an teilifís, nó go gcaithfidh comhaontú de chineál éicint a bheith ann sula roghnaítear clár.

Is maith ann daonlathas de chineál éicint a bheith ag baint le roghanna teilifíse. Dá gcuirfeá ceist ormsa maidir le haon rud a bhaineann le coiriúlacht, marú, dúnmharú, cláracha scéinséara, seans maith nach mbeadh sé feicthe agam – dá mbeadh an rogha fágtha fúm féin.

Cuirtear ceisteanna orm. ‘An bhfaca tú an scéinséir nua sin? Tá sé suite sna sléibhte san Iorua agus tosaíonn sé nuair a bháitear gasúir an bhaile agus ansin tagann an bleachtaire seo anall as Meiriceá, bean, agus tá sí ag iarraidh a dhéanamh amach céard a tharla do na gasúir?’

An gnáthfhreagra a bheidh agam ar cheist mar sin dá mbeadh aon neart agam air, ná ‘Ní fhaca’.

Déanaim mo dhícheall gan breathnú ar aon chlár a thosaíonn le bean/páiste/fear atá maraithe ar bhealach aisteach éicint ná fiú ar bhealach nach bhfuil chomh haisteach sin, bíodh sé suite san Iorua fhéin nó in aon cheann eile de na tíortha Lochlannacha.

Ach, nuair atá daonlathas an zaipire i gceist, scaití breathnóidh tú ar chláracha  nach bpiocfá féin, b’fhéidir. Is dócha gur maith an rud é. Ní mór intinn oscailte a bheith ag duine.

Ó chuimhním anois air, b’fhéidir nach hé an t-aon aidhm amháin atá ag an teilifís tú a chur ag gáire nó ag cuimhneamh ar chácaí milse.

Seans go bhfuil aidhm nó dhó eile léi freisin. Seans.