Bíonn an ‘tsúil eile’ ina cabhair, ach ní gá don scríbhneoir bheith ina dhíthreabhach

Le linn a shaoil ar fad ba ‘dhuine ón taobh amuigh’ a bhí in William Trevor, a fuair bás an tseachtain seo. Ach an gá go seasfadh scríbhneoir lasmuigh den tsochaí a bhíonn faoi chaibidil aige?

Bíonn an ‘tsúil eile’ ina cabhair, ach ní gá don scríbhneoir bheith ina dhíthreabhach

D’imigh duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann, William Trevor, ar shlí na fírinne le gairid, suaimhneas síoraí dá anam. I gcuid mhaith den chur síos a rinneadh ar a shaol agus ar a shaothar le seachtain anuas, tugadh tús áite do ghné áirithe a bhain lena shaol: gur duine ón taobh amuigh a bhí ann sa dá áit a raibh cónaí air le linn a shaoil – Protastúnach a bhí ann in Éirinn, Éireannach a bhí ann i Sasana.

Más fíor don tráchtaireacht air, chreid Trevor féin gur cheart gur ‘duine ón taobh amuigh’ a bheadh i scríbhneoir ar bith; chreid sé nach bhféadfadh an scríbhneoir a bheith mar chuid den tsochaí toisc gur ar an tsochaí ba cheart dó a bheith ag breathnú – ón taobh amuigh.

Chaith mé an chuid is mó de sheachtain ag machnamh faoin dearcadh sin; ag deireadh an lae, baineann gné an ‘duine ón taobh amuigh’ go láidir le mo chás féin mar scríbhneoir. An gá go seasfadh duine amach as a shochaí féin le go mbeadh sé ina scríbhneoir? Ní dóigh liom gur gá.

Rith sé liom gur dlúthchuid dá bpobal féin iad cuid de na scríbhneoirí Gaeltachta is fearr – Joe Steve Ó Neachtain, Micheál Ó Conghaile, Darach Ó Scolaí, gan ach triúr a lua.

Sin ráite, ní haon dochar do scríbhneoir tréimhse a chaitheamh taobh amuigh den áit a mbeadh sé ar intinn aige a bheith ag scríobh faoi. Nuair a fhillfeas sé, tabharfaidh sé rudaí faoi deara faoin áit nach dtabharfadh go brách dá bhfanfadh sé ann. Beidh ‘súil eile’ aige. 

Seift é seo a bhfuil dúil mhór inti ag scríbhneoirí óga Meiriceánacha go háirithe: bliain a chaitheamh i bPrág nó i bPáras chun achar tíreolaíoch agus ama a chur idir iad féin agus a dtír dhúchais, fad is a bhíonn siad i mbun oibre ar an gCéad Mhórúrscéal Meiriceánach Eile (an chaoi a bhfuil cúrsaí sna Stáit Aontaithe faoi láthair, cheapfainn gur i méid a bheidh a líon ag dul).

Cuimhním go dtí an lá atá inniu ann ar fhear óg as Austin, Texas a chaith an chuid is mó de bhliain ag an mbord céanna sa chaifé a bhíodh agam i nGaillimh tráth den saol, agus a raibh an dúshlán seo tugtha dó féin aige: úrscéal a scríobh laistigh de bhliain, nó éirí as an mbrionglóid liteartha agus post ceart a lorg. Níl a fhios agam ar éirigh leis, agus ar eagla na díomá tá drogall orm a ainm a chuardach ar an idirlíon; bhí sé de bhéasa aige dhá latte a ól agus bord á thógáil suas aige ar feadh na maidine, bail ó Dhia air.

Ach táim imithe ar seachrán.

Is fíor go mbíonn an ‘tsúil eile’ ina cabhair, agus bhainfeadh scríbhneoir ar bith leas as tréimhse nó tréimhsí lasmuigh den áit a bhíonn faoi chaibidil aige.

Ach ní dóigh liom gur gá don scríbhneoir díthreabhach a dhéanamh de féin.

A mhalairt!

Is é an chaoi go mbaineann chuile scríbhneoir le treibh – treibh a dhúchais, treibh altrama, nó go deimhin treibh a chruthaigh sé féin. Creidim go láidir go bhfuil freagracht ar an scríbhneoir i leith na treibhe (nó i leith na dtreibheanna) sin – agus is é sin dul amach agus scéalta a lorg. Is cuma cén áit a mbíonn cónaí air – timpeall an chúinne nó ar an taobh eile den domhan – fad is a fhilleann sé ar thine an champa ó am go chéile chun scéal maith a insint.

Is cinnte gur inis William Trevor neart dúinn, agus tá a threibh léitheoirí faoi chomaoin mhór aige as an léargas a thug sé dúinn.